Fógraítear Niamh Kavanagh, laoch an chomórtais Eoraifíse, ar an gcéad iomaitheoir ar Dancing with the Stars 2026.
Is í Niamh Kavanagh, buaiteoir chomórtas Eoraifíse, an chéad iomaitheoir iomráiteach atá fógartha maidir le Dancing with the Stars 2026. Beidh an tsraith mhór-ráchairte ar ais ar RTÉ One agus RTÉ Player i mí Eanáir ionas go mbaineann spleodar le gach Domhnach.
Mar gheall ar Chomórtas Amhrán Eoraifíse a bhuachan ar son na hÉireann leis an mbailéad “In Your Eyes” sa bhliain 1993 is fearr cáil ar Niamh. Bhí an t-amhrán sin ar an gceirnín singil ab fhearr díol in Éirinn an bhliain sin agus tá sé ar cheann de na bailéid is so-aitheanta le comórtas Eoraifíse go fóill. Bhí sí ar ais sa chomórtas sa bhliain 2010 le “It’s for You”, agus rinne sí an bealach ar fad go dtí an babhta craoibhe in Osló, dea-theist arís ar a stádas i measc laochra chomórtas Eoraifíse.
Tá Niamh ar dhuine de láithreoirí an chláir podchraoltóireachta Agony Rants in éineacht le Gearóid, fear grinn a bhí ina iomaitheoir anuraidh ar Dancing with the Stars. Bhí Gearóid go mór chun tosaigh ag moladh do Niamh páirt a ghlacadh i sraith na bliana 2026.An mbeidh douze points á dtabhairt ag na moltóirí do Niamh i rith an tséasúir seo?
Ag trácht di ar bheith páirteach in Dancing with the Stars, deir Niamh:
“Tá mé an-tógtha leis an scéal ach gan mé ag ligean tada orm féin – ag imeacht ar nós “cuma liom”! Ba bhréag a rá nach bhfuil imní orm, is mór an ní dul i bhfiontar os comhair an tsaoil mhóir. Ach dáiríre, sceitimíní is mó atá orm, ní móide go bhfuilim an-mhaith chuige seo, ach déanfaidh mé gach dícheall a bheith chomh maith agus atá ionam ar chaoi ar bith!
Cúrsaí gallántachta agus glioscarnaí is aistí agamsa déarfainn, is annamh a bheinn ag smaoineamh ar sheacainí, gan trácht ar dhath gréine trína smearadh orm – níl poill fáinne sna cluasa agam fiú! Is beag taithí atá agam ar chóiréagrafaíocht fhoirmeálta. Nuair a bhínn i seónna scoile, is iondúil gur i mbun amhránaíochta a chuirtí mé agus dúradh liom fanacht as an mbealach ar dhaoine eile go dtagadh an t-am a raibh amhrán le canadh agam. Chaith mé tréimhse ghairid ag dul ag ranganna bailé ceart go leor, sé mhí nó mar sin nuair a bhí mé dhá bhliain déag d’aois – sé bliana d’aois a bhí an chuid eile den rang agus níor éirigh rómhaith liom. Ach is cinnte gur maith liom damhsa a dhéanamh agus, ar ndóigh, bím ag gluaiseacht ar an stáitse – cé nach é chomh mór céanna é na laethanta seo. Bhí mé páirteach i ngeamaireachtaí ach is iondúil gur duine de na drochdhaoine mise agus gúna mór fairsing orm ionas nach bhfeictear na cosa ag dul in aimhréidh – ach tá siúl go mórálach ionam, déanaim an méid sin go maith!
Is breá liom Strictly agus Dancing with the Stars.Bím ag faire orthu bliain i ndiaidh bliana. Bíonn mo thuairim féin agam faoi gach cor a chuireann damhsóirí astu … ach nach furasta a bheith ag caint! Tugaim faoi deara forás ag teacht ar dhaoine agus iad ag dul tríd an bpróiseas, is mór mo thnúth lena leithéid sin, ach níor shíl mé go dtí seo gur rud é a mbeinnse oiriúnach lena aghaidh, tá oiread ag baint leis nach bhfuil aon mhaith liomsa chuige. Má dhéanaim an fhírinne, is mór an seans go mbeidh mé faoi gheasa i láthair Oti agus táim thar a bheith tógtha cheana féin le Brian, Karen agus Arthur. Dáiríre, is fada liom go mbím ag obair leis an dream seo uilig agus go bhfeicim conas a éiríonn leis na hiomaitheoirí eile. Tá súil agam go gcruthaíonn an uile dhuine go maith agus tá mé féin ag dul ag bualadh faoi gan mhairg go mbainim taitneamh as an iomlán – gleo agus gliondar, smideadh agus smearadh.
Dancing with the Stars arna chur i láthair ag Jennifer Zamparelli agus Laura Fox, ag déanamh ionadaíochta ar son Dhoireann Garrihy an séasúr seo le linn dise a bheith ar saoire. Sa tsraith seo ar RTÉ, cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 12 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó an Salsa mar shampla, agus ní bhíonn acu ach seacht lá le snas a chur ar an damhsa sula mbíonn orthu é a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad.
Beidh gach beirt damhsóirí á marcáil ag painéal ceathrar moltóirí saineolais: Oti Mabuse, Brian Redmond, Arthur Gourounlian agus Karen Byrne, chomh maith leis an lucht féachana ag baile, agus tabharfaidh an bheirt bhuacach corn liathróid ghile na gile leo ag deireadh na sraithe.
Bí ag faire ar an nglioscarnach gliondarach ó Dé Domhnaigh an 4 Eanáir 2026 amach ar RTÉ One agus RTÉ Player.