Tráchtaireacht chuimsitheach ar RTÉ ar Bhuiséad 2026 ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne
Beidh tráchtaireacht chuimsitheach ar Bhuiséad 2026 á chur ar fáil ag RTÉ ar líne, ar an raidió agus ar an teilifís Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair le tuairiscíocht leitheadach agus tuairimí i mBéarla agus i nGaeilge. Ó thús na maidine, déanfaidh RTÉ News mionchraoladh ar Bhuiséad 2026 ar líne agus ar chainéil meán sóisialta RTÉ News. Craolfar aitheasc an Aire Airgeadais agus aitheasc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ina bhfógrófar Buiséad 2026, beo as Dáil Éireann ar RTÉ Radio 1, RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ News Channel agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cuirfidh Sharon Ní Bheoláin agus David McCullagh craoladh beo na n-aitheasc as Dáil Éireann i láthair ar chlár speisialta de chuid RTÉ Budget 2026 a thosóidh ag 12.40 i.n. ar RTÉ One agus RTÉ News Channel. Beidh ábhar cuimsitheach tuairimíochta agus anailíse san áireamh ar an gclár sin faoi phleananna an Rialtais maidir le cúrsaí cánachais, tithíochta, sláinte agus bearta eile faoin mbuiséad.
A luaithe a bhíonn tús le gnóthaí sa Dáil, beidh blag beo ar RTÉ.ie/news agus ar aip RTÉ News ina luafar na tuairiscí is deireanaí maidir le Buiséad 2026, le príomhimeachtaí an lae le feiceáil ar ábhar físeáin a sheolfar ar fud ardáin digiteacha uile nuacht RTÉ. Tabharfar léargas cuimsitheach forghinearálta don lucht féachana ar ‘Budget 2026 at a glance’, míniú ar líne RTÉ News ar a bhfuil sa phlean airgeadais, agus beidh baill foirne eile agus comhfhreagraithe speisialta ag cur lón sainiúil anailíse ar fáil faoina dtiocfaidh i gceist in earnálacha éagsúla de thoradh ar an mbuiséad. Amach sa lá, beidh próifílí ar theaghlaigh de chineálacha éagsúla mar chuid den tráchtaireacht ar líne ag RTÉ ar an mbuiséad le briseadh síos ar na bealaí ina dtiocfaidh an buiséad i bhfeidhm ar theaghlaigh éagsúla ar fud na tíre. Beidh sruthanna beo ar fáil de chlúdach teilifíse agus raidió RTÉ d’úsáideoirí ar fud an domhain tríd an aip RTÉ News, ar an RTÉ Player agus ar an RTÉ Radio Player.
Tarlóidh craoladh RTÉ Radio 1 ar aithisc an Bhuiséid ar leagan speisialta de News at One with Rachael English a leanfaidh ón 12.45 i.n. go dtí 3.30 i.n. Cuirfidh Rachael English ábhar tuairimí agus anailíse faoin bplean airgeadais i láthair díreach i ndiaidh na n-aitheasc. Ag 4.30 i.n., craolfar clár speisialta de Drivetime dírithe ar an mbuiséad, arna chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra agus Claire Brock, ina ndéanfar cíoradh ar na príomhphointí cainte a eascraíonn ó fhógairt an Bhuiséid chomh maith le hagallamh le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ón 10 i.n., craolfar The Late Debate arna chur i láthair ag Colm Ó Mongáin beo as óstán Buswells Hotel in aice le Tithe an Oireachtais agus beidh polaiteoirí agus saineolaithe eile ar an bpainéal a phléifidh gnéithe de Bhuiséad 2026 go mion.
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta tráchtaireacht ar fáil ar Bhuiséad 2026 i nGaeilge ar Lá na Cáinaisnéise agus ar Tús Áite. Déanfar anailís ar na himpleachtaí agus ar na drochiarmhairtí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na cinntí a fhógrófar sa Bhuiséad agus gheofar tuairimí ó ionadaithe poiblí i leith na gcinntí sin sa dá chlár. Beidh Lá na Cáinaisnéise, maidir le Buiséad 2026 á chraoladh beo as Teach Laighean ón 1.30 i.n. le Máirín Ní Ghadhra á chur i láthair. Beidh ábhar anailíse á dhéanamh ag painéal saineolaithe: Deirdre Ní Mhaoláin, comhairleoir cánach, Áine Ní Chiaráin, iriseoir, Ciarán Mac an Bhaird, Ceannasaí Fhiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Cathrach Bhaile Átha Cliath, Seán Ó Riain, Ollamh le Socheolaíocht in Ollscoil Mhá Nuad agus Cuan Ó Seireadáin, Tuairisceoir Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Leanfar leis an gclúdach ón 5pm ar an gclár, Tús Áite, a bheidh á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil beo ó Theach Laighean. Ar an bpainéal in éineacht leisean, beidh Seán Byrne, Emer Ní Bhrádaigh, Ollamh Cúnta in Ollscoil Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge. Cuirfear i láthair na bearta nua faoi Bhuiséad 2026 ar Nuacht RTÉ le TG4 ag 5.45 i.n. ar RTÉ One chomh maith le tuairimí shaineolaithe agus lucht an fhreasúra. Tabharfar achoimre ar na príomhphointí díospóireachta a tharraingíonn Buiséad 2026 ar eagrán speisialta de phodchraoladh RTÉ News Behind the Story Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair.
Beidh tuairiscí maidir leis na bearta móra ar fad a fhógraítear i mBuiséad 2026 ar eagrán fada de Six One News, arna chur i láthair ag David McCullagh agus Sharon Tobin, chomh maith le hanailís arna dhéanamh ag comhfhreagraithe RTÉ agus agallaimh beo le Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, agus daoine eile.
Tabharfaidh Sharon Ní Bheoláin an scéal is deireanaí faoi thuairimí maidir leis na bearta airgeadais faoin mBuiséad ar an Nine O’Clock News. Ar Prime Time, pléifidh Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney na ceisteanna is tábhachtaí a eascraíonn ón mBuiséad leis an Aire Airgeadais Paschal Donohue agus le hurlabhraí Shinn Féin faoi chúrsaí airgeadais, Pearse Doherty. Cuirfidh daoine den phobal a gcuid tuairimí in iúl agus beidh anailís ar fáil ó shaineolaithe de chuid KPMG agus eile.
Leanfar den anailís ar Morning Ireland maidin Dé Céadaoin le hiniúchadh ar na príomhphointí agus tuairimí ó pháirtithe an lucht freasúra ar RTÉ Radio 1 agus an RTÉ News Channel. Ina dhiaidh sin, ag 10 r.n., fáilteoidh Claire Byrne isteach sa stiúideo roimh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, don chlár bliantúil speisialta de cheisteanna ar an fón faoin mBuiséad. Mar a tharlaíonn i gcónaí, tabharfar cuireadh don lucht éisteachta an chláir Today with Claire Byrne a gcuid ceisteanna faoi Bhuiséad 2026 a chur go díreach chuig na hAirí.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie