Beidh RTÉ ag obair go dícheallach ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe
Beidh RTÉ ag obair go dícheallach ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe 2026
Craolfar cláir de chuid RTÉ 2FM agus RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón imeacht.
Na Cliffords beo | Turas ar fhíorstiúideo raidió | Déan do réamhfhógrán féin a thaifeadadh|
Agus tuilleadh | #StripeYSTE
Tá mórtas ar RTÉ a bheith ag filleadh ar an RDS chun tacú le Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe 2026, a bheidh ar siúl ón gCéadaoin go dtí Dé Sathairn an 7-10 Eanáir.
Agus an suíochán is fearr ar fad á thabhairt aige do na héisteoirí i dtaca le todhchaí na heolaíochta agus na teicneolaíochta in Éirinn, beidh cuid de sheónna móréilimh RTÉ 2FM agus RTÉ Raidió na Gaeltachta á gcraoladh againn beo ónár stiúideo raidió ag StripeYSTE 2026.
Beidh deis iontach ag an dream a thabharfaidh cuairt ar stiúideo RTÉ ag an taispeántas breathnú thart ar stiúideo raidió atá ag lánfheidhmiú, a réamhfhógráin féin a thaifeadadh agus a chur in eagar agus sult a bhaint as réimse de chluichí idirghníomhacha, tumtha ar an scáileán mór.
Agus beidh taibhiú beo ann ó cheann de na grúpaí ceoil is spreagúla dá bhfuil ag teacht chun cinn in Éirinn, Cliffords, agus iad i measc na gceoltóirí ar fiú aird a thabhairt orthu mar chuid de 2FM Rising 2025. Osclóidh Cliffords an taispeántas le ceol beo Dé Céadaoin an 7 Eanáir, agus bronnfaidh Florence Okojie ó News2Day an gradam úrnua, Gradam Eolaíochta agus Sochaí RTÉ, ar an tionscadal is fearr a úsáideann an eolaíocht agus an teicneolaíocht chun dul i ngleic le fadhbanna a gcaithfidh Éire na linne seo aghaidh a thabhairt orthu.
>>>NA BUAICPHOINTÍ
· Ceol beo ag an searmanas oscailte (Dé Céadaoin) ó cheoltóirí de chuid RTÉ 2FM Rising ar fiú súil a choinneáil orthu, Cliffords, ar an bpríomhstáitse.
· Beidh Laura Fox, Tracy Clifford, Katja Mia agus Helen and Benny ó RTÉ 2FM ag craoladh seónna beo as stiúideo RTÉ san RDS (féach an sceideal thíos).
· Chomh maith leis sin craolfar an clár siamsaíochta éadrom de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pé Scéal É, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill beo ó StripeYSTE
>>>AN SCEIDEAL
DÉ CÉADAOIN an 7 EANÁIR
· 14.00: Ceol Beo ón Searmanas Oscailte le ceoltóirí de chuid RTÉ 2FM Rising ar fiú súil a choinneáil orthu, Cliffords, ar an bpríomhstáitse.
DÉARDAOIN an 8 EANÁIR
· 12.00 – 15.00: Tracy Clifford beo ar RTÉ 2FM ón RDS
DÉ hAOINE an 9 EANÁIR
· 9.00 – 12.00: The Laura Fox Show beo ar RTÉ 2FM ón RDS
· 15.00 – 17.00: Pé Scéal É le Máire Treasa Ní Dhubhghaill beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón RDS
DÉ SATHAIRN an 10 EANÁIR
· 9.00 – 12.00: Weekend Morning le Katja Mia beo ar RTÉ 2FM ón RDS
· 12.00-15.00: Weekend Afternoon le Helen and Benny beo ar RTÉ 2FM ón RDS
Déan cinnte go mbeidh an t-eolas is déanaí agat maidir le gach rud a bheidh ag tarlú ag taispeántas RTÉ san RDS trí muid a leanúint ar Facebook, Instagram, TikTok agus X agus úsáid á baint agat as #StripeYSTE
CRÍOCH
Eolas breise: Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide RTÉ | R: neil.ogorman@rte.ie