Buaiteoirí 2025 “Cóir don Nollaig” RTÉ lyric fm 2025 Fógartha
Fógraíodh buaiteoirí 2025 inniu, Dé Domhnaigh an 21 Nollaig, don chomórtas córúil is mó in Éirinn “Cóir don Nollaig” atá á óstach ag RTÉ lyric fm. Tháinig breis is 4,000 amhránaí ar fud na tíre le chéile ina gcór áitiúil agus bhí siad ag cleachtadh, ag taifeadadh agus chuir siad iontráil faoi bhráid RTÉ lyric fm agus a gcuid buanna á roinnt acu le lucht éisteachta lyric (ar líne, ar na meáin shóisialta agus ar an aer) an Nollaig seo. Fuarthas 164 iontráil ó gach cearn den tír ó Aontroim go dtí an tInbhear Mór, Mullach Íde go dtí an Muileann gCearr agus ó Ghaillimh go Corcaigh agus ghlac na cóir seilbh ar na haerthonnta an Nollaig seo ar Weekend Classics le Claudia Boyle. Fógraíodh na buaiteoirí inniu, Dé Domhnaigh an 21 Nollaig, ar Weekend Classics le Claudia Boyle ar RTÉ lyric fm. Roinneadh an chatagóir don Chór is Fearr san Iomlán idir LORICA Chamber Choir le “Huron Carol” agus Geantraí le “Magical Machine”. Is as Baile Átha Cliath an dá chór.
Bunaíodh LORICA, atá á stiúradh ag an Dr Michael T. Dawson, i mí Meán Fómhair 2024 chun iniúchadh a dhéanamh ar an nGaeilge, an cultúr agus oidhreacht agus iad a chur chun cinn trí úsáid á bhaint as na healaíona córúla. Is ionann Geantraí, atá á stiúradh ag Naoise Whearity, agus cór tionscadal-bhunaithe fuinniúil a thugann amhránaithe le chéile a bhfuil an paisean céanna á roinnt acu don cheol córúil. Dúirt Gail Henry Léiritheoir RTÉ lyric fm:“Tá an pobal i gcroílár an chomórtais seo. Tá cóir áiteanna oibre, cóir pharóiste, cóir bhunscoile, cóir mheánscoile, cóir ollscoile, cóir shoiscéalacha, cóir thíre, cóir óige, cóir scoile stáitsíochta, cóir sheid na bhfear, cóir phríosúin, cóir aireagail, cóir phobail a chuimsíonn néaltrú, cóir ón nGaeltacht agus cóir eaglasta againn. Bhí réimse na gcór go hiontach. Bhí ‘Jingle Bells’ go ‘Somewhere in my Memory’ ar chuid de na traiceanna ab fhearr leo, agus tá sé soiléir go bhfuil an chumhacht ag córchantaireacht daoine den uile aois a mhealladh isteach ar bhonn sóisialta mar go bhfuil an ghníomhaíocht is ansa leo idir lámha acu – ag amhránaíocht le chéile. Is é an muintearas agus an ionchuimsitheacht atá i gcroílár chomórtas na gCór don Nollaig RTÉ lyric fm’.” Buaiteoir – Cóir don Nollaig 2025, RTÉ lyric fm AN CÓR IS FEARR SAN IOMLÁN LORICA Chamber Choir, Baile Átha Cliath | Huron Carol Á stiúradh ag an Dr Michael T. Dawson Éist:LORICA | Huron Carol | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Geantraí | A Magical Machine Á stiúradh ag Naoise Whearity Éist: Geantraí, Baile Átha Cliath | A Magical Machine | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN CÓR AB FHEARR A THÁINIG SA DARA HÁIT Cór Aireagail Luimnigh | O Magnum Mysterium Á stiúradh ag Máire Keary-Scanlon Éist:Cór Aireagail Luimnigh | O Magnum Mysterium | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm GRADAM ARDMHOLTA SPEISIALTA
Fabre | Oíche Chiúin Á stiúradh ag Ciarán Kelly Éist:Fabre, Co. Bhaile Átha Cliath | Oíche Chiúin | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Cuore | Puer natus est Á stiúradh ag Amy Ryan Éist:Cuore, Co. Bhaile Átha Cliath | Puer natus est | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Amhránaithe Mornington | In dulci jubilo Á stiúradh ag Amy Ryan Éist:Amhránaithe Mornington, Baile Átha Cliath | In dulci jubilo | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN CÓR ÓGRA IS FEARR Cór Ógra Bhaile Átha Cliath | A Christmas Prayer Á stiúradh ag Lynsey Callaghan Éist:Cór Ógra Bhaile Átha Cliath | A Christmas Prayer | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm GRADAM ARDMHOLTA SPEISIALTA an Academy Chamber Choir Tulach Mór | A Babe is Born in Bethlehem Á stiúradh ag Ciaran Brady Éist:An Academy Chamber Choir, Tulach Mór, Co. Uíbh Fhailí | A Babe is Born in Bethlehem | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN CÓR POBAIL / AN CUMANN CÓRÚIL IS FEARR Cór Fear Phríosún Mhainistir Shelton | Do you hear what I hear Á stiúradh ag Anita Mahon Éist:Cór Fear Phríosún Mhainistir Shelton | Do You Hear What I Hear | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm GRADAM ARDMHOLTA SPEISIALTA Cór Seoda Tíre | Lú La Ló Á stiúradh ag Martina Ryan Murphy Éist:Cór Seoda Tíre Trá Lí, Co. Chiarraí | Lú La Ló, Our Saviour Sleeps | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Vocaleze | A Winter’s Tale
Á stiúradh ag Noelle Barrett Éist: Cór Vocaleze, An Fhianait, Co. Chiarraí | A Winter’s Tale | Chóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN CÓR BUNSCOILE IS FEARR Cór Scoil Náisiúnta Naomh Bríde, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath | Go, Go, Go to Bethlehem Á stiúradh ag Niamh Williams Éist:Cór Scoil Náisiúnta Naomh Bríde, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath | Go, Go, Go to Bethlehem | Coir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm GRADAM ARDMHOLTA SPEISIALTA Cór Scoile GNS Hollypark, Carraigh an tSionnaigh, Baile Átha Cliath | All on a Silent Night Stiúrthóirí an Chóir: Berni Gunning agus Siobhán de Fréin Éist: Cór Scoile GNS Hollypark, Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath | All On a Silent Night | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN CÓR IAR-BHUNSCOILE IS FEARR Cór Scoile Choláiste na nDoiminiceach, Baile Átha Cliath | The Sussex Carol Stiúrthóirí an Chóir: Noelle Murray agus Katie Judge Éist:Coláiste na nDoiminiceach, Ascaill Uí Ghríofa. Baile Átha Cliath | An Sussex Carol | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm GRADAM ARDMHOLTA SPEISIALTA Cór Sinsearach Scoil Phobail an Chaisil | (Everybody’s waiting for) The Man with the Bag Á stiúradh ag John Murray Éist: Cór Scoil Phobail an Chaisil, Co. Thiobraid Árann | (Everybody’s wait for) The Man with the Bag | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Grúpa Córúil CBS Dhurlais | Christmas Star Á stiúradh ag Deirdre Ryan Preston Éist:Grúpa Córúil CBS Dhurlais, Co. Thiobraid Árann | Christmas Star | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Meánscoil Chnoc Chairméal, Baile Átha Cliath | Have yourself a Merry Little Christmas Stiúrthóir an Chóir Louise Murtagh Éist:Meánscoil Chnoc Chairméal, Co. Bhaile Átha Cliath | Have yourself a Merry
Little Chrismas | Cóir don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm AN TAIBHIÚ IS FEARR DE SHAOTHAR CÓRÚIL COMHAIMSEARTHA na hÉIREANN Cór Aireagail Óige Bhaile Átha Cliath | A Nywe Werk Á stiúradh ag Lynsey Callaghan Éist:Cór Aireagail Óige Bhaile Átha Cliath | A Nywe Werk | Cór don Nollaig 2025 – RTÉ lyric fm Aimsigh cór atá gar duit trí fhéachaint ar léarscáil idirghníomhach Chóir don Nollaig RTÉ lyric fm a bhfuil iontrálaithe go léir chomórtas na bliana seo le feiceáil uirthi:Cóir do Léarscáil Iontrálaithe na Nollag 2025 Éist arís le hiontrálaithe na bliana seo:Gearrthóga ó Chóir don Nollaig – RTÉ lyric fm
-CRÍOCH-