CLÚDACH AR THORTHAÍ THOGHCHÁN AN UACHTARÁIN AR RTÉ
Cuirfidh RTÉ clúdach fairsing ar fáil ar thorthaí Thoghchán an Uachtaráin ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne Dé Sathairn, an 25 Deireadh Fómhair 2025.
I rith an deireadh seachtaine, cibé áit a bhfuil tú, beidh tú ábalta na torthaí a leanúint tríd an aip RTÉ News agus ar RTE.ie leis an rianaire beo ar a gcuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil de réir mar a bheidh an comhaireamh ag dul ar aghaidh mar aon leis na torthaí agus an anailís is déanaí ar Thoghchán an Uachtaráin 2025. Beidh clúdach freisin ar chuntais meán sóisialta RTÉ ar Tik Tok, Instagram, YouTube, Facebook agus X.
Ar lá an chomhairimh, tosóidh tuairisciú RTÉ Radio 1 le Morning Ireland ag 9.00am, arna chur i láthair ag Gavin Jennings beo ón gcomhaireamh san RDS i mBaile Átha Cliath le Justin McCarthy sa stiúideo, agus leanfar i rith an lae leis an bplé, díospóireacht agus anailís ar an gclár Brendan O’Connor agus ar eagrán níos faide den chlár Saturday with Colm Ó Mongáin ó 1pm-3pm. Tabharfaidh tuairisceoirí RTÉ Radio 1 an t-eolas is déanaí don lucht éisteachta i dtaobh an teailí agus na dtorthaí is déanaí ó na toghcheantair i rith an lae, le hanailís ar an léargas náisiúnta ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, áit a ndearbhófar an toradh deiridh. Cuirfear na torthaí is déanaí ar fáil ar chlár speisialta de This Week arna chur i láthair ag Áine Lawlor agus Rachael English idir 6.00pm-8.00pm ar RTÉ Radio 1.
Cuirfear clúdach cuimsitheach ar thorthaí an toghcháin, mar aon le hanailís agus plé, leis an eolas is déanaí ó ionaid chomhairimh ar fud na tíre ar fáil i rith an lae ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Ón 10.00am, tabharfaidh David McCullagh agus Fran McNulty léargas dúinn ar an treo a bhfuil na torthaí ag dul luath sa chomhaireamh i dToghchán an Uachtaráin mar aon leis an eolas is déanaí ó ionaid chomhairimh ar fud na tíre a chur inár láthair as stiúideonna RTÉ agus beidh Miriam O’Callaghan beo as Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Beidh David McCullagh, Miriam O’Callaghan agus Fran McNutly ar ais ar an aer sa tráthnóna chun leanúint le clúdach tiomnaithe RTÉ ar thorthaí an toghcháin beo ón 3.00pm. Beidh tuilleadh eolais le fáil freisin ar fheasacháin Nuacht RTÉ agus News with Signing. Craolfar eagrán níos faide den Six One News ar RTÉ One ar a mbeidh an t-eolas is déanaí ar thorthaí Thoghchán an Uachtaráin ó 6.01pm-7.00pm, agus beidh na torthaí, mar aon le príomhscéalta nuachta náisiúnta an lae ar RTÉ Nine O’Clock News.
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta torthaí an toghcháin i láthair ar an gclár Lá an Chomhairimh, a thosóidh ag 10am maidin Dé Sathairn. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár i láthair ar a mbeidh anailís agus plé bríomhar ar na torthaí i dteannta painéal stiúideo agus cuirfidh tuairisceoirí in ionaid chomhairimh ar fud na tíre na torthaí ar fáil de réir mar a bheidh siad ag teacht chucu. I measc na ndaoine a bheidh ar an bpainéal sa stiúideo beidh na hiriseoirí Cathal Mac Coille agus Áine Ní Chiaráin, iar-Phreasrúnaí an Rialtais Eoin Ó Neachtain, an t-iarTheachta Dála Eamon Ó Cuív, an t-abhcóide Cecelia Ní Choileáin, agus Eoghan Ó Ceannabháin ón bpáirtí Pobal roimh Bhrabús.
Cuirfidh an RTÉ News Channel clúdach leanúnach ar fáil ar fud an domhain (tríd an gcnaipe Beo san Aip agus ar an RTÉ Player) i rith an deireadh seachtaine le fothaí beo de na dearbhuithe chomh maith le cláir toghcháin agus feasacháin nuachta.
-Críoch-
Dáta: 23 Deireadh Fómhair 2025
Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le:
Laura Fitzgerald, Bainisteoir Cumarsáide, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, 087 2923931, Laura.Fitzgerald@rte.ie