FÓGRAÍTEAR ARDMHOLTÓIR NUA AGUS LÁITHREOIR NUA AR DANCING WITH THE STARS
Beidh Dancing with the Stars ar ais ar RTÉ i mí Eanáir 2026
Thug RTÉ le fios inniu cé a bheidh ina hArd-Mholtóir agus cé a bheidh i mbun láithreoireachta ar an naoú sraith den chlár mór ráchairte Dancing with the Stars.
Is í Oti Mabuse an tArd-Mholtóir nua i halla an damhsa don séasúr seo romhainn agus beidh Brian Redmond, Arthur Gourounlian agus Karen Byrne ag moltóireacht in éineacht léi. Beidh tuairim an tsaineolaí agus súil ghéar an damhsóra gairmiúil ag Oti agus féadann an lucht féachana a bheith ag tnúth le seó faisin ar a stíl féin seachtain i ndiaidh seachtaine.
Deir Oti Mabuse, an tArdmholtóir nua ar Dancing with the Stars, “Cuireann sé sceitimíní orm a bheith ag teacht mar Ard-Mholtóir ar Dancing with the Stars in Éirinn! Is cuid mhór den saol agamsa an damhsa agus is cúis ríméid dom an deis a bheith agam anois ceiliúradh a dhéanamh ar an gcumas iontach agus an díocas iontach atá i muintir na hÉireann. Duine mise a chonaic an dá lá, moltóireacht á dhéanamh orm féin agus mo chéile damhsa i mo dhamhsóir gairmiúil dom ar Strictly agus mé féin ar phainéal na moltóirí ar chláracha éagsúla, agus tuigim go rímhaith an dúthracht, an dua agus an draíocht a bhaineann le gach séirse rince agus chomh tugtha agus atá an uile dhuine don chlár. Bíonn an lucht féachana in Éirinn fáilteach, fial, féiltiúil i gcónaí agus tá a fhios agam cheana féin gur spraoi agus gliondar atá romhainn le chéile. Táim ag tnúth go mór leis an am iontach a bheidh agam leis na moltóirí eile agus is fada liom go sásaítear an dúil atá agam sa damhsa agus, ar ndóigh sa spleodar, leis an seó iontach seo.”
Téann cáil Oti Mabuse i bhfad mar gheall ar a bheith ina damhsóir gairmiúil ar Strictly Come Dancing sa Ríocht Aontaithe – is í a bhuaigh sna blianta 2019 agus 2020 – agus ar Let’s Dance, a leathcheann de chlár sa Ghearmáin. Idir na blianta 2021 agus 2022, bhí Oti ar phainéal an chláir The Masked Dancer agus rinne sí moltóireacht ar Dancing on Ice ó 2022 go dtí 2025. Thug Oti Craobh Damhsa Meiriceánach Laidineach na hAfraice Theas léi ocht n-uaire sular athraigh sí ina cónaí don Ghearmáin le cur lena réimse eolais. Is iomaí duais eile buaite aici lena linn; an tríú háit i gCorn an Domhain don Damhsa Laidineach Saorstíle sa bhliain 2014, an dara háit i gCraobh Damhsa Laidineach na hEorpa sa bhliain 2014 agus an chéad áit i gCraobh Damhsa Laidineach Saorstíle na Gearmáine.
Tiocfaidh Laura Fox in ionad Dhoireann Garrihy an séasúr seo agus is í féin agus Jennifer Zamparelli a chuirfidh an tsraith siamsaíochta a mbíonn oiread ráchairte air i láthair oícheanta Domhnaigh nuair a bhíonn sé ar ais ar an scáileán ar RTÉ One agus RTÉ Player i mí Eanáir 2026.
Tá aithne go fairsing ar Laura Fox óna bheith ina láithreoir ar 2FM, beo ar an aer lena clár féin 2FM Morning with Laura Fox ón 9 r.n. go dí an 12 meán lae ó Luan go hAoine. As Gaillimh ó dhúchas í Laura a chuireann i láthair Ireland’s Fittest Family freisin. Tuigeann Laura céapar an damhsa ó bhí sí féin ina hiomaitheoir ar an seachtú sraith de Dancing with the Stars sa bhliain 2024 nuair a thug sí na cosa an bealach uilig go dtí an Babhta Craoibhe le Denys Samson mar chéile gairmiúil damhsa.
Ag filleadh di féin dá seachtú sraith de Dancing with the Stars, d’fháiltigh Jennifer Zamparelli roimh a comhláithreoir nua.
Deir Laura Fox, “Tá an-ríméad orm a bheith ar ais i seomra an damhsa i mo chomhláithreoir ar Dancing with the Stars i mbliana! Ó mo thréimse féin i m’iomaitheoir ar an gclár, tuigim go díreach a gcuirtear de bhís agus de sceitimíní ar dhaoine, an gliondar agus an dua, an traochadh agus an spraoi, agus is fada liom go mbím páirteach arís ann ar an taobh seo den ardán. Beidh tine ar mo chraiceann go mbím in éineacht le Jen le haghaidh an chraic agus coinneoimid a háit do Dhoireann go mbíonn sise ar ais tar éis a cúram féin a chur di. Tá an seó chomh hiontach spéisiúil sin dom agus is breá liom an cúrsa a thabhairt timpeall an bealach ar fad. Gach ní ag glioscarnach, gach duine gliondarach.”
Deir Alan Tyler, Ceannasaí Grúpa RTÉ maidir le Siamsaíocht agus Ceol, “Tá clú ar Oti i halla an damhsa agus níos faide ó bhaile agus is breá linn fáilte a chur roimpi ina hArd-Mholtóir ar Dancing with the Stars. Ní hé amháin go gcoinneoidh sí na hiomaitheoirí ag faire gach cor dá gcuireann siad díobh, lena cuid saineolais, a cuid díocais agus an fonn iontach damhsa a spreagfaidh sí; cinnteoidh sí freisin go mbíonn an-spraoi acu i rith an phróisis. Ar ndóigh, aireoimid uilig Doireann uainn i mbliana ach ciallaíonn Laura Fox, iar-iomaitheoir agus láithreoir sárchumasach, a bheith ag teacht ina hionad nach mbainfear oiread is truisle as an seó. Is breá linn séasúr nua de ‘Dancing with the Stars’ a chur ar siúl don lucht féachana agus is iomaí scéal le theacht go fóill.”
Sa tsraith seo ar RTÉ, cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 12 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó Salsa mar shampla, agus ní bhíonn acu as seacht lá le snas a chur ar damhsa sula mbíonn orthu a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad.
Déanann painéal ceathrar moltóirí saineolais, agus an lucht féachana sa bhaile, gach dreas damhsa a mharcáil agus tugann an cúpla buacach an liathróid thrilseach leo ag deireadh na sraithe a shantaíonn siad ar fad.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.