Sraith Díospóireachtaí fógartha ag RTÉ mar chuid dá chur i láthair ar Thoghchán na hUachtaránachta
Sraith Díospóireachtaí fógartha ag RTÉ mar chuid dá chur i láthair ar Thoghchán na hUachtaránachta
· Príomhdhíospóireachtaí Uachtaránachta chun cabhrú le vótálaithe cinneadh a dhéanamh
· Beidh an Chéad Díospóireacht ann Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
Déanfaidh RTÉ craoladh cuimsitheach ar fheachtas thoghchán na hUachtaránachta 2025 a bheidh ar fáil ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.
Sna trí seachtaine amach romhainn, déanfaidh RTÉ réimse leathan díospóireachtaí a óstáil ar ardáin fuaime agus físe chun deis a thabhairt don lucht spéise eolas a fháil ar theachtaireachtaí toghchánaíochta gach iarrthóra, roimh lá na vótála, Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair.
Cuirfear tús leis an Domhnach beag seo ar This Week in Politics áit a mbeidh na Teachtaí Catherine Connolly, Jim Gavin agus Heather Humphreys in éindí le Áine Lawlor beo sa stiúideo chun díospóireacht a dhéanamh ar na ceisteanna atá os comhair 10ú Uachtarán na hÉireann. Beidh an clár á chraoladh beo ar RTÉ One ag a 12 meán lae agus arís ag 11.10pm an oíche sin.
Thug na cláracha mórshuntasacha ar fad ar RTÉ Radio 1, Drivetime, This Week agus Morning Ireland, cuireadh do gach iarrthóir páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí beo ar aer ón 7 – 19 Deireadh Fómhair agus an feachtas ag dul chun cinn chun an chéad Uachtarán eile ar Éirinn a thoghadh.
Ar RTÉ Prime Time a bheidh mórdhíospóireacht dheireanach an fheachtais Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair, trí lá sula rachaidh an tír ag vótáil. Cuirfidh na craoltóirí Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney ceisteanna tábhachtacha de réir mar a fhéachann na vótálaithe le cinneadh a dhéanamh faoin té a thoghfar. Déanfaidh an fhoireann podchraoltóireachta Behind the Story clár speisialta ar chúl stáitse a thaifeadadh an oíche sin chomh maith.
Cuirfidh RTÉ.ie, an aip RTÉ News agus cuntais meán sóisialta RTÉ an scéala is déanaí ar fáil i bhfíoram mar aon le físeáin de bhuaicphointí na ndíospóireachtaí i mblaganna beo agus beidh saineolaithe na foirne polaitíochta i mbun anailíse ina dhiaidh sin.
Beifear in ann díospóireachtaí RTÉ ar fad a shruthú beo ar fud an domhain ar an RTÉ Player agus an RTÉ Radio Player.
Mar chuid de chlúdach cuimsitheach RTÉ ar an bhfeachtas toghchánaíochta, craolfar raon agallaimh duine-le-duine leis na hiarrthóirí ar mhórchláracha nuachta agus cúrsaí reatha Six One News, Today with Claire Byrne agus News at One with Rachael English, chomh maith le craoltaí agus tuairiscí i mbailte agus i gcathracha feadh an fheachtais toghchánaíochta chun tuairimí an lucht vótála ar an talamh a fháil.
Ina theannta sin, beidh sraith nua trí chlár, The Katie Hannon Big Interview Live, ina bhféachfar go domhain ar gach iarrthóir atá ag seasamh don uachtaránacht ag 7pm ar RTÉ One agus an RTÉ Player.
Déanfar tuairisciú agus anailísiú ar fud na teilifíse, an raidió agus ar líne, i mBéarla agus i nGaeilge, agus coinneoidh RTÉ an lucht féachana ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí agus faoi na príomhcheisteanna a bhaineann le Toghchán Uachtaránachta 2025, rud a chabhróidh leis an bpobal rogha eolasach a dhéanamh ar lá na vótála.
CRÍOCH