Stampa speisialta chun 100 Bliain den Chraoltóireacht in Éirinn a cheiliúradh
In Ard-Oifig an Phoist inniu, nocht Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an chéad stampa de Chlár Stampaí 2026 An Post, chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 Bliain den Chraoltóireacht.
Déanann an stampa seo ceiliúradh ar ócáid thábhachtach i saol cultúrtha na hÉireann agus ar an éacht atá déanta maidir le forbairt na craoltóireachta in Éirinn le céad bliain anuas. Tháinig an chéad stáisiún craolacháin raidió i Saorstát Éireann, 2RN, ar an aer Lá Caille 1926. Ina dhiaidh sin, ar Oíche Chinn Bliana 1961, tháinig an teilifís nuair a thosaigh Teilifís Éireann (ar tugadh Teilifís RTÉ air níos déanaí) ag craoladh.
Is iad REd&Grey as Baile Átha Cliath a dhear an stampa a bhfuil ‘aeróg’ shuntasach air agus comharthaí tarchuir ina thimpeall atá ag spré amach ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, ón 15 Eanáir ar aghaidh, beidh eagrán teoranta de chlúdach céadlae, a bheidh á sheachadadh saor in aisce, le fáil ó anpost.com/shop agus in oifigí poist atá roghnaithe.
Ón am ar bunaíodh é go dtí an ról atá aige faoi láthair agus é ina eagraíocht meán seirbhíse náisiúnta poiblí, bhí RTÉ i gcónaí i gcroílár scéal na craoltóireachta in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, cuireann seirbhísí físe, fuaime agus digiteacha RTÉ, in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, eolas, rannpháirtíocht agus siamsaíocht ar fáil do phobal éagsúil na hÉireann fud fad an domhain. Baineann an ócáid thábhachtach seo, agus comóradh á dhéanamh ar chéad bliain, le teacht chun cinn an náisiúin chomh mór agus a bhaineann sí le scéal na craoltóireachta poiblí ar ár n-oileán.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan: “Nuair a thosaigh 2rn ag craoladh i dtosach, ní raibh an náisiún seo ach ina thús, sna chéad bhlianta dá neamhspleáchas, agus cé go raibh a chuid acmhainní teoranta, thug an Stát tús áite do ghuth nua a aimsiú don tír agus é a roinnt léi. Is mar sin a bunaíodh, anseo in Éirinn, meán atá go dtí an lá atá inniu ann ar cheann de na cineálacha cumarsáide agus féinléirithe is inrochtana agus is tarraingtí dá bhfuil ann – agus an ráchairt chéanna air inniu agus a bhí riamh agus formhór na ndaoine anseo in Éirinn fós ag éisteacht leis an raidió ar bhonn laethúil. Tríd an meán seo, bhí ról lárnach ag 2rn agus ag RTÉ – chomh maith leis an iliomad seirbhísí raidió tráchtála, áitiúla agus pobail – i gcruthú agus i gcothú na féiniúlachta, an chultúir agus fiú an charachtair a bhaineann le hÉirinn an lae inniu.
Tá an stampa poist ‘The 100 years of Broadcasting’ ag comóradh céad bliain de cheann de na céimeanna is tábhachtaí a bhain le tír nua, a bheadh neamhspleách agus muiníneach a thógáil a bhí ag iarraidh guth a roinnt a bhí nua agus a bhain go sonrach linn féin.”
Ag labhairt dó, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Tá an t-aitheantas atá tugtha ag An Post do 100 bliain den chraoltóireacht phoiblí in Éirinn agus an ról speisialta atá ag na meáin phoiblí i gcónaí in Éirinn, go háirithe tráth a bhfuil go leor éiginnteachta agus go leor dúshlán sa domhan a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu, thar a bheith tábhachtach. Tá stair iontach chomhroinnte ag ár n-eagraíochtaí agus an chéad chraoladh raidió poiblí a rinne stát nua na hÉireann ar Lá Caille 1926 déanta faoi mhaoirseacht na Roinne Poist agus Telegrafa. Dá bhrí sin cuireann an stampa comórtha atá An Post ag seoladh go mór leis na craoltaí raidió speisialta de chuid RTÉ ó Ard-Oifig an Phoist amárach agus lenár gclár de chraoltaí agus d’imeachtaí i rith na bliana seo atá chomh tábhachtach sin dúinn.”

Dúirt Stiúrthóir Fuaime RTÉ, Patricia Monahan: “Is iontach an rud é 100 bliain den chraoltóireacht phoiblí in Éirinn a fheiceáil á ceiliúradh trí stampa comórtha An Post agus muid ag seoladh go hoifigiúil an bhliain chomórtha céad bliain seo le réimse craoltaí speisialta ar RTÉ Raidió 1, 2FM, lyric fm agus Raidió na Gaeltachta beo ó Ard-Oifig an Phoist amárach. Cé gur ceiliúradh atá i gceist leis an gclár de chraoltaí agus d’imeachtaí atá againn i mbliana, tá sé tomhaiste freisin agus spreagfar plé faoin údar a bhfuil tábhacht leis na meáin seirbhíse poiblí agus an chúis gur fiú troid ar a son.”
Dúirt David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post: “Tá stair chomhroinnte ag An Post agus ag RTÉ maidir le bunú an Stáit, agus a bheith lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist. Déanaimid comhghairdeas lenár gcomhchuideachta as 100 bliain de sheirbhís phoiblí iontach a chur ar fáil.”
Déardaoin an 15 Eanáir, beidh RTÉ ag craoladh beo ó Ard-Oifig an Phoist chun an comóradh tábhachtach seo a cheiliúradh. Bhí 2RN lonnaithe i Sráid na Danmhairge Bige i dtús ama, ach bhog sé isteach in Ard-Oifig an Phoist in 1928 agus d’oibrigh sé as sin go dtí 1976. Cloisfear Breakfast with Carl, Roz & Aisling, ar RTÉ 2FM Today le David McCullagh ar Raidio 1, The Full Score ar lyric fm, Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta agus Arena ar Radio 1 mar chuid den chraoladh.