Tá sé oifigiúil! Tá Beverley Callard tagtha chomh fada leis an gCarraig. Tá an t-aisteoir a bhfuil an-tóir uirthi, agus a bhfuil eolas uirthi mar gheall ar na róil mhóra agus íocónacha a bhí aici, ag aisteoireacht anois le Fair City. Beidh Beverley i ról Lily, máthair Gwen nach bhfuil dé uirthi le blianta. Bean aisteach, thaghdach chríonna í Lily a choinneoidh muintir na Carraige ar a n-airdeall!
Beidh Beverley le feiceáil i Fair City den chéad uair an 19 Feabhra 2026, agus creid uainne é, beidh aiféala oraibh má chailleann sibh an ruaille buaille go léir a chruthóidh sí ar an mbaile.