Sraith Nua Cláracha Faisnéise ar RTÉ Anocht TRACKERS: THE PEOPLE V THE BANKS
“Rinne siadsan an cinneadh sin agus mhill siad an saol ar dhaoine eile, ar chuid mhór daoine.”
“D’éirigh rudaí chomh dona agus gur dhúisigh mé oíche amháin agus nach raibh mé tar éis stróc a fhulaingt”
– “Níl a fhios agam céard é Scannal na Morgáistí Rianúcháin? Féach go bhfeictear chomh maith agus a thuigeann an t-aisteoir a dúirt é sin ar an bhFógra cáiliúil cén rud go díreach morgáiste rianúcháin anois.”
Sa tsraith láidir dhá chlár faisnéise a thosaíonn anocht ar RTÉ One agus RTÉ Player, cíortar an scéal is doimhne ná na ceannlínte go bhfoilsítear an t-iomlán faoi scéal scannalach na morgáistí rianúcháin arna chur i láthair ag na daoine is mó ar ghoill sé orthu, chomh maith le dream beag daoine a chuidigh leosan cur in aghaidh na mbanc.
Luaitear gurb é an scannal is mó riamh é is stair an Stáit maidir le gnóthaí baincéireachta don tomhaltóir, gur fágadh roinnt bánaithe i gcúrsaí airgid, mífholláin dá bharr – agus i gcásanna áirithe ar tí dul as a meabhair.
Thiocfadh de thoradh ar scéal scannalach na morgáistí rianúcháin in Éirinn i ndeireadh báire go mbeadh níos mó ná €1 billiún le híoc ag na bainc i bhfíneálacha agus i gcúiteamh do líon ba mhó ná 40,000 custaiméir a ndearna an cás díobháil dóibh féin agus dá gcuid teaghlaigh. Dá ainneoin sin, níos lú ná fiche bliain ó shin, tráth a raibh cuid mhór dá gcuid custaiméirí dá mbaint go héagórach dá gcuid morgáistí tairbheacha Rianúcháin, bhí an Rialtas ag cur €64 billiún d’airgead na gcáiníocóirí isteach sna bainc chéanna sin le hiad a thabhairt slán.
Is comhairleoir airgeadais agus bróicéir morgáistí é Padraic Kissane a chuir in aghaidh na mbanc agus a d’fhéach lena gcuid morgáistí rianúcháin a fháil ar ais dá chuid cliant.
Padraic Kissane: “Is é an rud is gá a thuiscint faoi scéal scannalach na morgáistí rianúcháin ná go raibh daoine ag an am faoi bhrú mór millteach cheana i gcúrsaí airgid mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta. Nuair a tharla cás scannalach na morgáistí Rianúcháin, ba é buille mharaithe na muice é.” “Thosaigh mise ag scrúdú morgáistí Rianúcháin ach níor thuig mé ag tosú dom go mbeadh mo shaol uilig tógtha suas leis. Tá daoine is dócha a déarfadh gur chuir mé an iomarca suime ann, ach dá mhéid dá bhfiosraínn, is ea is mó an t-ábhar buartha a bhí ann dom.”
Sular thit an Tíogar Ceilteach ó chéile, cheannaigh Thomas agus Claire Ryan teach don teaghlach i Loch Garman agus an teach inar tógadh Claire i mBaile Átha Cliath, mar áitreabh infheistíochta, le morgáistí rianúcháin. I mí na Nollag 2006, shínigh muintir Uí Riain socrú téarma trí bliana maidir le ráta seasta úis i leith na n-iasachtaí sin, le súil go bhféadfaidís athrú ar ais arís ina dhiaidh sin go dtí an ráta rianúcháin. Is é a dúirt an banc nuair a tháinig deireadh le téarma an ráta sheasta nach raibh muintir Uí Riain i dteideal an ráta rianúcháin in athuair.
Thomas Ryan: “Nuair a séanadh ráta rianúcháin orainn, agus nuair a thosaigh na harduithe ag teacht i bhfeidhm, bhí sin ag fáscadh go mór orainn. B’ualach an-mhór airgid é, chuirfeadh sé deireadh linn. Chuir sin brú millteanach ar an teaghlach, lá i ndiaidh an lae. Tháinig teannas uafásach i bhfeidhm sa teach, teannas doláimhsithe. Thosaíodh argóintí beaga faoi rudaí nach spreagadh a leithéid roimhe sin, agus bhí sé an-deacair na leanaí a choinneáil slán orthu. Níorbh eol dúinn é chomh fada siar le 2011, bhíomar sa chás seo dhá bhliain cheana féin an tráth sin, ach bhí seacht mbliana eile le fulaingt go fóill againn sula mbeadh deireadh le ceist seo na rátaí rianúcháin sa teach sin againne. D’éirigh rudaí chomh dona agus gur dhúisigh mé oíche amháin agus nach raibh mé tar éis stróc a fhulaingt. Tá an t-ádh dearg ormsa go bhfuil mé beo ar chor ar bith.”
Morgáiste rianúcháin €189,000 a shocraigh Caitríona agus John Redmond i mí Meithimh 2003 chun teach don teaghlach a cheannach i mBaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. I mí Bealtaine 2007, shocraigh siad ráta seasta don phríomh-mhorgáiste go ceann trí bliana agus iad ag súil le filleadh ar an ráta rianúcháin ina dhiaidh sin, ach diúltaíodh sin dóibh. Bhí siad faoi bhrú mór airgid agus d’aontaigh an lánúin sraith de shocruithe fiachais leis an mbanc.
Caitríona Redmond: “Tugann tú cuntas dóibh ar an uile ní ar chaith tú airgead air le trí mhí. Agus caitheann tú fáth maith a bheith agat le gach cent rua a d’íoc tú amach. Uair nó dhó, tháinig siad chugainn agus dúirt go raibh an iomarca á chaitheamh againn ar bhia. Bhí cúigear sa teach, an bheirt daoine fásta, agus ansin na leanaí, agus bhí an buiséad íslithe againn go dtí €70 euro don tseachtain uilig, bhí sin féin an-ghéar.”
John Redmond: “Níl aon duine ag iarraidh labhairt lena ngaolta agus lámh chúnta a iarraidh i gcruachás mar sin. Cé a bheadh? I mo chás-sa, mheasfainn go raibh mé ag teip ar mo chuid tuismitheoirí mar rinne siadsan soláthar domsa i gcónaí.”
Caitríona Redmond: “Tháinig tráth amháin ar thosaigh an banc ag caint linn faoin teach a chur ar ais ar an margadh.”
John Redmond: “Tá cúis mhaith feirge agamsa leis an mbanc faoi bheith sa chás nach bhféadfaimis níos mó leanaí a bheith againn. Tá cúis mhaith feirge agam leis an mbanc ar go leor bealaí. Duine eile a rinne cinneadh faoi mo shaolsa. Duine sinsearach éigin sa bhanc. Rinne siadsan an cinneadh sin agus mhill siad an saol ar dhaoine eile, ar chuid mhór daoine.”
Cothrom an ama céanna a bhfuil Padraic Kissane ag féachaint le morgáistí rianúcháin a fháil ar ais dá chuid cliant, foilsíonn Charlie Weston, iriseoir leis an Irish Independent, scéalta i ndiaidh a chéile faoina bhfuil ar siúl. “Ba léir dom go raibh dochar á dhéanamh do dhaoine,” ar seisean. “Is é an cás is scannalaí riamh sa tír seo maidir le bainc ag gearradh iomarca ar chustaiméirí a bheadh romhainn nuair a chuirfí an scéal ar fad le chéile.”
Nuair atá cásanna fós os comhair na cúirte agus faoi bhráid an Ombudsman Airgeadais, scrúdaítear sna cláracha faisnéise seo an bhfuil deireadh dáiríre leis an gcás scannalach seo go fóill.