DANCING WITH THE STARS – CÉ A CHUIRFEAR AS AN ÁIREAMH NÍOS LUAITHE SA tSRAITH NÁ RIAMH ROIMHE?
DANCING WITH THE STARS– CÉ A CHUIRFEAR AS AN ÁIREAMH NÍOS LUAITHE SA tSRAITH NÁ RIAMH ROIMHE?
Beidh Dancing with the Stars ar an scáileán arís Dé Domhnaigh agus casadh mór millteach ann a chorróidh cách sa bhálseomra.
Den chéad uair sna naoi mbliana ó thosaigh an clár, is i Seachtain a Dó seachas Seachtain a Trí a chuirfear an chéad bheirt as an áireamh – an péire is luaithe leis an gcomórtas a fhágáil riamh. Beidh gach coiscéim idir dhá cheann na meá agus na péirí ar a ndícheall le háit a bhaint amach ar chlár speisialta na seachtaine seo chugainn, Seachtain na Scannán, a chraolfar Dé Domhnaigh an 18 Eanáir. Agus é fágtha ag bun an dréimire an tseachtain seo a chuaigh thart ag dul don cha-cha-cha, beidh Paudie Moloney, pearsa mhór The Traitors Ireland, go mór ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na moltóirí. Beidh sé féin agus a leathbhádóir Laura Nolan ag tabhairt faoi Válsa, The Godfather Waltz le Carlo Savina agus Nino Rota mar thionlacan acu – rogha chuí a théann go maith le leasainm Paudie, “The Paud-father”. Agus ar an taobh eile ag barr an dréimire bhí Katelyn Cummins, Rós reatha Thrá Lí. Beidh sí féin is a páirtí Leonardo Lini ag súil le héacht eile, iad ag tabhairt faoi jeighbh in éineacht le APT. le Rosé agus Bruno Mars. Tá seantaithí ag Katelyn ar an jeighbheáil i ngnáthnós na hÉireann – sin an bua a léirigh sí i Rós Thrá Lí – ach an éireoidh léi ag dul don chur chuige Laidineach? Beidh Eric Roberts, duine de láithreoirí Ireland AM, agus a pháirtí Arianna Favarro ag iarraidh taispeántas láidir eile a thabhairt dúinn, iad ag damhsa Foxtrot agus Daisies le Justin Bieber á dtionlacan. Bhí tús lag ag an bpodchraoltóir Amber Wilson agus beidh sí
féin is a páirtí Alex Vladimirov ag iarraidh go n-éireoidh níos fearr leo ag damhsa Tangó chun dul le Call Me le Blondie. Beidh aisling á hóige á fíorú i gcás réalta Fair City, Stephanie Kelly, an tseachtain seo. Deir Stephanie féin go bhfuil a croí istigh i gceol Britney Spears agus í an-tógtha faoi Cha-cha-cha a dhamhsa lena páirtí Ervinas Merfeldas leis an amhrán I’m a Slave 4 U. Agus blaiseadh den Salsa i ndiaidh dul i bhfeidhm ar na moltóirí an tseachtain seo caite, bainfidh Jordan Dargan ó The Apprentice triail as rud éigin níos moille. Déanfaidh sé féin is a pháirtí Rebecca Scott Válsa Víneach dúinn agus Diamonds & Roses le Kingfishr ann in éindí leo. D’éirigh le láithreoir Nationwide Anne Cassin agus leis an amhránaí is scríbhneoir Brian Kennedy 23 pointe an duine a bhaint amach an tseachtain seo a d’imigh tharainn. Beidh siad ag féachaint le tógáil ar an éacht sin. Tabharfaidh Anne is a páirtí Robert Rowiński faoin gcéad Paso Doble an séasúr seo agus The 5th le David Garrett le gabháil leis. Bainfidh Brian is a leathbhádóir James Cutler triail as Cha-cha-cha á thionlacan ag Mr Electric Blue le Benson Boone. Salsa a bhí acu i dtús an chláir an tseachtain seo caite agus tá buaiteoir na hEoraifíse Niamh Kavanagh ar ais arís lena páirtí Stephen Vincent do Mhearchéim i gcuideachta Billy-A-Dick le Better Midler. Tá Tolü Makay, ceoltóir eile, agus a páirtí Maciej Zięba chun American Smooth a dhéanamh dúinn i dteannta an cheoil Man I Need le Olivia Dean. Tá an t-iomróir Oilimpeach Philip Doyle agus an fuirseoir Michael Fry beirt ag dul tabhairt faoi dhamhsa Laidineach i Seachtain a Dó agus dreas bálseomra curtha i láthair acu an tseachtain seo a chuaigh thart. Salsa a bheidh againn ó Philip agus a pháirtí Daniela Roze agus mar thionlacan acu beidh We Are One le Pitbull. Is Samba a thriailfidh Michael agus a pháirtí proifisiúnta Kylee Vincent agus an t-amhrán a bheidh acusan ná Sapphire, amhrán móréilimh Ed Sheeran ó 2025. An bheirt ar an scór is ísle ar fad idir scóir na moltóirí agus vótaí an phobail go dtí an pointe sin, cuirfear as an áireamh iad Dé Domhnaigh an 11 Eanáir. Beidh gach beirt damhsóirí á marcáil ag painéal ceathrar moltóirí saineolais: Oti Mabuse, Brian Redmond, Arthur Gourounlian agus Karen Byrne, chomh maith leis an lucht féachana ag baile, agus tabharfaidh an bheirt bhuacach corn liathróid ghile na gile leo ag deireadh na sraithe. Is iad Jennifer Zamparelli agus Laura Fox a chuireann Dancing with the Stars i láthair. Bíonn sé le feiceáil ar an Domhnach go lár mhí an Mhárta ar 6:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Cibé péire a chuirfear as an áireamh, cuirfidh Laura Fox agallamh orthu ar 9:30am maidir Dé Luain ar 2FM. Tig súil a choinneáil ar an spraoi ar fad agus é ag titim amach gach oíche Shathairn ar Rianaire Siamsaíochta RTÉ: Beo: Beo ar an aer: Dancing with the Stars ar ais arís!
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Céadaoin an 7 Eanáir 2026 Breis eolais: Rayna Connery, Ceannasaí Sinsearach Cumarsáide,