Ceiliúradh á dhéanamh in 2026 ar 100 Bliain den Chraoltóireacht Phoiblí in Éirinn.
Ag 7.45pm an 1 Eanáir 1926, tháinig an chéad chraoladh raidió poiblí de chuid stát nuabhunaithe na hÉireann ó 2RN, a bhí ann roimh RTÉ. Ó na chéad chraoltaí brioscarnacha sin go dtí an raon leathan de sheirbhísí fuaime, físe agus meán sóisialta atá anois ina gcuid den saol laethúil, tá na meáin seirbhíse poiblí, le céad bliain anuas, fanta i gcónaí ina nguth iontaofa agus riachtanach i saol na hÉireann. Le linn na mblianta sin, bhí RTÉ, agus é i gcruth 2RN, Radio Éireann, Teilifís Éireann agus RTÉ ina dhiaidh sin, i gcroílár shaol na hÉireann, ag tabhairt eolais, ag mealladh na ndaoine agus ag cur siamsaíocht ar fáil dóibh agus réimse na seirbhísí á leathnú i gcaitheamh an ama.
Le céad bliain anuas, chabhraigh RTÉ, agus é ag feidhmiú mar chraoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann – agus le déanaí, nuair a leathnaíodh a sheirbhísí níos faide ná an chraoltóireacht raidió agus teilifíse, mar eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí na hÉireann – lenár bhféiniúlacht náisiúnta a mhúnlú, agus é ag insint ár scéalta, idir mhaith agus olc, i mBéarla agus i nGaeilge, ag ceiliúradh ár n-éachtaí, ag tacú leis an tallann chruthaitheach agus ag tabhairt daoine le chéile le haghaidh cuimhneacháin thábhachtacha náisiúnta – cuimhneacháin chultúir, pholaitíochta agus spóirt ina measc – agus na cuimhní luachmhara coiteanna seo á gcaomhnú aige.
In 2026, déanfaidh RTÉ ceiliúradh ar 100 bliain den chraoltóireacht phoiblí in Éirinn le sraith craoltaí agus léirithe speisialta – atá leagtha amach thíos – agus muid ag breathnú ar an dul chun cinn atá déanta againn chomh maith le cá bhfuil ár dtriail.
Ag labhairt dó faoin mbliain amach romhainn, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst:”Tá sé de phribhléid agam a bheith i gceannas ar RTÉ agus muid ag ceiliúradh 100 bliain dochreidte chomh maith leis an ról speisialta atá ag na meáin phoiblí in Éirinn i dtréimhse a bhfuil an oiread sin éiginnteachta agus an oiread sin dúshlán os ár gcomhair sa domhan. Cé go bhfuil go leor athruithe tarlaithe, ní raibh an oiread gá riamh le meáin seirbhíse poiblí láidre, neamhspleácha agus iontaofa, a mbeadh teacht orthu ag cách. Is cinnte go mbeidh an ceiliúradh seo ag breathnú siar ar imeachtaí tábhachtacha a tharla le 100 bliain anuas, ach díreoidh siad freisin ar an gcaoi a gcuirfidh RTÉ seirbhís ar fáil don lucht féachana agus éisteachta amach anseo, agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt dhúshlán na bréagaisnéise, ag tacú le huaillmhian na cruthaitheachta agus na nuálaíochta, ag tacú le cultúr na hÉireann, ag tabhairt léargais ar an tír uilig agus ar an éagsúlacht shaibhir a bhaineann léi, agus ag tabhairt daoine le chéile le haghaidh cuimhneacháin mhóra náisiúnta a chruthaíonn aontas sa tír.
Tá súil agam go mbeidh na cláir agus na léirithe atá curtha le chéile againn thíos chun an ócáid thábhachtach seo a chomóradh ina n-ócáidí ceiliúrtha chomh maith le bheith meáite, ionas go spreagfar machnamh agus plé faoin tábhacht a bhaineann leis na meáin seirbhíse poiblí agus an chúis gur fiú troid ar a son.”
BUAICPHOINTÍ AN CHLÁIR AGUS NA LÉIRITHE
I rith na bliana beidh RTÉ ag comóradh céad bliain ar an bhfód agus clár d’ábhar atá coimeádaithe go cúramach á chur i láthair ar ár seirbhísí ar fad, chomh maith le léirithe speisialta agus tionscnaimh for-rochtana ó Cheolfhoireann Coirme RTÉ.
ÁBHAR FUAIME
Oíche Chinn Bliana 2025
Cuirfidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ 100 Years of Song, Swing and Soul i láthair sa Cheoláras Náisiúnta Oíche Chinn Bliana. Mar chuid den cheolchoirm seo beidh píosa ceoil nua le Guy Barker a coimisiúnaíodh go speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain den raidió, agus seinnfear é seo díreach tar éis meán oíche. Craolfar an cheolchoirm iomlán ar RTÉ lyric fm agus beidh an píosa nua le cloisteáil beo ar RTÉ Radio 1 chomh maith.
Déardaoin an 1 Eanáir 2026
Beidh réimse ábhair ó Chartlann RTÉ mar chuid de RTÉ 100: Voices of Radio ó 7.00pm ar RTÉ Radio 1, chun comóradh a dhéanamh ar an bhfíoram ar seoladh an tseirbhís raidió 2RN in 1926.
RTÉ beo ó Ard-Oifig an Phoist
Ón 7.00am Déardaoin an 15 Eanáir beidh RTÉ ag craoladh beo ó Ard-Oifig an Phoist ar RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta chun an 100ú bliain den chraoltóireacht phoiblí in Éirinn a sheoladh go hoifigiúil.
My Sound Life
Sraith nua raidió agus podchraolta is ea My Sound Life ina dtugtar cuntas ar an ról a bhí ag fuaim, lena n-áirítear an raidió, i saol raon leathan de rannpháirtithe éagsúla. (Dáta craolta le fógairt).
Imeachtaí Speisialta Cheolfhoireann Coirme RTÉ
Cuirfidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ sraith taibhithe speisialta i láthair ar fud na tíre os comhair lucht féachana beo agus beidh siad beo freisin ar RTÉ Radio 1 agus ar RTÉ lyric fm. Fógrófar an t-eolas ar fad i dtús na bliana 2026.
On Air
Sraith de dheich gclár raidió agus podchraolta is ea On Air ina n-inseofar scéal na ndaoine ó 2RN go dtí RTÉ. Mairfidh gach clár leathuair an chloig agus tabharfar léargas ar an áit agus ar an gcaoi ar chualamar fúinn féin le céad bliain anuas. Mar chuid de On Air beidh roinnt clár a coimisiúnaíodh go speisialta. Beidh an leabhar a théann leis, a foilsíodh i gcomhar le New Island, maisithe go hiomlán le grianghraif dhaite agus cáipéisí uathúla ó Chartlann RTÉ agus ó áiteanna eile, agus go leor acu seo á bhfoilsiú den chéad uair.
Sunday Miscellany
Pléifidh Sunday Miscellany comóradh céad bliain na craoltóireachta anois agus arís i rith 2026, ag tosú i mí Eanáir le machnaimh agus cuimhní cinn ó na scríbhneoirí Olivia O’Leary, Gerry Stembridge, Doireann Ní Bhriain, Felicity Hayes McCoy, Margaret Galvin agus go leor eile.
Bowman: Dé Domhnaigh: 8.30
Leanfaidh John Bowman ar aghaidh ag taispeáint an tsaibhris a bhaineann le Cartlann RTÉ gach maidin Dé Domhnaigh i rith 2026, le heagráin dírithe ar stair an raidió; agus an ról a bhí aige i saol na hÉireann.
Craoltaí Seachtracha Rolling Wave
Cuirfidh The Rolling Wave ar RTÉ Radio 1 sraith clár i láthair a tharraingeoidh aird ar an ról a bhí ag an raidió i bhforbairt an cheoil thraidisiúnta in Éirinn. Beidh cláir bhreise á gcraoladh freisin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
ÁBHAR FÍSEÁIN
A Century of Stories
Breathnóidh an clár faisnéise seo, atá ina dhá chuid, ar bhealach timpeallach ar an gcaoi ar fhorbair 2RN, Raidió Éireann agus RTÉ chun scéal na hÉireann a insint dúinn féin agus don domhan mór. Ó na raidiónna criostail a bhí ann i dtús ama go dtí treochtaí TikTok agus eile, pléifidh an tsraith cúrsaí ceoil, spóirt, nuachta, Gaeilge, drámaíochta agus grinn agus an chaoi ar chuidigh siad seo le cruth a chur ar scéal na tíre. Déanfar plé sa tsraith freisin ar an gcaoi a bhfuil an chruthaitheacht, na srianta agus uaireanta fiú an chiotrúntacht a bhaineann leis na meáin seirbhíse poiblí in ann léargas a thabhairt ar Éirinn agus ar an domhan agus muid ag dul isteach sa chéad aois eile.
Ar RTÉ.ie
Beidh RTÉ ag coimeád agus ag comhthéacsú an ábhair iontaigh a bhaineann leis an gcomóradh céad bliain ar líne, ar gach ardán de chuid RTÉ, agus leas á bhaint as an acmhainn luachmhar atá againn i gCartlann RTÉ.
Nationwide
I rith na bliana beidh tuairiscí téama-bhunaithe le feiceáil ar Nationwide agus iad ag fiosrú an chaoi ar chabhraigh an chraoltóireacht seirbhíse poiblí le pobail fud fad na tíre.
TACAÍOCHT DON FHEACHTAS
Ón Déardaoin 1 Eanáir ar aghaidh, tabharfaidh RTÉ comharthaíocht ghrafach agus fuaime RTÉ 100 isteach ar fud a sheirbhísí físe agus fuaime, agus tá “The Signal”, scannán 60 soicind, coimisiúnaithe ag RTÉ chomh maith. Is iad foireann inmheánach na seirbhísí cruthaitheacha agus margaíochta/branda in RTÉ a chruthaigh an réamhfhógrán don cheiliúradh ar 100 bliain de na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn agus léireoidh sé oidhreacht agus todhchaí RTÉ, chomh maith le léargas a thabhairt, ag úsáid meascán den aicsean beo agus den bheochan, ar an gcaoi ar fhorbair craoltóireacht na hÉireann.
Beidh an feachtas ar siúl ar feadh 12 mhí, i bhfoirmeacha éagsúla, agus tá an costas measta ag teacht leis na costais chaighdeánacha atá sa tionscal le haghaidh feachtais atá chomh huaillmhianach leis seo agus ar aon scála leis.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach féachaint ar www.rte.ie/100 agus ar mheáin shóisialta RTÉ ar Instagram, Facebook, TikTok, X agus LinkedIn ag baint úsáid as #RTE100.