Tá Dizzy Deliveries ar ais le Sraith 3 ar RTÉ KIDS!
Filleann an tsraith a bhfuil duaiseanna idirnáisiúnta buaite aici agus a bhfuil tóir mhór ag páistí uirthi le 13 chlár úrnua. Beidh páistí agus aíonna fíor-speisialta le feiceáil sa tsraith nua, lena n-áirítear Rosie O’Donnell, Siobhán McSweeney, Orla Casey agus Darren Conway
Beidh Dizzy Deliveries ar ais arís don tríú sraith ar RTÉ KIDS agus ar an RTÉ Player, ag tosú Dé Luain an 17 Samhain. Is í an tsraith cheannródaíoch seo an chéad sraith theilifíse do pháistí riamh in Éirinn ina mbaintear úsáid as an gcóras comharthaíochta láimhe Lámh. Sa tsraith nua, leanfar ar aghaidh le misean an chláir chun rírá draíochtúil, oideachas agus cuimsitheacht a thabhairt don lucht féachana óg ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
Beidh Joe (an draíodóir Joe Daly) an fear seachadta ciotach a bhfuil cion ag cách air i lár an aonaigh arís. Beidh a chara cúnta, an róbat Ozzy, lena thaobh, chomh maith leis an saoiste stuama Aisling (an teagascóir Lámh, Deirdre Coleman). As go brách le Joe gach lá ar a rothar lasta agus eachtra sheachadta nua amach roimhe, ach ní fhéadfadh sé amhlaidh a dhéanamh ina aonar.
Is iad fíor-réaltaí Dizzy Deliveries na páistí iontacha a mbuaileann Joe leo le linn gach turais. Bíonn páiste faoi mhíchumas intleachtúil, páiste a bhfuil riachtanas cumarsáide acu nó páiste atá néara-éagsúil agus a úsáideann Lámh páirteach i ngach clár. Le chéile, cabhraíonn siad le Joe a chuid seachadtaí a dhéanamh, a fhada agus a fhoghlaimíonn an lucht féachana sa bhaile na comharthaí Lámh do thrí fhocal ar leith.
Tabharfaidh sraith a trí an lucht féachana ar 13 eachtra úrnua ar fud na hÉireann. Feicfimid scéalta úra, suíomhanna nua agus a thuilleadh deiseanna do leanaí agus do theaghlaigh chun daoine cosúil leo féin a fheiceáil ar an scáileán.
Sa tsraith seo, beidh mionpháirteanna ag roinnt aíonna speisialta iontacha sna cláir; daoine a bhfuil aithne mhaith orthu ó réimsí na siamsaíochta, an ghrinn agus an spóirt, lena n-áirítear Laura Whitmore, Siobhán McSweeney, Darren Conway, Laura Fox, Orla Casey, Rosie O’Donnell, Vikki Wall, Dean Clancy agus Jack Marley.
Bíonn Dizzy Deliveries á léiriú ag Cúán Mac Conghail agus á stiúradh ag Cian Mac Cárthaigh ón gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta a bhfuil roinnt gradam buaite acu.
Is é an léiriú is tábhachtaí ar rath an chláir, ná an tionchar as cuimse a bhíonn aige ar leanaí a bhfuil riachtanais chumarsáide acu agus ar a dteaghlaigh. I gcás go leor daoine, is é seo an chéad uair a mhothaigh siad go raibh daoine cosúil leo féin á léiriú ar theilifís na hÉireann, agus spreag an clár deartháireacha agus deirfiúracha, comhscoláirí, agus cairde chun Lámh a fhoghlaim agus a úsáid.
Dúirt Niamh Farren, Léiritheoir Feidhmiúcháin, Ábhar do Dhaoine Óga, RTÉ “Tá ríméad orainn Dizzy Deliveries a thabhairt ar ais don tríú sraith”. Is sampla iontach é den chaoi ar féidir le craoltóireacht seirbhíse poiblí tionchar suntasach a imirt, agus leas á bhaint as an gcruthaitheacht, as an ngreann agus as an gcroíúlacht chun a chinntiú go mothaíonn gach páiste go bhfeictear iad, go bhfuil meas orthu agus nach bhfuil siad á bhfágáil ar lár.Tá Dizzy Deliveries ina sprioc-chaighdeán don scéalaíocht chuimsitheach go fóill, agus léiríonn sé tiomantas RTÉ go mbeidh an pobal féachana óg go léir in ann daoine cosúil leo féin a fheiceáil ar an scáileán. Sraith is ea í a bhfuilimid fíorbhródúil aisti, agus a ndeachaigh go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana idir óg agus aosta.”
Dúirt Mary Cullen, Bainisteoir Lámh: “Táimid ar bís ar fad go mbeidh sraith 3 de Dizzy Deliveries ag teacht!”Bhí an-tóir ar Shraith 1 agus ar Shraith 2 ar fud na tíre. Tá go leor daoine eile anois ar an eolas faoi chomharthaíocht Lámh agus faoin tslí gur féidir í a úsáid chun tacú le cumarsáid. D’fhoghlaim teaghlaigh agus cairde comharthaí Lámh ó bheith ag féachaint ar an gclár agus anois is féidir leo comharthaí a dhéanamh in éineacht le Joe, le hAisling, le hOzzy agus leis na páistí iontacha sna cláir ar fad.D’imir Dizzy Deliveries dea-thionchar ar an oiread sin leanaí agus teaghlach, agus anois táimid ag tnúth leis na heachtraí nua a roinnt le gach duine.”
Ó amhrán aitheantas na sraithe le Maria Doyle Kennedy agus Kieran Kennedy, go timpistí áiféiseacha Joe agus na míreanna sa chlár in éindí le páistí ar fud na hÉireann, tá Dizzy Deliveries fós ag sárú bacainní, ag baint gáire as an lucht féachana agus ag cur na cuimsitheachta chun cinn le gach clár.
Seolfar Sraith 3 de Dizzy Deliveries ar RTÉ KIDS agus ar an RTÉ Player Dé Luan an 17 Samhain agus beidh sí á craoladh laethanta i rith na seachtaine.
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Bíonn Dizzy Deliveries á léiriú do RTÉ ag Cúán Mac Conghail ón gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta a bhfuil roinnt gradam buaite acu. Bíonn an tsraith á stiúradh ag Cian Mac Cárthaigh.