TRIÚR DAMHSÓIRÍ PROIFISIÚNTA NUA LE CLIAR DANCING WITH THE STARS 2026
Ag teannadh leis an naoú sraith de Dancing with the Stars, a bheidh ag tosú i mí Eanáir 2026, d’fhógair RTÉ agus Shinawil go mbeidh triúr damhsóirí nua le feiceáil ar an seó iomráiteach teilifíse seo.
Tá cleachtadh ar siúl faoi láthair agus tá triúr damhsóirí nua a tharraingeoidh aird agus gean lucht féachana na hÉireann orthu féin, Arianna Favaro, Leonardo Lini agus James Cutler.
Ciallaíonn sin go mbeidh slán á rá le triúr de na damhsóirí proifisiúnta a bhíodh linn go dtí seo. Is iad an triúr atá ag fágáil an stáitse Salome Chachua, Denys Samson agus Simone Arena.
Beidh na daoine iomráiteacha a bheidh ag damhsa i gCliar DWTS na bliana 2026, chomh maith leis na damhsóirí proifisiúnta a bheidh ina gcéilí damhsa acu, á bhfógairt as seo go ceann roinnt seachtainí.
Tugtar cuntas beathaisnéise ar an triúr damhsóirí proifisiúnta nua thíos (faoi Nótaí don Eagarthóir).
Ag trácht dóibh ar a bheith ag ceangal leis an seó, chuir an triúr a gcuid gliondair in iúl:
Deir Arianna: “Is iontach an scéal domsa a bheith ar Dancing with the Stars. Rud nua a bheidh ann, rud speisialta dom; deis iontach agus is fada liom anois go dtosóidh sé.”
Deir Leonardo: “Tá sceitimíní orm mar gheall ar an gcéad séasúr agam ar Dancing with the Stars. Déanfaidh mé gach dícheall mo dhúspéis féin, an cleachtadh atá agam ar an damhsa agus gach gné den ealaín is breá liom a chur chun tairbhe don uile dhuine.”
Deir James: “Tá ríméad orm a bheith ar Dancing with the Stars! Cloisim go mbíonn an lucht féachana in Éirinn thar cionn uilig, nach bhfuil aon dream inchurtha leo ó thaobh fáilte, féile agus fuinnimh agus táim ag tnúth go mór leis sin a bhrath mé féin! Is ionann ceangal le compántas mar seo agus do tharraingt isteach i dteaghlach craiceáilte mór le rá! Is fada liom go mbuailfidh mé le mo chéile damhsa agus go dtosóimid ag cleachtadh (go dian!). Tá súil agam go gcuirfidh mé nuacht agus beocht leis an seó. Seónna beo an Domhnaigh, scaoil chugainn iad! Sláinte!”
Beidh an damhsóir proifisiúnta Laura Nolan ar ais, tar éis an chraobh a bhreith léi in éineacht le Rhys McClenaghan an séasúr seo caite. Beidh Laura ar ais i gcuideachta Ervinas Merfeldas, Robert Rowiński, Stephen Vincent, Maciej Zięba, Alex Vladimirov, Rebecca Scott agus Daniela Roze. Beidh Kylee Vincent ar ais sa bhálseomra freisin tar éis di an chéad pháiste a thabhairt ar an saol anuraidh.
Ag trácht dóibh ar a gcuid ama le DWTS agus ar dheireadh a bheith ag teacht leis an tréimhse sin, bhí seo le rá ag Salome, Denys agus Simone.
Deir Salome Chachua: “Tar éis ceithre cinn de shéasúir, tá socraithe agamsa, cé gur leasc liom é, seasamh siar ó Dancing with the Stars i mbliana ar chúiseanna pearsanta. Chuir mo chuid ama leis an seó gliondar chomh mór ar mo chroí agus a chuir aon ghné eile de mo shaol oibre. An fuinneamh, an chruthaitheacht, an mheitheal iontach oibre, agus, ar ndóigh, an fháilte agus an spraoi a bhaineann le hoibriú in Éirinn. Aireoidh mé uaim go mór é. Is ábhar mórtais agam go raibh mé sa bhabhta ceannais trí huaire agus, ní fios go fóill, b’fhéidir go mbeinn ar ais agus go dtabharfainn liom an chraobh lá éigin fós… le céile damhsa is dócha nach miste leis cleachtadh breise a dhéanamh go minic! Gabhaim buíochas le tír na hÉireann as gach céim dár chuireamar dínn i rith na mblianta sin.”
Deir Denys Samson: “Ní milis ach searbh a fhógairt nach mbeidh mé ar ais ar DWTS. Chuir an seó seo caoi agus cuma ar oiread sin gnéithe de mo shaol agus táim fíorbhuíoch den uile chéile damhsa, comhghleacaí, cara, duine den lucht leanúna agus ball d’fhoireann iontach Shinawil a chuir ar mo chompord mé ar feadh an bhealaigh. Gabhaim buíochas go háirithe le lucht leanúna an seó — thug teachtaireachtaí, vótaí, bronntanais bhreátha agus an ugach uaibhse ardú meanman dom arís agus arís eile. Ní dhéanaim dearmad ar an gcineáltas a léiríodh chomh minic sin liom. Cé go bhfuil deireadh ag teacht leis an ré seo i mo shaol, ní thiocfaidh an chuimhne ghlé air i léig go deo i m’intinnse. Guím séasúr spleodrach eile fós ar an gcliar agus ar an bhfoireann – beidh mise an uair seo ag tabhairt ugaigh daoibhse.”
Deir Simone Arena: “Tar éis dhá shéasúr iontacha a chaitheamh leis an seó, ní bheidh mise ar ais ar Dancing with the Stars i mbliana. Táim thar a bheith buíoch den mheitheal léiriúcháin, don chriú agus don uile dhuine a chuireann seó chomh hiontach leis le chéile. Mairfidh cuimhne bhreá agam ar mo chuid ama ar an seó.”
Sa tsraith seo ar RTÉ, cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 12 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó an Salsa mar shampla, agus ní bhíonn acu ach seacht lá le snas a chur ar an damhsa sula mbíonn orthu é a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad.
Beidh gach beirt damhsóirí á marcáil ag painéal ceathrar moltóirí saineolais: Oti Mabuse, Brian Redmond, Arthur Gourounlion agus Karen Byrne, chomh maith leis an lucht féachana ag baile, agus tabharfaidh an bheirt bhuacach corn liathróid ghile na gile leo ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ó chúl an stáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
- Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
- TikTok: @RTEOne
- Facebook: @RTEOne
- Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
- #DWTSIrl
-CRÍOCH-
Dáta: Dé hAoine, 21 Samhain 2025
Tá tuilleadh eolais le fáil ó:
Rayna Connery, Ceannasaí Sinsearach Cumarsáide RTÉ, rayna.connery@rte.ie
Kate Smyth, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ, kate.smyth@rte.ie
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is féidir grianghraif de na damhsóirí nua a íoslódáil anseo: https://sl1nk.com/6CxDZ
Arianna Favaro
Is Iodáileach í Arianna a dhéanann damhsa ar an stíl Mheiriceánach Laidineach agus a bhfuil cáil uirthi maidir lena ré i mbun iomaitheoireachta agus a cuid oibre ar an stáitse. As Bologna ó dhúchas í agus is gearr go raibh spéis mhór aici sa damhsa Laidineach tar éis tosú ar an damhsa di nuair a bhí sí 8 mbliana d’aois.
I rith bhlianta na hiomaíochta, bhíodh Michele Trabalza mar chéile damhsa aici; rinne an bheirt damhsa thar ceann na hIodáil ag comórtais damhsa Laidineach an WDSF. Ba mhór an scéal, ag Craobh Náisiúnta na hIodáile (FIDS) 2017, a fheabhas a d’éirigh le Favaro agus Trabalza, bonn cré-umha sa rannóg Faoi 21 don damhsa Laidineach san áireamh.
Tar éis éirí as an iomaíocht sa bhliain 2018, thug Ariana aghaidh ar stáitse. Cheangail sí le Burn the Floor, compántas damhsa a bhfuil cáil ar fud an domhain air, agus bhí sí páirteach i seónna iomráiteacha. Bhí sí ar chláracha teilifíse san Iodáil freisin de leithéid Danza con me agus On Dance. D’oibrigh Arianna san Áise freisin le Stiúideó clúiteach Balich.
Tá diansmacht an lucht spóirt agus spleodar lucht amharclannaíochta le lua le Arianna ionas go bhfuil sí le háireamh ar scothdhamhsóirí an domhain i spórt an damhsa agus i seónna siamsaíochta. Tá caidreamh lánúnachais idir Arianna agus Maciej Zieba, an damhsóir proifisiúnta le DWTS a bhí ina chéile damhsa ag Joanna Donnelly níos luaithe sa bhliain.
Leonardo Lini
Damhsóir as Bassano del Grappa na hIodáile é Leonardo a bhfuil cáil air maidir le damhsa Mheiriceánach Laidineach, damhsa bálseomra agus damhsa nua-aimseartha. Bíonn an teaghlach ar fad ag damhsa agus is damhsóir proifisiúnta deirfiúr níos sine leis, Giada Lini, freisin.
Thosaigh sé ar an damhsa go luath i rith bhlianta a óige agus chleacht sé stíleanna éagsúla, damhsa seónna, damhsa bálseomra agus damhsa Laidineach ina measc. Thug Leonardo craobhacha éagsúla leis le linn bhlianta na hiomaíochta aige: ba é Curadh Federazione Italiana Danza Sportiva (FIDS) é trí uaire i gcatagóirí Sóisear II, Óige agus Faoi 21 agus bhí sé sa bhabhta craoibhe i gcomórtais Eorpacha agus i gcomórtais Dhomhanda.
Tar éis cruthú comh maith sin sna comórtais, tháinig cáil arís ar Leonardo i saol na teilifíse: bhí sé ar Amici di Maria De Filippi, seó mór-ráchairte san Iodáil, agus chuaigh an stíl bríomhar den damhsa Laidineach a chleachtann sé go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
Gné thábhachtach dá ré gairme an saothar atá déanta aige le Burn the Floor, compántas iomráiteach damhsa amharclannaíochta. Tá Leonardo ar dhuine den chliar le Burn the Floor agus cuireann an bunús tréan teicniúil atá lena chuid damhsa agus an teacht i láthair lán de bheocht ar an stáitse go mór lena gcuid seónna fuinniúla.
Tá sárfheabhas an iomaitheora agus spleodar na hamharclannaíochta fite ina chéile i saol an damhsóra ag Leonardo ionas gur fada fairsing a théann a cháil maidir le beocht agus ildánaíocht.
James Cutler
Damhsóir proifisiúnta as an mBreatain é James a dhéanann damhsa bálseomra agus damhsa Laidineach. Bhí James páirteach anuraidh ina dhamhsóir proifisiúnta ar leagan na Beilge de DWTS – d’éirigh leis féin agus Miss Angel, a pháirtí ceiliúrtha, na babhtaí deireanacha den chomórtas a bhaint amach go raibh i ndeireadh báire sa seachtú háit.
Bhí baint láidir leis an damhsa ag teaghlach James ag éirí aníos dó agus tá sé féin ag damhsa ó thús a óige anall.
Tráth a mbíodh sé ag cur isteach ar chomórtais, thug sé craobhacha náisiúnta agus idirnáisiúnta leis—craobhacha sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada, sa Danmhairg agus i dtíortha eile. Rinne sé damhsa ar son Shasana agus Cheanada i gcomórtais agus bhí sé i mbabhta ceannais Chraobh an Domhain.
Taobh amuigh de chúrsaí comórtais, bíonn James páirteach ar bhealaí éagsúla i saol an damhsa. Tá obair teilifíse agus amharclainne saothraithe aige, coragrafaíocht déanta aige ar seónna mór le rá sa West End agus cúnamh tugtha freisin le gnéithe coragrafaíochta ar Strictly Come Dancing.