Bronnadh trí ghradam ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i Halla Uladh i mBéal Feirste ar oíche Chéadaoin ag Oireachtas na Samhna.
Bronnadh Pearsa Raidió na Bliana 2025 ar Dhónall Mac Ruairí, a chuireann Cóisir Cheoil i láthair, agus a thugann lón anama d’éisteoirí lena rogha fhairsing ceoil gach seachtain.
Bronnadh Sraith Raidió na Bliana ar Tús Áite, clár cúrsaí reatha an tráthnóna curtha i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil, a dhéanann plé agus anailís ar scéalta móra nuachta an lae.
Bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Chuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar son a chuid tuairisciú agus anailís ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta na bliana seo.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar chraoltóireacht a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla sna meáin le dhá mhí dhéag anuas.
-CRÍOCH-