An BIG BIG TICKET GIVEAWAY BEIDH COMÓRTAS OLLMHÓR CHUN TICÉID A BHUACHAN DON LATE LATE TOY SHOW AR SIÚL AR FUD CHAINÉIL RTÉ
TÁ AN NOLLAIG LINN, AN mBEIDH AN BUA LEAT?
An BIG BIG TICKET GIVEAWAY BEIDH COMÓRTAS OLLMHÓR CHUN TICÉID A BHUACHAN DON LATE LATE TOY SHOW AR SIÚL AR FUD CHAINÉIL RTÉ
Dé hAoine an 21 Samhain, beidh deis ag éisteoirí ar fud stáisiúin raidió RTÉ – RTÉ Radio 1, RTÉ 2FM, RTÉ lyric fm, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Gold – ticéid a bhuachan don oíche is draíochtúla den bhliain.
Beidh The Late Late Show agus Today with Maura, Dáithí & Sinéad ag tabhairt amach ticéid don Late Late Toy Show freisin Dé hAoine an 21 Samhain.
Tá ríméad ar RTÉ an BIG BIG Ticket Giveaway a fhógairt, a thugann deis do dhaoine ar fud na tíre greim a fháil ar na ticéid is mó a mbíonn tóir orthu i rith na bliana – suíocháin ag The Late Late Toy Show.
Is é RTÉ baile The Late Late Toy Show agus is ábhar mórtais dóibh an draíocht sin a scaipeadh ar fud an lucht féachana, rud a thugann deis dóibh páirt a ghlacadh i spraoi na féile. Idir RTÉ Radio 1, 2FM, lyric fm, RnaG agus Gold agus The Late Late Show, Today agus cainéil shóisialta RTÉ, beidh deis ag lucht spéise RTÉ i ngach áit suíocháin a fháil ag an ócáid is draíochtúla den bhliain.
Seoladh an BIG BIG Ticket Giveaway go hoifigiúil ar The Late Late Show nuair a d’fhógair Patrick Kielty go bhféadfaí iarratais a dhéanamh anois beo ar an aer. Is féidir iarratais a chur isteach suas go dtí an 5pm Dé Máirt, an 18 Samhain 2025 Is féidir le lucht spéise iarratas a dhéanamh le bheith sa seans dhá thicéad a fháil ar rte.ie/latelate.
Beidh anToy Show an tarraingt don BIG BIG Giveaway Day ag tarlú ar na haerthonnta náisiúnta Dé hAoine an 21 Samhain Cuirfear glaoch ar na hiarratasóirí beo ar an aer – agus má fhreagraíonn siad an glaoch sula mbuailfidh sé den chúigiú huair, beidh siad ag breathnú beo sa stiúideo ar The Late Late Toy Show ar an Aoine, an 5 Nollaig 2025.
· RTÉ 2FM: Beidh na láithreoirí ag tabhairt amach dhá thicéad gach uair an chloig idir 7am agus 5pm.
· RTÉ Radio 1: Cuirfidh Oliver Callan tús leis an lá ag tabhairt ticéid uaidh idir 11am agus 1pm. Leanfaidh Louise Duffy leis an spraoi agus beidh deis ann níos mó ticéad a bhuachan idir 3pm agus 4pm.
· RTÉ lyric fm: Ó Marty in the Morning go dtí Classic Drive, beidh na láithreoirí ag tabhairt amach ticéad don lucht éisteachta ar feadh an lae.
· RTÉ Raidió na Gaeltachta: Beidh deis ticéid a bhuachan i rith an lae ar Iris Aniar, An Saol ó Dheas, Barrscéalta agus Pé Scéal É.
· RTÉ Gold: Beidh dhá thicéad ag RTÉ Gold le tabhairt amach ag Will Leahy ón 7am.
· Today: Tabharfar tuilleadh ticéad amach beo ar an aer le Maura, Dáithí agus Sinéad ón 3.30pm ar RTÉ One agus an RTÉ Player.
· The Late Late Show: Cuirfear glao beo ar an aer ar bhuaiteoirí deiridh na dticéad órga oíche Dé hAoine ón 9.35pm ar RTÉ One agus an RTÉ Player.
· Meáin Shóisialta RTÉ: Is féidir le lucht spéise a bheith páirteach sa spraoi agus ticéid eisiacha á dtabhairt amach ar fud chainéil shóisialta RTÉ.
Dúirt Patrick Kielty, láithreoir The Late Late Show: “Is oíche dhraíochtúil a bhíonn sa Toy Show – sonas, bréagáin, ceol agus craic. Agus gach bliain cuireann ár lucht féachana sa stiúideo draíocht nach bhfacthas a leithéid cheana leis an ócáid. Baineadh siar asainn anuraidh nuair a chuir 100,000 duine isteach ar thicéid le bheith i lucht féachana an Toy Show. Agus tá ríméad orainn i mbliana go mbeidh cláir RTÉ páirteach spraoi chun deis a thabhairt do níos mó daoine fós a bheith ann ar an oíche mhór.”
An Dáta Deiridh a nGlacfar le hIarratais: Dé Máirt, an 18 Samhain
Déan iarratas anseo: rte.ie/latelate
D’fhéadfadh muid glaoch ort beo ar an aer… mar sin bígí réidh don Toy Show!
CRÍOCH