Craolfar The Katie Hannon Interview Live beo anocht agus oíche Dé Céadaoin ag 7pm
Mar chuid de chlúdach cuimsitheach RTÉ ar an bhfeachtas toghchánaíochta, beidh an t-iriseoir Katie Hannon ag caint le gach iarrthóir atá ag seasamh don uachtaránacht in agallamh beo teilifíse duine le duine an tseachtain seo.
Craolfar an tsraith nua dhá chlár seo, The Katie Hannon Interview Live, ag 7pm anocht (Dé Luain an 13 Deireadh Fómhair) agus Dé Céadaoin an 15 Deireadh Fómhair ar RTÉ One agus an RTÉ Player.
Gheobhaidh Katie léargas dlúth agus pearsanta ar an mbeirt atá ag súil le bheith ina nUachtarán, Heather Humphreys agus Catherine Connolly. Beidh an dá iarrthóir beo sa stiúideo ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna in agallaimh aonair agus Katie ag díriú isteach ar shaincheisteanna an fheachtais.
Le linn an dá chlár leathuaire, déanfaidh Katie iniúchadh ar thaifead an dá iarrthóra, ar an bhfís agus ar na luachanna atá acu, chun cabhrú le vótálaithe cinneadh a dhéanamh faoin té a dtabharfaidh siad a vóta dóibh. Agus an troid don Áras faoi lán seoil anois, tabharfaidh na hagallaimh seo léargas cuimsitheach do vótálaithe ar a rogha ar lá na vótála.
Ag labhairt di roimh na hagallaimh, is éard a dúirt Katie Hannon: “Ní tharlaíonn toghcháin an uachtaráin go minic, mar sin is mór an phribhléid dom a bheith in ann an t-aon dian-agallamh duine le duine a dhéanamh leis na hiarrthóirí ar theilifís RTÉ. Tá a fhios againn ó staidéir thoghchánaíochta nach ndéanann an chuid is mó de vótálaithe cinneadh faoin té a dtabharfaidh siad vóta dóibh go dtí an tseachtain dheireanach den fheachtas toghchánaíochta, mar sin is é seo an t-am is fearr leis na hiarrthóirí a thástáil chun cabhrú leis an lucht féachana cinneadh a dhéanamh faoin té a bheidh ina 10ú hUachtarán ar Éirinn.”
Cuirfidh Katie Hannon an t-iarrthóir Fine Gael, Heather Humphreys, faoi agallamh anocht. Craolfar an t-agallamh leis an iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, beo oíche Dé Céadaoin.
Féach ar The Katie Hannon Interview Live anocht ag 7pm ar RTÉ One agus an RTÉ Player agus ar an gCéadaoin an 15 Deireadh Fómhair ag 7pm.
CRÍOCH