Féach ar dtús ar an dráma-comedy nua RTÉ, These Sacred Vows
Beidh Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell agus Jason O’Mara sa tsraith nua seo a chraolfar in 2026 agus tá na chéad íomhánna ón tsraith foilsithe inniu
Tá na chéad íomhánna foilsithe ag RTÉ inniu den tsraith nua drámaíochta grinn These Sacred Vows. An scríbhneoir scáileáin Éireannach a bhfuil gradam buaite aige, John Butler, a scríobh agus a stiúir an tsraith agus is iad Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell agus Jason O’Mara na príomhaisteoirí. Taispeánfar ar RTÉ One agus an RTÉ Player den chéad uair é an chéad bhliain eile.
Cuirtear tús leis an tsraith These Sacred Vows an mhaidin tar éis bainis Éireannach ar oileán amach ón Spáinn, nuair a aimsítear corp sagairt ar a bhéal faoi sa linn snámha i villa na gcuairteoirí óga. Thar sé chlár, féachtar siar ar eachtraí tábhachtacha a tharla le linn na seachtaine fiáine sin, le gach ceann de na heachtraí á dtaispeáint ó dhearcadh carachtair dhifriúil.
Faightear blaisín den chlár, a ndearnadh taifeadadh air ar an láthair in Tenerife níos luaithe i mbliana, ó ghrianghraif an lae inniu agus ar an gcliar aisteoirí Éireannacha den scoth, ina measc Tom Vaughan-Lawlor i bpáirt an Athar Vincent, Justine Mitchell i bpáirt Sandra, máthair na brídeoige, Jason O’Mara i bpáirt Jerry, athair na brídeoige, agus India Mullen i bpáirt Ava, aoi bainise. I measc na cléire freisin tá Adam John Richardson, Tom Hanson, Aoife Hinds, Shane Daniel Byrne, Catherine Bohart agus go leor eile.
Is iad David Crean, Ceannasaí Drámaíochta RTÉ agus Dermot Horan, Stiúrthóir Éadálacha agus Comhléirithe RTÉ, na Léiritheoirí Feidhmiúcháin ar These Sacred Vows do RTÉ; Rob Walpole agus Rebecca O’Flanagan na Léiritheoirí Feidhmiúcháin le haghaidh Treasure Entertainment; Cathy Payne agus Simon Cox na Léiritheoirí Feidhmiúcháin do Banijay Rights agus is í Kate McColgan Léiritheoir Feidhmiúcháin Fís Éireann.
Tá These Sacred Vows ar cheann de naoi léiriúchán drámaíochta do RTÉ a ndearnadh taifeadadh orthu i mbliana chun 142 uair an chloig de scéalaíocht ar ardchaighdeán de bhunadh na hÉireann a chur ar scáileáin ar fud na tíre. Tá na sraitheanna seo mar chuid de thiomantas RTÉ do dhrámaíocht áitiúil den scoth.
-CRÍOCH-
Eisithe: Dé Céadaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2025
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sarah Neville, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ, sarah.neville@rte.ie
Is féidir íomhánna a íoslódáil anseo: Na chéad ghrianghraif – These Sacred Vows
Nótaí don eagarthóir:
Maidir le RTÉ
Féachann craoltóir náisiúnta teilifíse agus raidió na hÉireann, Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) le cur le saol na hÉireann le hábhar ar an teilifís, ar an raidió agus ar an idirlíon atá ina lón machnaimh, foghlama agus siamsaíochta; a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht shaibhir na tíre, agus a chothaíonn tallann de chuid na tíre seo. Seoladh é in 1961 agus is ceann de na craoltóirí seirbhíse poiblí is sine ar domhan é atá ag obair go leanúnach. Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú RTÉ agus tá an líonra reatha comhdhéanta de cheithre phríomhchainéal teilifíse – RTÉ One, RTÉ2, RTÉjr agus RTÉ News – chomh maith le roinnt stáisiúin raidió FM agus roinnt seirbhísí raidió digiteacha. Bíonn seirbhísí ar líne á bhfeidhmiú ag an gcraoltóir freisin, lena n-áirítear an tseirbhís sruthaithe RTÉ Player agus suíomh idirlín agus aip nuachta.
Treasure Entertainment
Is é Treasure Entertainment ceann de na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha is mó in Éirinn, agus tá dea-theist acu maidir le scannáin agus cláir teilifíse a léiriú a bhfuil rathúnas tráchtála agus moladh faighte ó lucht léirmheasa acu do lucht féachana na hÉireann agus lucht féachana idirnáisiúnta. I measc na scannán mór le rá atá luaite leo tá na príomhscannáin le John Butler – Papi Chulo, Handsome Devil agus The Stag, Viva le Paddy Breathnach a gearrliostaíodh do ghradam Oscar, Good Vibrations a ainmníodh do BAFTA, agus an príomhscannán Flora and Son ó John Carney mar aon le Power Ballad atá le teacht. Maidir leis an teilifís, tá roinnt sraitheanna mór le rá léirithe acu, lena n-áirítear Smother, Finding Joy agus an seó sceitse Your Bad Self.
Banijay Rights
Is príomhdháileoir domhanda é Banijay Rights a dhéanann ionadaíocht ar phunann ilseánra den chéad scoth le hos cionn 205,000 uair an chloig de chláir iontacha. Is iad a bhainistíonn dáileadh ábhar ar fad Banijay Entertainment, agus baineann an rannóg go speisialta le brandaí scriptithe agus neamhscriptithe a shaothrú do chraoltóirí ar fud an domhain.
Léiríonn Banijay Rights caighdeán ard, barr feabhais agus taithí i ngnó líneach agus neamhlíneach teilifíse agus i ngníomhaíochtaí coimhdeacha ar fud gach ardán agus tá réimse leathan clár mór le rá ó 130+ branda inmheánach ina gcatalóg, chomh maith le roinnt léiritheoirí tríú-páirtí, a chuimsíonn formáidí drámaíochta, grinn, siamsaíochta, fíorasacha, réaltachta, teaghlaigh agus amharclannaíochta.
Soláthraíonn siad Léiriúcháin Neamhspleácha ar ardchaighdeán de bhunadh áitiúil a théann ar fud an domhain agus cuireann an dáileoir na scéalta is fearr ar fáil ar an mbealach is fearr. I measc a chuid brandaí mór le rá tá Survivor, Big Brother, MasterChef, Peaky Blinders, Rogue Heroes, Marie Antoinette, Grantchester, Deal or No Deal, Home and Away, Mr. Bean agus Black Mirror. Bunaithe ar neamhspleáchas, saoirse chruthaitheach, fiontraíocht agus géire tráchtála, feidhmíonn Banijay Rights faoi stiúir an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin, Cathy Payne.
Fís Éireann
Is é Fís Éireann an ghníomhaireacht náisiúnta don earnáil teilifíse, drámaíochta, beochana agus clár faisnéise in Éirinn, agus is comhpháirtí cruthaitheachta na hearnála í, le hinfheistíocht i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontraíocht. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla d’fhorbairt, do léiriúchán, do dháileadh, do chur chun cinn agus d’fhorbairt scileanna, tacaíonn Fís Éireann leis an earnáil i ngach céim.