An Chéad Amharc ar Shraith 3 de Hidden Assets
Céad chlár na sraithe úire le craoladh an 9 Samhain ar a 9:30pm ar RTÉ One & ar an RTÉ Player
FÉACH ANSEO – Nasc do Bhlaisín: Hidden Assets Sraith 3 | RTÉ
Tá an Biúró um Shócmhainní Coiriúla ar ais, agus contúirt níos mó ná riamh i ndán dóibh sa séasúr nua de Hidden Assets; sraith lán de dhiamhair, de theannas agus de chastaí plota.
Filleann Nora-Jane Noone (The Ipcress File, Wildfire, Bring Them Down) ar ról an Bhleachtaire Sáirsint Claire Wallace in éineacht le Cathy Belton (Miss Scarlet & The Duke, The Hardacres, The Catch) i ról Norah Dillon, agus Aaron Monaghan (The Banshees of Inisherin, The Gone, The Vanishing Triangle) i ról an Bhleachtaire Sáirsint Sean Prendergast.
Craolfar an chéad bhlaisín den séasúr úr anocht, ina dtabharfar spléachadh ar an méid atá i ndán do na carachtair sula gcuirfear tús leis an tríú séasúr den tsraith chorraitheach Hidden Assets Dé Domhnaigh, an 9 Samhain ar a 9:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Tosaíonn an tsraith nua amach le dúnmharú brúidiúil an iriseora imscrúdaithigh Olatz Alzola agus a clann in Bilbao. Nuair a dhéantar na dúnmharuithe a nascadh le ruathar de chuid an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla in Éirinn a raibh deireadh tubaisteach leis, tarraingítear BS Wallace isteach i ngréasán contúirteach coireachta agus éillithe.
Agus í ar thóir €27 milliún a chúigleáil an bainisteoir punainne Nick Heaslip, leanann Claire rian an airgid go dtí Tír na mBascach, áit a dtéann sí i gcomhpháirtíocht leis an mBleachtaire Jon Beitia. Nuair a thagtar ar chorp eile, nochtann an bheirt gréasán a bhfuil baint aige le smuigleáil imirceach, le carthanas a bhfuil amhras faoi, agus le hiar-phríosúnach Éireannach. Ní mór dóibh an cás a réiteach le chéile, sula bhfaighidh a thuilleadh daoine bás.
Sa séasúr seo, cuirfimid aithne ar Iñigo Gastesi (La infiltrada, La quietud en la tormenta, Contratiempo) i ról an Chigire Jon Beitia, Charlotte Timmers (Safe Harbour, Cold Courage) i ról Lore Velasco, Dónall Ó Héalaí (Crá, Arracht) i ról an Bhleachtaire Liam Boylan, Catherine Walker (Versailles, My Sailor, My Love) i ról Niamh Bennett agus Steve Wall (Black Doves, The English, Dune: Part 2) i ról an Chigire Martin Dunlop.
Tá Hidden Assets ar cheann de naoi sraith drámaíochta úrnua a scannánaíodh i mbliana agus a léiríodh mar chuid de sceideal bríomhar drámaíochta RTÉ do 2025, trína ndéanfar 142 uair an chloig de scéalaíocht Éireannach ar ardchaighdeán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo á sheachadadh. Léiriú eile is é an sceideal uaillmhianach seo ar thiomantas RTÉ chun tacú le tallann, agus chun infheistíocht a dhéanamh i dtallann na hÉireann, i gcultúr na hÉireann, agus sa gheilleagar cruthaitheach níos leithne.
Dúirt Ceannasaí Drámaíochta RTÉ, David Crean: “Is sraith í Hidden Assets ina léirítear an chuid is fearr de thallann léirithe, aisteoireachta, scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta na hÉireann arís is arís eile. Tá ríméad orainn i mbliana beirt chruthaitheoirí nua a chur leis an bhfoireann – an scríbhneoir iontach cumasach Cara Loftus agus sárstiúrthóir RTÉ Storyland Mia Mullarkey. Tá an-dúil ag an lucht féachana sa chlár in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus táim cinnte go n-éireoidh go geal le sraith a trí freisin.”
Dúirt Siobhan Bourke, Léiritheoir de chuid Saffron Moon: “I gcomhar lenár gcomhpháirtithe in RTÉ, Acorn TV, Fís Éireann, DCD Rights, Streamz, EITB agus Potemkino, tá an-áthas orainn séasúr a trí a chur faoi bhráid lucht féachana na hÉireann. Ba mhór an pléisiúr dom a bheith ag obair le scríbhneoirí iontacha faoi stiúir Peter McKenna, agus le foireann agus criú iontach i mBaile Átha Cliath, in Bilbao agus in Antwerp, agus an léiriú á stiúradh go cleasach agus go cumasach ag an bpríomhstiúrthóir, Kadir Ferati Balci, agus ag an stiúrthóir nua a bhfuil gealladh mór fúithi, Mia Mullarkey. Tá Saffron Moon an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar ón Aontas Eorpach (Sraith MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta) agus ó Chlár Píolótach Chomhairle na hEorpa um Chomhléiriú Sraitheanna.”
Cuirfear tús le Sraith 3 de Hidden Assets Dé Domhnaigh, an 9 Samhain ar a 9:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair 2025
Teagmháil: Linda Pototzki, Ceannaire Cumarsáide RTÉ linda.pototzki@rte.ie
Nótaí don Eagarthóir:
Nasc chuig íomhánna ar ardchaighdeán: Clár a haon
Is iad léiritheoirí feidhmiúcháin na sraithe ná ceannasaí Drámaíochta RTÉ David Crean agus stiúrthóir comhléiriúcháin agus ceannachán Dermot Horan; léiritheoirí Saffron Moon Siobhán Bourke, Kathryn Lennon agus James Mitchell; Peter De Maegd agus Tom Hameeuw ó Potemkino; an scríbhneoir Peter McKenna; Eduardo Carneros i gCathair Bilbao; Bea Tammer do Acorn TV; Kate McColgan agus Nada Cirjanic do Fís Éireann; Pilar Perez do DCD Rights agus Gorka Peral do EITB na Spáinne.
Tá an tríú séasúr den scéinséir corraitheach stiúrtha ag Kadir Ferati Balci (Hidden Assets Sraith 1 agus 2, Cold Courage) agus ag an stiúrthóir a bhfuil gealladh mór fúithi, Mia Mullarkey (Wrapped). Is é Peter McKenna (Hidden Assets Sraith 1 agus 2, Kin, Gangs of London) príomhscríbhneoir na sraithe i gcomhar le scríbhneoirí foirne eile a d’oibrigh ar na séasúir eile roimhe seo, Mary Fox agus Marty Thornton (Gangs of London), Susan E. Connolly (Redemption), agus scríbhneoir nua atá ag teacht chun cinn, Cara Loftus (Spilt Milk).
Eolas maidir le Saffron Moon
Is comhfhiontar é Saffron Moon idir na léiritheoirí Éireannacha Saffron Pictures agus Soho Moon. Cruthaíonn siad drámaíocht teilifíse d’ardchaighdeán ar ardscála do lucht féachana na hÉireann agus idirnáisiúnta atá sainiúil agus láidir; cuireadh an comhlacht léiriúcháin ar bun ar dtús chun an tsraith scéinséara Éireannach-Ceanadach Acceptable Risk a dhéanamh, arna coimisiúniú ag RTÉ.
Ba ón tsraith úd a d’eascair an tseachshraith theilifíse, Hidden Assets, a mbeidhr tríú séasúr na sraithe le craoladh i mí na Samhna 2025. Tá an ceathrú séasúr á fhorbairt faoi láthair.
Dráma ficsin is ea é Hidden Assets atá bunaithe ar an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB); Léirigh Saffron Moon an tsraith 6 chlár atá 1 uair an chloig ar fhad i gcomhar leis an gcomhléiritheoir Beilgeach Potemkino, do RTÉ (in Éirinn) agus do Acorn TV (SAM agus Ceanada); áirítear BBC, Streamz agus an craoltóir Bascach EITB i measc na réamhdhíolachán don tsraith.
Ainmníodh an dá shraith, Acceptable Risk agus Hidden Assets, le haghaidh Gradam Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) agus Gradam RTS.
Tá comhléiritheoirí Saffron Moon – Siobhán Bourke agus Kathryn Lennon (Saffron Pictures) agus James Mitchell (Soho Moon) – ag forbairt tuilleadh sraitheanna faoi láthair le léiriú in 2026 agus in 2027. Ina measc tá Lost in France, scéal grinn rómánsúil a scríobh Barry Devlin, agus Anner House, bunaithe ar ghearrscéal coimisiúnaithe le Maeve Binchy.