NA FIGIÚIRÍ IS DEIREANAÍ Ó JNLR AR FÁIL MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RTÉ
Tá RTÉ Raidió 1 fós ar an stáisiún raidió is mó tóir in Éirinn. Éisteann breis agus 1.3 milliún duine leis an stáisiún gach seachtain, agus é ina chéad rogha stáisiún do dhaoine idir 35-54 bliain d’aois. Tosaíonn sceideal nua RTÉ Raidió 1 Dé Luain an 10 Samhain
Tagann méadú ar sciar éisteachta RTÉ Lyric fm chuig 3%, an céatadán is airde dóibh riamh
Sciar 2FM méadaithe go dtí 10.4% i measc daoine idir 15-34 bliana d’aois
Tarraingíonn na torthaí JNLR is déanaí aird ar neart agus ar mhealltacht thairiscint éisteachta RTÉ, agus daoine ag féachaint chuig stáisiúin ar fud an líonra le haghaidh ábhar éisteachta agus siamsaíochta. Ó nuacht agus cúrsaí reatha iontaofa go ceol, spórt agus siamsaíocht den scoth, tá seirbhísí raidió RTÉ fós ina gcuid ríthábhachtach den saol laethúil in Éirinn, agus na guthanna, na scéalta agus na fuaimeanna is tábhachtaí don lucht éisteachta le cloisteáil ann.
- Agus sciar 29% den mhargadh ag RTÉ, is iad seirbhísí raidió RTÉ na seirbhísí raidió is mó a n-éisteann daoine fásta leo in Éirinn.
- Is le RTÉ 18 de na 20 clár raidió is mó tóir, agus na cláir ar fad sna 10 gclár is mó tóir.
- Tá fás leanúnach ag teacht ar RTÉ lyric fm, agus sciar 3% bainte amach acu, an sciar is airde a bhí ag an stáisiún riamh.
- Is é RTÉ Raidió 1 an chéad rogha do dhaoine fásta idir 35-54 bliain d’aois ar fud na tíre fós, agus sciar 13.6% ag an stáisiún. Is é an t-aon stáisiún é fós a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil os cionn 1 mhilliún aige.
- Meallann RTÉ 2FM 653,000 éisteoir seachtainiúil agus méadaíonn a sciar go 10.4% i measc daoine idir 15-34 bliain d’aois
- Mhéadaigh lucht éisteachta deiridh seachtaine RTÉ Raidió na Gaeltachta; (+19,000) ar an Satharn agus (+16,000) ar an Domhnach
Ag labhairt di faoi na figiúirí is déanaí, dúirt Patricia Monahan, Stiúrthóir Fuaime, RTÉ: “Tá an comhrá is mó in Éirinn le himeacht ó neart go neart agus muid ag ullmhú chun sceideal úrnua lae i rith na seachtaine a sheoladh ar RTÉ Raidió 1. De réir na bhfigiúirí is déanaí, is é RTÉ Raidió 1 an chéad rogha do dhaoine fásta idir 35-54 bliain d’aois ar fud na tíre fós, agus sciar 13.6% ag an stáisiún, agus is é an t-aon stáisiún é fós a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil os cionn 1 mhilliún aige. Is iontach an méadú a tháinig ar na figiúirí deiridh seachtaine agus is léiriú é sin ar a lárnaí agus atá an raidió i saol na n-éisteoirí ar fud na hÉireann, RTÉ Raidió 1 ach go háirithe. Bíonn 336,000 duine ag éisteacht le RTÉ lyric fm gach seachtain anois. Tá an lucht éisteachta ag méadú ar fud an sceidil agus tá sciar éisteachta an stáisiúin níos airde ná riamh ag 3%. Is léiriú é an toradh iontach seo ar iarrachtaí leanúnacha fhoireann Lyric fm, agus is léir go ndeachaigh na hiarrachtaí sin i bhfeidhm ar an lucht éisteachta atá ag dul i méid. Chomh maith leis sin, tá sciar 2FM méadaithe go dtí 10.4% do dhaoine idir 15-34 bliain d’aois. Mar mheáin náisiúnta seirbhíse poiblí na hÉireann, is dlúthchuid de mhisean RTÉ é freastal ar an lucht éisteachta óg, tábhachtach seo, agus tá an cuspóir sin á chomhlíonadh go leanúnach ag 2FM.”
RTÉ Radio 1
Éisteann 1,376,000 duine le RTÉ Raidió 1 gach seachtain.
Is é Morning Ireland an clár raidió is mó a n-éistear leis fós agus ba ionann líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo agus 471,000.
Bíonn 347,000 duine ag éisteacht le Oliver Callan gach lá (+9,000 bliain ar bhliain).
Bíonn 354,000 duine ag éisteacht leToday with Claire Byrne.
Éisteann 215,000 duine le The Louise Duffy Show agus iad sa tóir ar ábhar éisteachta éadrom agus ceol den scoth.
Tá 284,000 éisteoir ag News at One.
Bíonn 279,000 duine ag éisteacht le Liveline.
Tá 181,000 éisteoir agThe Ray D’Arcy Show.
Éisteann 222,000 duine le Drivetime gach tráthnóna.
Ag an deireadh seachtaine, éisteann 419,000 duine le Brendan O’Connor ar an Satharn (+77,000 bliain ar bhliain), agus bíonn 427,000 duine ag éisteacht ar an Domhnach.(+88,000 bliain ar bhliain).
Tá 355,000 éisteoir ag Playback, a bhíonn ar an aer Dé Sathairn. (+37,000 bliain ar bhliain).
Tá 359,000 éisteoir ag The Business, a bhíonn ar an aer maidin Shathairn. (+22,000 bliain ar bhliain).
Tá 228,000 éisteoir ag Saturday with Colm Ó Mongáin. (+4,000 bliain ar bhliain).
Tá 224,000 éisteoir ag Saturday Sport/Doc On One, a bhíonn ar siúl ó 2-6pm ar RTÉ Radio 1.
Tá 318,000 éisteoir ag Sunday Miscellany. (+47,000 bliain ar bhliain).
Tá 337,000 éisteoir ag Sunday with Miriam. (+37,000 bliain ar bhliain).
Tá 202,000 éisteoir ag This Week, a bhíonn ar siúl Dé Domhnaigh. (+14,000 bliain ar bhliain).
Éisteann 210,000 duine le Sunday Sport. (+6,000 bliain ar bhliain).
Bíonn 47,000 éisteoir ag Arena, a chraoltar laethanta i rith na seachtaine.
Bíonn 54,000 éisteoir ag The John Creedon Show gach oíche Luan go hAoine.
Éisteann 53,000 duine le Rising Time go moch ar maidin ó Luan go hAoine.
Dúirt Tara Campbell, Ceannasaí RTÉ Raidió 1:
“Agus Raidió 1 ag tabhairt faoi chaibidil gheal nua agus an sceideal úr ag tosú Dé Luain, is údar áthais dúinn go bhfuilimid in áit mhaith faoi láthair agus rún againn tuilleadh fáis a dhéanamh; tá muid ar an stáisiún is mó sa tír le breis agus 1.3 milliún duine ag éisteacht linn gach seachtain, agus is muid an ceannaire margaidh ó thaobh éisteoirí idir 35 agus 54 bliain d’aois de. Tá arduithe móra léirithe sna torthaí seo maidir le maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ach go háirithe, agus áit bainte amach ag cláracha amhail Brendan O’Connor, The Business, Playback, Sunday with Miriam agus Sunday Miscellany sna 10 gClár is mó lucht éisteachta. Gabhaimid buíochas mór lenár bhfoirne cláir dícheallacha agus lenár láithreoirí cumasacha ar fud an sceidil as ucht a bheith ag freastal go leanúnach ar ár lucht éisteachta dílis, agus ábhar mealltach á sholáthar acu a chuireann eolas agus siamsaíocht ar fáil do na héisteoirí.”
RTÉ 2FM
Freastalaíonn 2FM ar lucht éisteachta na hÉireann, agus ar éisteoirí a bhfuil dúil acu sa cheol agus sa tsiamsaíocht. Déantar nasc leis na héisteoirí ar bhealaí bríomhara, nua le fuinneamh úr, le guthanna mealltacha agus le scoth an cheoil, agus an stáisiún ar thús cadhnaíochta in Éirinn i gcónaí ó thaobh na craoltóireachta de, mar a bhí le fada an lá.
Éisteann 131,000 duine le 2FM Breakfast ar maidin ó Luan go hAoine.
Bíonn 125,000 éisteoir ag Laura Fox, a chuireann a clár i láthair ó 9am-12pm ar 2FM.(+3,000 Tréimhse ar Thréimhse)
Tá 111,000 éisteoir ag The Tracy Clifford Show, ar a mbíonn an scoth de cheol na hÉireann le cloisteáil agus atá ina bhaile ag RTÉ 2FM Rising.(+1,000 Tréimhse ar Thréimhse)
Cuireann 2FM Drive with Doireann Garrihy siamsaíocht ar fáil d’éisteoirí ar fud na tíre agus iad ar a mbealach abhaile ón obair gach tráthnóna. Éisteann 124,000 éisteoir leis an gclár.
Tá 30,000 éisteoir ag Game On, a bhíonn ar siúl gach oíche ó Luan go hAoine.
Bíonn 57,000 duine ag éisteacht le 2FM Weekend Breakfast with Helen & Benny ar an Satharn agus 27,000 duine ar an Domhnach.
Bíonn 139,000 éisteoir ag Weekend on 2FM with Bláthnaid Treacy ar an Satharn agus 118,000 éisteoir ar an Domhnach.
Bíonn 135,000 éisteoir ag 2FM Weekend Afternoon with Demi & Mikey ar an Satharn (+8,000 Tréimhse ar Thréimhse) agus 106,000 éisteoir ar an Domhnach.
Bíonn 109,000 duine ag éisteacht le 2FM Weekend Drive with Emma & Graham ar an Satharn (+23,000 bliain ar bhliain) agus bíonn 84,000 duine ag éisteacht ar an Domhnach (+21,000 bliain ar bhliain).
Dúirt Dan Healy, Ceannasaí RTÉ 2FM:
“Clúdaíonn an suirbhé seo díreach os cionn 6 mhí den sceideal nua ar 2FM, agus is cinnte go bhfuil an stáisiún socruithe arís tar éis tréimhse athraithe. Táimid an-sásta leis an gcaoi a bhfuil ag éirí leis na cláir ar fad. Tá Demi Isaac agus Mikey O’Reilly ag seasamh isteach do Dhoireann as seo go ceann cúpla mí agus tá ag éirí go seoigh leis an gclár cheana féin.Léiríonn na torthaí go bhfuil ardú maith tagtha ar lucht éisteachta The Laura Fox Show agus The Tracy Clifford Show chomh maith.
Tá ag éirí go maith leis an sceideal deiridh seachtaine fós. Chun cúrsaí a choinneáil mar sin, thugamar Katja Mia isteach chun ionadaíocht a dhéanamh do Bláthnaid Treacy a fhada agus a bheidh sí ar saoire. Cheapfá ag éisteacht le glór Katja go raibh sí ar an aer le blianta fada.Beidh Game On ag imeacht ó 2FM, agus tosóidh clár nua spóirt Inside Sport i rith na seachtaine ar RTÉ Radio 1. Cuirfear tús le clár úr ceoil Beta DaSilva Dé Céadaoin seo chugainn ar a 6pm agus béim mhór ann ar cheol nua Éireannach agus ar cheoltóirí in Éirinn gan chonradh.”
RTÉ lyric fm
Tá fás seasta RTÉ lyric fm ag leanúint ar aghaidh. Bíonn 336,000 éisteoir ag an stáisiún gach seachtain anois agus tá an lucht éisteachta ag méadú ar fud an sceidil. Tá ceol den chéad scoth agus láithreoirí tarraingteacha an stáisiúin ag dul i bhfeidhm ar éisteoirí idir óg agus aosta.
Bíonn 73,000 éisteoir (+5,000 bliain ar bhliain) ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin i rith na seachtaine.
Tá 46,000 éisteoir ag Niall Carroll’s Classical Daytime, a bhíonn ar siúl gach lá i rith na seachtaine. (+4,000 Tréimhse ar Thréimhse)
71,000 duine a bhíonn ag éisteacht gach tráthnóna Sathairn le Movies and Musicals le Aedín Gormley (+17,000 Bliain ar Bhliain)
Tá 60,000 éisteoir ag Sunday Afternoon with Simon Delaney.
Bíonn 61,000 duine ag éisteacht le Weekend Classics with Claudia Boyle ar an Satharn (+18,000 Bliain ar Bhliain) agus bíonn 52,000 éisteoir ag an gclár ar an Domhnach. (+14,000 bliain ar bhliain)
Tá 54,000 éisteoir ag Liz Nolan’s The Full Score/ Aedín in the Afternoon (Dé hAoine)
Tá 70,000 éisteoir ag Classic Drive le Lorcan Murray, a bhíonn ar siúl gach tráthnóna i rith na seachtaine. (+20,000 bliain ar bhliain).
Tá 36,000 éisteoir agThe Mystery Train with John Kelly (Luan-Déardaoin)/ RTÉ lyric Live with Paul Herriott (Aoine) (+9,000 bliain ar bhliain).
Bíonn 54,000 duine ag éisteacht leThe Hamilton Scores le George Hamilton ar an Satharn(+8,000 bliain ar bhliain) agus 48,000 duine ar an Domhnach.
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceannasaí RTÉ lyric fm:
“Is ócáid shóisialta í a bheith ag teacht le chéile chun éisteacht le ceol agus tá an-áthas orainn go bhfuil an oiread sin éisteoirí nua tagtha isteach i bpobal éisteachta Lyric le bliain anuas. Ó bronnadh Gradam IMRO orainn i mí Dheireadh Fómhair mar Stáisiún Ceoil na Bliana, agus ó tá an sciar 3% bainte amach againn anois, is léir dúinn go bhfuil an meascán éagsúil ceoil, ealaíon agus cultúir atá le cloisteáil inár sceideal gach lá ag dul i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus go bhfuil nasc á dhéanamh againn le héisteoirí nua.
Tá an caidreamh seo leis na héisteoirí á léiriú san fhás atá tagtha ar an lucht éisteachta ar fud an sceidil lae; ón gclár is mó éisteachta Marty in the Morning a bhfuil 73,000 éisteoir aige, chuig Lorcan Murray’s Classic Drive a bhfuil 20,000 (bliain ar bhliain) éisteoir nua aige agus 70,000 éisteoir san iomlán agus Movies and Musicals le hAedín Gormley a bhfuil 71,000 éisteoir aige, méadú 17,000 (bliain ar bhliain).
Tháinig méadú ar lucht éisteachta an sceidil deiridh seachtaine chomh maith, agus 61,000 éisteoir anois ag Weekend Classics with Claudia Boyle. Tháinig méadú 3,000 ar éisteoirí The Hamilton Scores le George Hamilton, a bhfuil 54,000 éisteoir aige anois ar an Satharn. Tá méadú 10,000 (bliain ar bhliain) tagtha ar lucht éisteachta Opera Night le Paul Herriott a bhíonn á chraoladh tráthnóna, agus tháinig méadú 16,000 (bliain ar bhliain) ar lucht éisteachta The Lyric Feature. Bhain The Full Score agus Aedín in the Afternoon(Dé hAoine) méadú 6,000 amach sa lucht éisteachta (bliain ar bhliain) agus tá 9,000 (bliain ar bhliain) éisteoir nua ag John Kelly’s Mystery Train agus RTÉ lyric Live le Paul Herriott chomh maith.”
-CRÍOCH-