“Tar éis comhthionól ghinearálta geimhridh an EBU sa Ghinéiv inniu, áit gur deimhníodh go mbeadh Iosrael ag glacadh páirte i gComórtas Amhrán Eoraifíse in 2026, níl athrú tagtha ar sheasamh RTÉ. Ní ghlacfaidh RTÉ páirt i gComórtas Amhrán Eoraifíse na bliana 2026, agus ní chraolfaidh RTÉ an comórtas.
Creideann RTÉ nach mbeadh sé ceart ná cóir d’Éirinn páirt a ghlacadh sa chomórtas, i bhfianaise líon na ndaoine a maraíodh i nGaza, gan trácht ar an ngéarchéim dhaonnúil atá fós ag cur pobal na Palaistíne i gcontúirt mhór. Is cúis mhór imní go fóill do RTÉ an sléacht atá á dhéanamh ar iriseoirí i nGaza le linn an chogaidh, agus an srian iomlán atá curtha ar na meáin dhomhanda i nGaza.”