Sraith Nua Podchraoltaí ina n-insítear scéal lánúine ar gearradh príosún orthu in Éirinn as cion nár tharla riamh
Sraith Nua Podchraoltaí ina n-insítear scéal lánúine ar gearradh príosún orthu in Éirinn as cion nár tharla riamh
ó RTÉ Documentary on One agus RTÉ Investigates
First Conviction
– Arna aithris ag Ruth Negga
Feicfear an fhoireann RTÉ Documentary on One a bhfuil gradam buaite aici, agus an t-aonad RTÉ Investigates mór le rá ag teacht le chéile den chéad uair chun First Conviction a léiriú, sraith podchraoltaí sé chlár agus clár faisnéise teilifíse, ina n-inseofar scéal iontach faoi lánúin ar gearradh tréimhse príosúnachta orthu as cion nár tharla riamh.
Cuireadh coir in aghaidh a n-iníne i leith lánúine in 2016 agus tugadh os comhair na cúirte iad, sa chéad trial dá leithéid, as coir a d’áitigh siad nár tharla ar chor ar bith. Fuarthas ciontach iad, cuireadh sa phríosún iad, agus thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cúl don chás ina dhiaidh sin. Anois agus iad ag tabhairt aghaidh ar chumhacht an Stáit, leanfaidh an lánúin ag troid ar son an cheartais sna cúirteanna.
Chaith foireann RTÉ os cionn bliana ag cur agallaimh ar an lánúin i gcroílár an scéil seo agus labhair siad le foirne agus saineolaithe dlí chun tuiscint iomlán a fháil ar an méid a ndeachaigh an teaghlach seo tríd ar feadh beagnach 10 mbliana.
Tá an chéad dá chlár den phodchraoladh nua ríspéisiúil seo ar fáil ar na hardáin phodchraoltóireachta ar fad anois agus beidh cláir nua ar fáil gach seachtain. Craolfar an tsraith seo freisin ar RTÉ Radio 1 ag 6.30pm gach Céadaoin, ag tosú an 8 Deireadh Fómhair, arna aithris ag Ruth Negga, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar. Nuair a chuirfear críoch ar an tsraith podchraoltaí sé chlár, léireofar i gclár faisnéise nua le foireann RTÉ Investigates na hiarmhairtí móra a bhí ag an gcás agus an chaoi ar éirigh leis an gcóras a bheith chomh míchruinn sin an 12 Samhain ar RTÉ One agus an RTÉ Player.
Insítear scéal faoi theaghlach a bhfuil sé curtha i leith na dtuismitheoirí go ndearna siad dochar tromchúiseach dá leanbh. Mhínigh siad an chaoi ar tharla an gortú dá n-iníon ón tús, ach tar éis dóibh a leanbh a thabhairt chuig an ospidéal, ní raibh an fhoireann leighis den tuairim chéanna. Tarraingítear gníomhaireachtaí stáit isteach sa scéal agus sa deireadh cúisíonn na Gardaí an lánúin in 2017 i gcionta éagsúla, mí-úsáid leanaí san áireamh.
Bhí siad os cionn trí bliana ag feitheamh lena dtriail, agus iad ag iarraidh gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu idir an dá linn. D’áitigh siad i gcaitheamh an ama nach raibh siad ciontach, ach d’airigh siad go raibh gach duine ag dul ina n-aghaidh, a bpobal féin ina measc. Nuair a tháinig an cás os comhair na cúirte, ciontaíodh an bheirt in 2019, rud a cheap siad nach dtarlódh go deo. Scaip scéal a gciontaithe agus bhí sé sna ceannlínte i ngach áit. Cuireadh an bheirt i bpríosún in áiteanna éagsúla in Éirinn agus cuireadh a bpáistí faoi chúram gaolta, le faireachán ó eagraíochtaí stáit.
Thosaigh an lánúin ag déanamh achomhairc fad is bhí siad sa phríosún ach bhí an dul chun cinn an-mhall. Chaith siad níos mó ná dhá bhliain i bpríosún sular éisteadh lena gcás achomhairc – ag an bpointe sin chinn an breitheamh a gciontuithe a bheith neamhfhónta.
Scaoileadh amach ar bannaí iad agus ordaíodh triail nua. Nuair a tugadh an teaghlach le chéile arís, níor aithin na leanaí óga a máthair ná a n-athair.
Sna cúpla bliain ina dhiaidh sin, bhí go leor éisteachtaí cúirte, an dara triail gan chonclúid, agus lean an lánúin ag rá nár ghortaigh siad a leanbh riamh ar feadh an ama. Ansin nuair a tháinig fianaise liachta ó shaineolaithe chun cinn ag tacú le scéal na lánúine, shocraigh an stát gach cúiseamh ina n-aghaidh a tharraingt siar. D’iontráil an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nolle prosequi – rud a chiallaíonn nach bhfuil sé ag coinneáil leis an ionchúiseamh, agus cé go ndeir siad nach dtarlóidh aon rud eile, tá an teaghlach fágtha idir dhá cheann na meá i gcúrsaí dlí ó shin.
Ach tá níos mó ag teastáil ón lánúin – tá siad fós os comhair na cúirte in Éirinn inniu, ag troid chun a n-ainmneacha a ghlanadh go hoifigiúil agus deimhnithe ar iomrall ceartais a fháil faoi dheireadh. Is ansin, agus ansin amháin, a deir siad a inseoidh siad dá leanaí gach ar tharla dóibh – agus go raibh siad iomlán neamhchiontach an t-am ar fad.
Éist le First Conviction le RTÉ Documentary on One agus RTÉ Investigates: www.rte.ie/podcast
-CRÍOCH-