TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 FOILSITHE AG RTÉ
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 FOILSITHE AG RTÉ
GLANBHARRACHAS €5.5 MILLIÚN IN 2024 TUAIRISCITHE AG RTÉ
BLIAIN LE NEART ÓCÁIDÍ SPEISIALTA – UEFA EUROS 2024, NA CLUICHÍ OILIMPEACHA AGUS NA CLUICHÍ PARAILIMPEACHA, CHOMH MAITH LEIS AN OLLTOGHCHÁIN, NA TOGHCHÁIN ÁITIÚLA AGUS TOGHCHÁIN NA hEORPA – AGUS AN BHLIAIN IS FEARR FÓS AG AN RTÉ PLAYER
Is féidir teacht ar Thuarascáil Bhliantúil 2024 RTÉ ar https://about.rte.ie/reports-and-policies/annual-reports/
Déanfaidh RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2024 a eisiúint inniu, tar éis í a bheith curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Tuairiscíonn RTÉ inniu áirithint os cionn €5m don bhliain 2024, buíochas le rialú costais cúramach a leanann isteach sa bhliain 2025. In éineacht le hathbhreithniú agus scrúdú iomlán ar an mbileog chothromais, tá RTÉ ar an mbealach cheart freisin chun áirithint a sholáthar in 2025. Ó thús 2026, ní bheidh aon duine in RTÉ ag tuarastal níos mó ná an Stiúrthóir Ginearálta. Léiríonn na torthaí seo tiomantas RTÉ chun an eagraíocht a reáchtáil ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de.”
Is éard a dúirt Cathaoirleach Bhord RTE, Terence O’Rourke: “Ceapadh mé i mo Chathaoirleach ar Bhord RTÉ i mí an Mhárta 2024 – bliain shuntasach inar tharla athruithe móra do RTÉ. Ar thaobh amháin, d’fhoilsigh an Rialtas dhá Thuarascáil ón Sainchoiste Comhairleach i mí na Bealtaine, le moltaí, agus ar an taobh eile d’fhoilsigh RTÉ a straitéis cúig bliana agus Creat Rialachais nua i mí an Mheithimh. I mí Iúil fuair RTÉ gealltanas ón Rialtas go gcuirfí maoiniú poiblí €725 milliún ar fáil don eagraíocht thar thréimhse trí bliana, cinneadh a thug deis do RTÉ pleanáil chun tosaigh le cinnteacht nach beag, rud a bhfuilimid buíoch as. Nílimid ag déanamh beag is fiú den fhreagracht a bhaineann leis an gcinneadh seo.
Ní mór leibhéil níos airde den rialachas corparáideach agus den trédhearcacht a bheith ag meaitseáil gach a bhfuil á dhéanamh ar fud RTÉ chun a chinntiú go dtiocfaidh athrú ar an gcultúr agus go mbeimid, ag an am céanna, ag freastal ar riachtanais ár lucht féachana agus éisteachta agus iad ag athrú. Bhain agus bainfidh cuid mhaith de mo chuid oibre i mo Chathaoirleach ar an mBord le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar an mBord, leis an bPríomh-Stiúrthóir agus leis an bhFoireann Ceannaireachta d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaimid na gealltanais inár straitéis agus go mbeidh RTÉ ina eagraíocht atá dea-reáchtáilte, dea-rialaithe agus cuntasach. Tá sé sin ríthábhachtach chun go mbeidh muinín ag daoine as RTÉ arís.
Ar an nóta sin, tá áthas orm go bhfuil RTÉ ag tuairisciú inniu faoi shuaimhneas don 2024 agus go bhfuilimid ag tuar suaimhneas don 2025.”
Leanann Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst ar aghaidh: “Nuair a bhreathnaím siar ar 2024, seasann rudaí áirithe amach i mbliain a bhí dúshlánach agus inar tharla go leor – ach bliain inar thaispeáin RTÉ an chaoi a bhfuil sé lánábalta freastal ar an lucht féachana agus éisteachta agus an tír a thabhairt le chéile d’ócáidí a bhfuil tábhacht náisiúnta leo.
Cé go raibh go leor dúshlán romhainn i rith an ama, go háirithe i dtús na bliana, agus go raibh orainn an-lear leasuithe riachtanacha a chur i bhfeidhm ar an eagraíocht, lig muid dár gcláir, dár n-ábhar agus dár seirbhísí an chaint a dhéanamh, agus tháinig an lucht féachana agus éisteachta chuig RTÉ, agus iad go minic níos líonmhaire ná riamh. Ábhar dóchais is ea an fás iontach a tháinig ar shruthanna an RTÉ Player – ardú 44% bliain i ndiaidh bliana, rud atá dochreidte, – agus an oiread daoine a bhí gafa le RTÉ.ie, lenár n-aipeanna RTÉ News agus RTÉ Radio Player agus lenár n-ábhar ar na meáin shóisialta. D’éirigh thar barr freisin le foireann Tráchtála RTÉ in 2024 i margadh a bhí an-iomaíoch, agus gineadh ioncam tábhachtach a thacaigh lenár n-ábhar agus lenár gcláir seirbhíse poiblí.
In 2024 bhí seoladh na straitéise cúig bliana freisin, straitéis a réiteoidh RTÉ don todhchaí. Agus den chéad uair le breis agus fiche bliain, fuaireamar maoiniú poiblí ilbhliantúil, rud a thugann aitheantas don tábhacht agus don luach a bhaineann le go mbeadh meán seirbhíse poiblí láidir agus neamhspleách againn in Éirinn agus a chuireann ar ár gcumas pleanáil chun tosaigh le cinnteacht. Rinne sé seo athrú ó bhonn agus cuirfidh sé ar chumas RTÉ athruithe suntasacha a dhéanamh agus tuilleadh a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Táimid fíorbhuíoch as seo agus ní dhéanfaimid talamh slán de.
Ag deireadh na bliana, i ríomhphost chuig foireann RTÉ, dúirt mé, cé go mbeidh a chuid dúshláin féin ag baint le 2025 agus go mbeimid ag déanamh roinnt cinntí tábhachtacha, go bhfuil mé an-dóchasach faoi RTÉ agus faoina bhfuil i ndán dó. Ar go leor ócáidí le linn 2024, thaispeánamar an chaoi a mbíonn RTÉ agus é i mbarr a mhaitheasa. Oibreoidh mé go dian leis an bhFoireann Ceannaireachta agus le Bord RTÉ chun go ndéanfar na cinntí cearta agus chun a chinntiú go mbeidh ról tábhachtach agus fiúntach ag RTÉ i gcónaí i saol na hÉireann.”
>> Tuarascáil Bhliantúil RTÉ 2024 go hachomair:
GLANBHARRACHAS: Thaifead RTÉ Barrachas €5.5 milliún don bhliain.
IONCAM IOMLÁN: Tháinig ardú €36.4m ar ioncam iomlán (Ceadúnas Teilifíse/Ioncam Tráchtála) idir 2024 agus 2023 (€380.4 milliún in 2024 i gcomparáid le €344.0 milliún in 2023).
TÁILLE CHEADÚNAIS & MAOINIÚ RIALTAIS Tháinig laghdú €4.0 milliún ar an teacht isteach ó na táillí ceadúnais a fuair RTÉ in 2024 i gcomparáid le 2023. Ina theannta sin, bhí €48.0 milliún d’ioncam maoinithe faighte ón rialtas in 2024 (€32.0 milliún de sin a fuarthas in 2024). Mar thoradh air sin, b’ionann an t-ioncam ón táille cheadúnais agus maoiniú rialtais a bhí faighte ag RTÉ in 2024 agus €222.3 milliún, i gcomparáid le €193.3 milliún in 2023.
IONCAM TRÁCHTÁLA: Is ionann ioncam tráchtála €158.1 milliún na bliana 2024 agus méadú 4.9% bliain ar bhliain (2023: €150.7 milliún). Ba é an chúis ba mhó a bhí leis seo ná gur tháinig ardú ar an ioncam ón Trádáil Teilifíse agus ón Trádáil Dhigiteach.
COSTAIS OIBRIÚCHÁIN: Gan ócáidí speisialta a áireamh, tháinig ardú €6.6 milliún nó 1.9% ar chostais oibriúcháin bliain ar bhliain.
IMEACHTAÍ SPEISIALTA: Bhí go leor imeachtaí speisialta ar siúl in 2024 ó chraobhchomórtais UEFA Euro 2024, na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, an tOlltoghchán, na Toghcháin Áitiúla agus Toghcháin na hEorpa. B’ionann na costais iomlána a bhain leis na himeachtaí speisialta agus €13.7 milliún (2023: €7.4 milliún), difríocht €6.3 milliún
TRÉDHEARCACHT: Den dara huair, agus i gcomhréir leis an ngealltanas a thug Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, roimhe seo, áirítear i dTuarascáil Bhliantúil RTÉ tuilleamh an deichniúr láithreoirí is airde tuarastail don bhliain chomh maith le sonraí luach saothair chomhaltaí na Foirne Ceannaireachta.
TREO NUA: In 2024, cheadaigh an Rialtas straitéis cúig bliana RTÉ (Treo Nua) agus gheall sé maoiniú poiblí €725 milliún do na blianta 2025 go 2027. (Tá ioncam ón gCeadúnas Teilifíse san áireamh sa bhfigiúr sin).
>>> RTÉ in 2024
Leagtar béim sa Tuarascáil Bhliantúil freisin ar éachtaí RTÉ in 2024, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
Bhailigh an RTÉ Toy Show Appeal 2024 os cionn €5 mhilliún, agus níos mó daoine sa bhaile agus thar lear ag tabhairt síntiús ná mar a bhí riamh cheana chun cabhrú le leanaí agus lena dteaghlaigh ar fud oileán na hÉireann. Tá os cionn €26 milliún bailithe le cúig bliana.
Tapaíodh 142 milliún sruth agus 42 milliún uair an chloig de shruthú ar an RTÉ Player – an líon is airde a bhí ag RTÉ go dtí seo.
Bhain sciar RTÉ maidir leis an líon lucht féachana teilifíse an sciar is airde fós amach ag 27.9% in 2024.
Rinne Cartlann RTÉ níos mó ná 700 uair an chloig de chlúdach, tuairisciú agus aschur toghcháin a chur ar fáil ar fud na n-ardán agus na seirbhísí go léir, agus bhí thart ar 400 uair an chloig ann de chlúdach agus de thuairisciú ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar na Cluichí Parailimpeacha.
Spreading the News: Ceiliúradh 120 Bliain ar an Amharclann Náisiúnta idir RTÉ agus Amharclann na Mainistreach, a taifeadadh beo in Amharclann na Mainistreach a bhí lán go doras le lucht spéise agus craoladh é ar RTÉ Radio 1 an 27 Nollaig, 120 bliain go dtí an lá ó d’oscail an amharclann.
Choimisiúnaigh RTÉ níos mó ná 70 uair a chloig d’ábhar físeáin nua RTÉ Kids agus RTÉjr in 2024 agus 40 uair a chloig d’ábhar nua podchraoltóireachta don lucht spéise óg.
Thacaigh RTÉ le 178 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud oileán na hÉireann in 2024; méadú 82% thar na 10 mbliana ó athsheoladh an scéim in 2014, tráth ar thacaigh RTÉ le 98 imeacht.
Don dara bliain, bhí an Late Late Toy Show sínithe ag beirt ateangairí bodhra, Sarah-Jane O’Regan agus Jason Maguire, agus iad ag obair leis na hateangairí friothálacha éisteachta Ciara Grant agus Lisa Harvey-Coleman.
Bhí RTÉ lyric fm ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer in 2024 agus chun an chloch mhíle sin a cheiliúradh, choimisiúnaigh an stáisiún trí shaothar ceolfhoirne nua a bhí dírithe ar théamaí an uaignis, an dóchais agus na hathbheochana.
Is féidir teacht ar Thuarascáil Bhliantúil RTÉ 2024 ina hiomláine – agus an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge a íoslódáil – ag https://about.rte.ie/reports-and-policies/annual-reports/
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí: Tabhair ar aird gur ceadaíodh an Tuarascáil Bhliantúil sular tháinig an fógra maidir leis an athrú foirmiúil ar ainm na Roinne go dtí an Roinn Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt.