Déanann sí damhsa, déanann sí an jive: Katelyn Cummins, Rós Thrá Lí, an tríú hiomaitheoir atá fógartha maidir le Dancing with the Stars 2026
Tá fógartha gurb í Katelyn Cummins, Rós Thrá Lí na bliana seo, an tríú hiomaitheoir a bheidh ag gluaiseacht trasna an urláir ar an naoú sraith de Dancing with the Stars. Beidh an tsraith a mbíonn tóir mhór uirthi ar ais ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player i mí Eanáir 2026. Is í Katelyn a roghnaíodh ina Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2025 i mí Lúnasa. Ise an 65ú Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí agus an chéad Rós riamh as Contae Laoise ar bronnadh an gradam sin uirthi. As baile beag ar theorainn Laoise agus Chill Chainnigh í Katelyn atá i mbun printíseacht leictreoireachta agus a chuireann roimpi céim san innealtóireacht a dhéanamh. Ag trácht di ar bheith páirteach in Dancing with the Stars, deir Katelyn: “Ón 19 Lúnasa, nuair a bronnadh craobh Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí orm, tá mé ag
gealladh dom féin go dtapóidh mé gach deis a thagann i mo bhealach agus go mbainfidh mé gach leas is féidir as an mbliain iontach seo. Tá mé thar a bheith buíoch agus an-ríméadach go deo a bheith páirteach i mbliana in Dancing with the Stars. Ba iad mo thuismitheoirí is túisce a chuala an scéal – iadsan a sheas riamh liom, is iad is cúis le gach rath dá mbíonn orm. Tá súil agam go mbím i m’ábhar mórtais i gcónaí acu agus i mo spreagadh ag mo dheirfiúr agus ag mo dheartháir. Thaitnigh damhsa riamh liom, damhsa Gaelach agus damhsa seite, agus ceoldrámaíocht ar scoil. Ba bhreá liom máistreacht a fháil ar an jive, tá sin ar cheann de na cineálacha is fearr liom le roinnt blianta anois nuair a bhím ag damhsa le mo mháthair agus le mo chuid cairde. Saol éagsúil a bheidh ann domsa, athrú mór ón Snickers agus na bróga móra ach tá an-fhonn go deo orm tosú agus gach dícheall dá bhfuil ionam a dhéanamh ina bhun!” Ní nuacht ar bith ag Katelyn a bheith amuigh ar an urlár ag damhsa. Thug sí an lucht féachana léi i rith an tsamhraidh nuair a rinne sí jeighbheáil ar an stáitse mar chuid de chomórtas Rós Thrá Lí. Tá caint déanta ag an mbean 21 bhliain d’aois seo freisin faoi phrintíseacht a dhéanamh agus faoin ngá cuidiú le mná tuiscint níos fearr a fháil ar roghanna éagsúla oideachais taobh amuigh de ghnáthbhealach an choláiste. Jennifer Zamparelli agus Laura Fox a chuireann Dancing with the Stars i láthair. Sa tsraith seo ar RTÉ, cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 12 phearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó an Salsa mar shampla, agus ní bhíonn acu ach seacht lá le snas a chur ar an damhsa sula mbíonn orthu é a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad. Beidh gach beirt damhsóirí á marcáil ag painéal ceathrar moltóirí saineolais: Oti Mabuse, Brian Redmond, Arthur Gourounlian agus Karen Byrne, chomh maith leis an lucht féachana ag baile, agus tabharfaidh an bheirt bhuacach corn liathróid ghile na gile leo ag deireadh na sraithe. Bí ag faire ar an nglioscarnach gliondarach ó Dé Domhnaigh an 4 Eanáir 2026 amach ar RTÉ One agus RTÉ Player. Nótaí d’Eagarthóirí
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ. Déanann Hyundai urraíocht ar Dancing with the Stars. Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta: Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl TikTok: @RTEOne Facebook: @RTEOne Twitter: @RTEOne @DWTSIrl #DWTSIrl
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Máirt an 9 Nollaig 2025