Fógraíonn RTÉ go bhfuil socraithe ag Mari Hurley éirí as an ról a bhí aici ina Príomhoifigeach Airgeadais le RTÉ chun glacadh le post eile taobh amuigh den eagraíocht. Leanfaidh Mari i mbun a cúraim le RTÉ go dtí ráithe an earraigh.
Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Ó tháinig sí ag obair le RTÉ sa bhliain 2024, chuir Mari comhairle, léargas agus cúnamh sármhaith ar leibhéal gairmiúil ar fáil domsa agus don Mheitheal Ceannasaíochta i rith ré lenar bhain dúshlán don eagraíocht. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh léi as ucht an díol mór oibre a chuir sí i gcrích le linn a tréimhse le RTÉ, obair a chuidigh leis an eagraíocht a chur ar ais ar shlí a marthana maidir le cúrsaí airgeadais.
Bhí Mari mionchúiseach ag plé le ceisteanna a tugadh anall agus sinn ag cur creat daingean rialachais ar bun don am atá le theacht agus táthar an-bhuíoch di as ucht a cuid saothair. Is mian liom gach dea-ghuí a chur le Mari i mbun a cuid oibre nua.”
Deir Mari Hurley: “Leanann RTÉ i mbun ról buntábhachtach mar eagraíocht meán cumarsáide seirbhíse poiblí don lucht féachana agus éisteachta in Éirinn. Ba ghné thábhachtach an réimse fairsing oibre a cuireadh i gcrích le linn mo thréimhse féin le RTÉ den saothar maidir le creat rialachais níos daingne a thabhairt i bhfeidhm ar fud na heagraíochta. Is mian liom gach rath a ghuí ar Kevin, ar an mBord agus ar mo chuid comhghleacaithe in RTÉ agus iad ag leanúint leis an gclár suntasach athraithe atá ar siúl in RTÉ.”
Beidh RTÉ ag lorg iarratais go gairid do phost an Phríomhoifigigh Airgeadais.
CRÍOCH
Eolas breise: Neil O’Gorman | Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ | neil.ogorman@rte.ie