RTÉ le 100 bliain a cheiliúradh i gcraoltaí speisialta beo ó Ard-Oifig an Phoist Déardaoin an 15 Eanáir
Á gcraoladh beo beidh Breakfast with Carl, Roz & Aisling ar RTÉ 2FM, Today with David McCullagh ar RTÉ Raidió 1, The Full Score ar RTÉ lyric fm, Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Arena ar RTÉ Raidió 1.
Tá sraith bliana de chraoltaí, tionscadail agus léirithe speisialta beartaithe ag RTÉ i mbliana le comóradh a dhéanamh ar 100 bliain den chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn. Déanfar ceiliúradh ar an stair agus, san am céanna, caithfear súil chun cinn ar an méid atá i ndán do na meáin seirbhíse poiblí.
Beifear ag craoladh beo ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Déardaoin an 15 Eanáir idir an 6 ar maidin agus an 8 san oíche. Seolfar bliain chomóradh an chéid go hoifigiúil an lá sin. Áit speisialta don cheiliúradh seo atá in Ard-Oifig an Phoist toisc gurbh ón áit seo a dhéantaí an raidió a tharchur in Éirinn ó 1928. Ba san fhoirgneamh seo a bhí Radio Éireann lonnaithe go 1976.
Seoladh an chéad chraoladh timpeall an choirnéil ar Shráid na Danmhairge Bheag.
Ag 7.45pm an 1 Eanáir 1926, tháinig an chéad chraoladh raidió poiblí de chuid stát nuabhunaithe na hÉireann ó 2RN, a bhí ann roimh RTÉ. Ó na chéad chraoltaí brioscarnacha sin go dtí an raon leathan de sheirbhísí fuaime, físe agus meán sóisialta atá anois ina gcuid den saol laethúil, tá na meáin seirbhíse poiblí, le céad bliain anuas, fanta i gcónaí ina nguth iontaofa agus riachtanach i saol na hÉireann. Le linn na mblianta sin, bhí RTÉ, agus é i gcruth 2RN, Radio Éireann, Teilifís Éireann agus RTÉ ina dhiaidh sin, i gcroílár shaol na hÉireann, ag tabhairt eolais, ag mealladh na ndaoine agus ag cur siamsaíocht ar fáil dóibh agus réimse na seirbhísí á leathnú i gcaitheamh an ama.
Le céad bliain anuas, chabhraigh RTÉ, agus é ag feidhmiú mar chraoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann – agus le déanaí, nuair a leathnaíodh a sheirbhísí níos faide ná an chraoltóireacht raidió agus teilifíse, mar eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí na hÉireann – lenár bhféiniúlacht náisiúnta a mhúnlú, agus é ag insint ár scéalta, idir mhaith agus olc, i mBéarla agus i nGaeilge, ag ceiliúradh ár n-éachtaí, ag tacú leis an tallann chruthaitheach agus ag tabhairt daoine le chéile le haghaidh cuimhneacháin thábhachtacha náisiúnta – cuimhneacháin chultúir, pholaitíochta agus spóirt ina measc – agus na cuimhní luachmhara coiteanna seo á gcaomhnú aige.
Craolfar cláir i nGaeilge agus i mBéarla Déardaoin ar RTÉ 2FM, RTÉ Raidió 1, RTÉ lyric fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, éisteoirí á dtabhairt le chéile chun an ócáid stairiúil seo a chomóradh.
Breakfast with Carl, Roz & Aisling ar RTÉ 2FM a chuirfidh tús le himeachtaí an lae, á chraoladh beo ó Ard-Oifig an Phoist agus a léamh pearsanta féin acu ar eachtraí in Éirinn le 100 bliain anuas.
Today with David McCullagh ar RTÉ Raidió 1 a ghlacfaidh seilbh ar chúrsaí ar a 9. Cluinfear plé painéil ar stair, sochaí, spórt agus ceol na hÉireann agus ionchur ann ó ghuthanna ceannasacha ó ghnéithe den saol poiblí, cuir i gcás Uachtarán CLG Jarlath Burns, na láithreoirí ceoil Dave Fanning agus Jenny Greene, an tOllamh le Nua-Stair na hÉireann Diarmuid Ferriter, Staraí Cónaithe Bhaile Átha Cliath Theas-Lár Cathy Scuffil agus an Cartlannaí agus údar Catriona Crowe. Mar chuid den chlár fosta caithfear súil siar ar fhorbairt na fógraíochta ar an raidió. Beidh ceol beo ann ó The Henry Girls, agus ó Zoe Conway agus John McIntyre.
Ar The Full Score with Liz Nolan ar RTÉ lyric fm beidh Banna Uimhir 1 an Airm linn ar chlár speisialta chun an céad a chomóradh. Iadsan a sheinn an chéad cheol a chualathas ar 2RN. Beidh an teanór Gavan Ring ina dteannta chun cúpla amhrán a chanadh, dhá amhrán ina measc a canadh sa chéad chraoladh úd thiar sa bhliain 1926.Beidh tuilleadh cosúlachta leis an gcéad chraoladh ansin agus ceol ón ré sin á sheinm ag an gcláirseoir Aisling Lyons chomh maith le ceol na linne seo. Ar na haoichainteoirí beidh Mairéad Delaney, cartlannaí in Amharclann na Mainistreach, a thabharfaidh cuntas ar shaol na n-ealaíon in Éirinn sna 1920idí agus 1930idí, agus an Leifteanantchoirnéal Fergal Carroll, Stiúrthóir Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann, a labhróidh ar ról na Scoile agus ról bhannaí na Scoile, anois agus roimhe seo, mar ambasadóirí thar ceann na hÉireann.
Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, á láithriú ag Fachtna Ó Drisceoil, a thiocfaidh ar an aer ansin ón 5 tráthnóna. Ar an gclár beidh comhráite faoi stair na seirbhíse craoltóireachta, caithfear súil siar sna cartlanna agus beidh aíonna speisialta ann a labhróidh ar a gcuimhní cinn ar an raidió in Éirinn. Duine acu sin ná an staraí Iarfhlaith Watson, saineolaí ar an bhféiniúlacht náisiúnta agus ar chraoltóireacht na Gaeilge. Beidh Doireann Ní Bhriain ag caint ar a cuimhní ar chuairt a thabhairt ar Raidió Éireann agus í óg, áit oibre a máthar Neasa Ní Annracháin, agus ar a saol oibre féin sa raidió agus sa drámaíocht. Beidh Ian Lee linn ag machnamh siar ar an seal a chaith sé ina léiritheoir agus láithreoir raidió i nDomhnach Broc agus beidh deis againn éisteacht le Síle Ní Bhaoill ag cuimhneamh siar ar scéalta ón seomra stiúrtha, ar chraoltaí móra cinniúnacha agus ar a taithí mar bhean cheannródaíoch san innealtóireacht fuaime i measc na bhfear.
Arena ar RTÉ Raidió 1 a bheidh ansin ann agus clár speisialta eile chun an céad a cheiliúradh. Beidh ceol beo againn ón bpíobaire Louise Mulcahy, agus ó Paul Noonan agus Brian Crosby, Pilgrim anois ach roimhe seo sa ghrúpa Bell X1. Ar Arena breathnófar ar an scríbhneoireacht agus ar an gcaidreamh a mhaireann i gcónaí idir ealaíontóirí agus an raidió mar spás cruthaitheachta cultúir. Linn ar an gclár beidh an t-úrscéalaí Paul Lynch a bhfuil Duais Booker buaite aige, an t-úrscéalaí Christine Dwyer Hickey a bhfuil Duais Walter Scott buaite aici agus an scannánóir Colm Bairéad a ainmníodh do ghradam Oscar.
Craolfar tuar na haimsire ar maidin, ag am lóin agus san iarnóin ar Aimsir RTÉ beo ó Ard-Oifig an Phoist, leis. I dteannta ghnáth-thuar na haimsire, tabharfar léargas dúinn ar an gcuma a bhí ar thuar na haimsire ar an lá céanna 100 bliain ó shin.
Éist siar Déardaoin an 15 Eanáir ar stáisiúin raidió RTÉ agus éist siar ar Sheinnteoir Raidió RTÉ.
Cuirfear clár saincheaptha ábhair i láthair ar sheirbhísí ar fad RTÉ i mbliana chun an céad bliain seo a cheiliúradh, as seo go deireadh na bliana, chomh maith le ceolchoirmeacha speisialta agus tionscnaimh phobail ó Cheolfhoireann Coirme RTÉ.
-CRÍOCH-
Dáta: 13 Eanáir 2026