Nuair a bhuail an clog ar mheánoíche, cuireadh tús le 2026, agus le sceideal iontach clár nua ar RTÉ. Cuirfear idir shiamsaíocht agus fhaisnéis ar fáil don lucht féachana, agus meallfar a gcuid spéise ó thús go deireadh an gheimhridh. Léiriú ar scoth-shiamsaíocht na hÉireann a bhí i sceideal an deireadh seachtaine seo caite. D’fhill roinnt de na cláir is mó in Éirinn ar an scáileán agus b’iontach líon na ndaoine a bhreathnaigh orthu ar RTÉ.
D’fhill Tommy Tiernan ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player oíche Dé Sathairn (3 Eanáir) le sraith úr-nua den chlár dosháraithe The Tommy Tiernan Show.304,000 duine ar an meán a bhí i lucht féachana RTÉ One ar an oíche (lena n-áirítear RTÉ One+1) agus iad ag breathnú ar Tommy i mbun cainte leis an dlíodóir um chearta an duine Caoilfhionn Gallagher, le Shaun Ryder ón mbanna ceoil Happy Mondays, agus le Linford Christie. George Houston a bhí ina aoi-cheoltóir ar an gclár. Bhí 27% díobh siúd a bhí ag breathnú ar an teilifís ag an am ag breathnú ar RTÉ One. D’fhéach 19,000 duine eile siar ar an gclár ó shin, agus bhí 21,943 sruthú den chlár ar an RTÉ Player.
Aréir, Dé Domhnaigh an 4 Eanáir, a cuireadh tús leis an naoú séasúr de Dancing with the Stars, clár a chuireann teaghlaigh suim mhór ann. Tá ardmholtóir úr-nua, Oti Mabuse ag an tsraith a mheall 550,000 duine ar an meán chun breathnú ar RTÉ One (lena n-áirítear RTÉ One+1). B’ionann é sin agus sciar 45% den lucht féachana. Bhí 29,764 sruthú ar an RTÉ Player. Is ar chlár Dé Domhnaigh seo chugainn a sheolfar an chéad iomaitheoir abhaile ón tsraith nua.
Aréir a d’fhill Room to Improve le Dermot Bannon chomh maith, agus an fhoireann ag dul i ngleic le tithe den uile scála agus den uile chineál, agus iad ag cuidiú le teaghlaigh ar mhian leo a dtithe a mhéadú, a laghdú, nó díreach iad a fheabhsú, agus caibidil nua den saol amach rompu. I gclár 1, chuir an lucht féachana aithne ar Dheirdre agus Kieran Kelly, ar fhág a bpáistí teach an teaghlaigh i gCluain Saileach le déanaí. Theastaigh ón lánúin aistriú a dhéanamh ón teach mór folamh ar ais chuig an gcéad teach a bhí acu a thaitin go mór leo agus a bhí níos lú. D’fhéach 537,000 duine ar an meán ar an gclár ar RTÉ One (lena n-áirítear RTÉ One+1), arb ionann é agus sciar 49% den lucht féachana. Bhí 16,151 sruthú ar an RTÉ Player.
Chomh maith leis sin, d’fhéach 390,000 duine ar an meán ar chlár Fair City na hoíche aréir ar RTÉ One (lena n-áirítear RTÉ One+1), arb ionann é agus sciar 32% den lucht féachana. Bhí 16,746 sruthú ar an RTÉ Player.
Fergus McCormack, Ceannaire Cumarsáide