Ceithre dhráma nua de chuid Storyland le haghaidh 2025 nochta ag RTÉ agus Fís Éireann
Agus ardán á thabhairt ag Storyland 2025 do scéalaíocht úr de chuid na hÉireann agus do thallann atá ag teacht chun cinn, tá drámaíocht na hÉireann á cur i lár an aonaigh.
Tá mórtas ar RTÉ agus ar Fhís Éireann a fhógairt go mbeidh ceithre dhráma úrnua de chuid Storyland á seoladh den chéad uair i mí na Nollag ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player, chomh maith le dráma breise agus an chéad Storyland i nGaeilge.
Agus ardán á thabhairt do scéalaíocht úr de chuid na hÉireann chomh maith le tallann atá ag teacht chun cinn tá drámaíocht na hÉireann á cur i lár an aonaigh. Tá Éire nua-aimseartha, éagsúil á chur os ár gcomhair, tacaíocht á tabhairt do ghuthanna nua i mBéarla agus i nGaeilge araon agus tionscal cruthaitheach á neartú, tionscal atá i gcónaí níos fearr ná a chosúlacht ar an ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is iad na drámaí nua seo an toradh is déanaí ar mhisean Storyland mar a bhaineann le tacú leis an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí na hÉireann chomh maith leis na stiúrthóirí, léiritheoirí agus aisteoirí agus guth níos láidre a thabhairt dóibh. Déanann na ceithre dhráma le chéile iniúchadh ar an gcaoi a gcuireann brú, dearcadh agus iarmhairt ghnáthshaol na ndaoine trína chéile.
Tá Storyland mar chuid de sceideal nach bhfacthas a leithéid cheana ina mbeidh drámaí bunaidh de chuid na hÉireann, atá á léiriú in 2025, ag cur 142 uair an chloig de scéalaíocht ardchaighdeáin ón tír seo ar na scáileáin in Éirinn agus ar fud an domhain, rud a fhágfaidh go mbeidh áit lárnach ag drámaíocht iontach áitiúil na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta.
Ó cuireadh Storyland ar bun sa bhliain 2009, tá sé ina spreagadh agus ina chúnamh ag daoine cumasacha ar fud na hÉireann maidir le tús a chur lena ré gairme sa scríbhneoireacht, stiúrthóireacht, léiritheoireacht agus aisteoireacht agus dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin. Gné amháin atá anseo den straitéis leanúnach atá ag RTÉ maidir le cur leis an bhforbairt a dhéanann sé ar ábhar drámaíochta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal na cruthaitheachta in Éirinn.

Is é The Ick an chéad cheann acu agus craolfar é Dé Luain an 8 Nollag ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ag 9:30i.n.Nuair a bhuaileann tinneas mistéireach geandálaí atá dúghafa lena híomhá féin, glacann sí chuici féin na tréithe is measa dá bhfuil acu siúd a d’eitigh sí go rómánsúil, agus bíonn uirthi aghaidh a thabhairt ar a gligíneacht féin sula mbeidh sise nó duine éigin eile curtha faoi smacht ag an “ick”. Le Sophie Vavasseur, Hannah Mamalis agus Jack Hickey. Arna léiriú ag Aaron Chalke, is é Jason Branagan a scríobh agus a stiúir é do Playbook Media.

Ina dhiaidh sin tiocfaidh Dúirt Bean Liom, a chraolfar Déardaoin, 11 Nollag ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. I mbaile ciúin Gaeltachta, nuair a dhéanann teaghlach Coirdíneach iarracht a gcearta a fháil tar éis achrann le déagóirí de chuid na háite, tosaíonn sraith eachtraí atá bunaithe ar eagla agus ar mhíthuiscint. Nuair a bhíonn míthuiscint ann faoi theagmháil, cuireann an chúlchaint cor sa scéal nó go mbíonn sé ina iompaithe ina rud bagrach. De réir mar a scaipeann na ráflaí ar nós loscadh sléibhe tá an baile ina chíor thuathail, agus is é báire na fola an toradh atá air sa deireadh. Le Danny Mac Eachmharcaigh, Seroosh Max Salimi, Zak Moradi, Tim Creed, Megan Armitage agus Gina Goda. Arna léiriú ag Lia Campbell is é Daniel Butler a stiúir é agus a scríobh é lena chomhscríbhneoir Matthew Roache do Escape Pod Media. Agus an tionscadal á fhorbairt, d’oibrigh an fhoireann léiriúcháin go dlúth le hAmharclann Ghaoth Dobhair chun ceardlanna scripte éagsúla a reáchtáil agus oibriú le déagóirí ón gceantar. Le linn an phróisis seo tugadh páirteanna d’aisteoirí céaduaire as Gort an Choirce, Gaoth Dobhair agus An Fál Carrach, ina measc Rheddyn Ní Ghairbheá, Odhrán O’Donnell, Fionnuala Nic Aodha Bhuí, Fachtna Ó Briain, Huidí Mac Ghairbheá agus Zirar Ameer. Rinneadh an scannánú ar Dúirt Bean Liom ar an láthair i gceantar Gaeltachta Ghort an Choirce agus an Fháil Charraigh.

Taispeánfar Grace den chéad uair ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ar an Luan an 15 Nollag. Tá buachaill ag Grace, bean óg a bhfuil Siondróm Down uirthi. Cuirtear a scéal grá ciúin as a riocht nuair a dhéanann daoine eile cinntí ar a son, agus bíonn uirthi troid ar son a neamhspleáchais, a caidrimh agus an ceart atá aici éisteacht a fháil.Is dráma corraitheach é Grace a bhaineann le bean i ndeireadh a cuid 20idí a bhfuil Siondróm Down uirthi, le linn di a bheith ag déileáil le castachtaí shaol an duine fhásta, leis an neamhspleáchais agus lena céadsearc ón taobh istigh d’ionad tacaíochta cónaithe. Ó pheirspictíocht Grace a rinneadh an scannánú ina iomláine agus cloistear comhráite faoina saol trí scoilteanna sna doirse, thar bhanastair, nó ón seomra béal dorais, ionas go bhfuil an lucht féachana sáite ina saol. Le Fiadhnait Canning agus Luca Malocco Mulville. Tá Carrie Crowley, Jeanne Nicole Ní Áinle, Deirdre Morley, Ally Ní Chiaráin agus daoine nach iad le feiceáil sa scannán Grace chomh maith. Arna léiriú ag Nuala Carr, is é Zlata Filipovic an Léiritheoir Feidhmiúcháin agus is í Anna Rodgers a scríobh agus stiúir é do Invisible Thread.

Craolfar an ceann deireanach, Collision ar an Déardaoin an 18 Nollag ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Téann beirt chairde scoile ar a dteitheadh tar éis dóibh a bheith freagrach as timpiste gluaisteáin inar tharla marú. Agus an dlí ag teacht níos gaire dóibh, tugann na buachaillí aghaidh ar a gcuid mothúchán. Rinneadh scannánú ar an tionscadal ar an láthair i gCathair na Mart, i gCo. Mhaigh Eo. Le Cúán Hosty Blaney agus Cameron Brady. Scríobh agus stiúir Michael Carolan é, léirigh Emer Durcan agus an cineamatagrafaí Brian Durcan é do Western Front Studios
Dúirt David Crean, Ceannasaí Drámaíochta RTÉ,
“Bíonn sé iontach i gcónaí sraith nua de dhrámaí Storyland a chur i láthair an lucht féachana ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Is é an rud is fearr faoi Storyland ná gur féidir scéalaíocht úr de chuid na hÉireann a chur chun cinn agus guthanna nua a thabhairt chuig an teilifís le scéalta bunaidh. I mbliana, agus ceithre dhráma úrnua againn, lena n-áirítear ár gcéad Storyland riamh i nGaeilge, tá ríméad orainn tallann atá ag teacht chun cinn a chur i láthair agus léargas á thabhairt acu ar Éire nua-aimseartha, ilghnéitheach. Cúis áthais dúinn a bheith ag leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre lenár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann. Agus muid ag obair le chéile, tá muid ag cinntiú go mbíonn bealach fiúntach ag tallann agus ag daoine nua isteach i réimse na drámaíochta, chun tionscal atá i gcónaí níos fearr ná a chosúlacht ar an ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta, a neartú.
Dúirt Kate McColgan, Ceannasaí Teilifíse Fís Éireann,
“Arís eile, tá iontas orainn faoi chaighdeán na hoibre a cuireadh ar fáil don tionscnamh Storyland. Taispeánann na ceithre scannán seo an chuid is fearr de scannánaíocht nua na linne seo in Éirinn agus tá muid thar a bheith bródúil as an tallann atá os comhair an cheamara agus taobh thiar de. Mar is gnách, is cúis áthais d’ Fhís Éireann a bheith in ann oibriú go dlúth arís lenár gcomhghleacaithe in RTÉ agus an deis iontach seo a bheith againn tacú le cuid de na déantóirí nua scannán atá againn in Éirinn. ”
Ar sceideal na bliana seo tá scéinséirí tarraingteacha, drámaí saincharachtair agus téamaí comhaimseartha cumhachtacha agus ceann de na ceithre cinn á insint i nGaeilge agus i gCoirdis, ag tarraingt airde ar ár dtiomantas leanúnach do ghuthanna agus do chultúir éagsúla a bheith á léiriú ar an scáileán.
-CRÍOCH-