Sraith nua de chláir faisnéise ar RTÉ KIDS ina gcothaítear cónascadh idir déagóirí le himirt sacair, cairdeas agus comhrá gan scáth ná eagla
UNITED FC ar RTÉ2 agus an RTÉ Player gach Déardaoin ón 13 Samhain
Bígí ag ullmhú do shéasúr sé seachtaine de United FC, sraith nua de chláir faisnéise faoi dhéagóirí trína spreagtar comhrá agus plé ríthábhachtach ar fud na hÉireann. RTÉ KIDS a choimisiúnaigh an tsraith agus rinneadh an scannánaíocht i rith an tsamhraidh. Beidh an chéad chlár ar RTÉ2 agus an RTÉ Player ag 5:30 i.n. Déardaoin, an 13 Samhain agus clár nua le feiceáil gach seachtain as sin amach go dtí an 18 Nollaig. Beidh an tsraith spéisiúil seo á cur i láthair ag Jordan Conroy, a bhí ag na Cluichí Oilimpeacha faoi dhó agus a bhfuil cáil air maidir imreoir Rugbaí Seachtar an Taobh de chuid na hÉireann, agus Vanessa Ogbonna, imreoir sacair, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair (agus buaiteoir The Traitors Ireland). Ar United FC, tagann 15 dhéagóir de bhunadh éagsúil ar fud na hÉireann le chéile le haghaidh beart foirne a fhéachann an uile dhuine acu. Campa peileadóireachta agus teacht in inmhe, tá ábhar machnaimh i ngnéithe éagsúla den tsraith seo ina bhfeictear na déagóirí ag bualadh le chéile, ag traenáil agus buanchairdeas dlúth á cheangal acu le chéile sula dtosaíonn an comórtas sacair. Tá níos mó ná scóranna i gceist, tá féiniúlacht, seasmhacht, soicheall agus an chomhthuiscint a eascraíonn ó éirí aníos in Éirinn na linne seo. De réir mar a théann an tsraith ar aghaidh, tagann laochra spóirt, lucht ceapadóireachta agus meantóirí ar cuairt, ina measc: Liam Smith agus Connor Parsons, imreoirí le Bohemians FC, Foirne Ban Bohemians agus Shamrock Rovers, Andrei Fedotov, Cóitseálaí Pionsóireachta na hÉireann, Mick Medeiros, Láithreoir agus Cruthaitheoir Ábhair, Boidu Sayeh, imreoir peile le Contae na hIarmhí, Suad Mooge ó Spórt in aghaidh Ciníochais in Éirinn, James J Claffey, Comhairleoir
Sárfheidhmiúlachta, Roberto ‘Pico’ Lopes, imreoir leis an FAI, Shamrock Rovers agus Poblacht Cabo Verde agus Áine O’Gorman, imreoir le foireann na hÉireann. Deir Eimear O’Mahony, Léiritheoir Feidhmiúcháin, RTÉ KIDS: “Is iontach an eiseamláir United FC maidir le spórt ag tarraingt daoine le chéile. Cothaítear dlús cairdis idir 15 dhéagóir de bhunadh éagsúil mar gheall ar an spraoi a bhaintear as an imirt agus de thoradh an dhlúthchaidrimh sin, airíonn siad slán sábháilte ag caint ar an saol atá caite acu ag éirí aníos in Éirinn an lae inniu. Is ábhar bróid ag RTÉ KIDS an tsraith seo agus go háirithe na daoine óga a roghnaigh páirt a ghlacadh ann agus labhairt faoi na nithe a thagann eatarthu uaireanta agus na nithe a tharraingíonn le chéile iad freisin. “ Ag trácht dó faoi United FC, deir Jordan Conroy: “Tharraing an coincheap spéisiúil i dtreo an chláir mé ar an gcéad dul síos. Bhain ní amháin linn ar fad – gur de bhunadh éagsúil gach duine againn ach gur cosúil le chéile na háiteanna ina mairimid. Ní mór a bheith cúramach faoin ábhar sin uaireanta i saol an lae inniu. Bhí cúig dhuine dhéag faoi leith againn ag teacht le chéile ar mhaithe le cúrsaí spóirt, agus is ríthábhachtach sin. Is iomaí tairbhe a bhíonn as cúrsaí spóirt – ní hí an tsláinte amháin, is féidir tuiscint agus caidreamh a chothú leis freisin. Sílimse gur ríthábhachtach an chineáltacht ó thús. Bhí na daoine óga uilig an-chineálta lena chéile agus as sin a cothaíodh an dlúthchairdeas eatarthu. Is é atá le tuiscint dáiríre gur cuma cé dár díobh daoine, cén dath cnis atá orthu ná cén teanga a labhraíonn siad.” Deir Vanessa Ogbonna “Ba phribhléid é páirt a bheith agam sa mhéid a thaithigh na daoine óga seo. Thug mé leibhéal eile muintearais faoi deara ó de bhunadh éagsúil an uile dhuine, riachtanais éagsúla acu agus meon éagsúil i leith an tsacair. Bhí ormsa muinín a bheith agam astu, fiú nuair nach raibh muinín acu astu féin, agus, i gcásanna éagsúla, bhí orm dul níos géire orthu le fonn a léiriú dóibh gur daoine iad ar fiú cuidiú leo. Tá siad ag éirí aníos sa saol ina gcaitear faisnéis agus tuairimí leo gan a n-iarraidh roimh ré agus síleann roinnt acu gur fíor nithe fúthu féin nach dá gcuid smaointe féin ar chor ar bith iad. Cúis áthais domsa go raibh páirt bheag agam féin sa chúram.”