Tá an grá san aer! Tá First Dates Ireland ar ais
Déardaoin an 29 Eanáir ag 9:35pm ar RTÉ2 agus an RTÉ Player
Beidh an clár geandála ar ais le seanrud, rud nua agus geandálaí a bhféadfadh aithne a bheith agat air cheana
Cuirfear beocht i dtráthnónta Déardaoin leis an séasúr úrnua de First Dates Ireland a fhillfidh Déardaoin an 29 Eanáir ag 9:35pm ar RTÉ2. Cuirfidh an t-aonú sraith déag den chlár geandála is deise in Éirinn grúpa nua daoine singile a bheidh ag iarraidh casadh le duine speisialta inár láthair.
Mar is iondúil beidh Mateo an Maitre D’ agus na freastalaithe Alice agus Pete ann, agus beidh Neil taobh thiar den bheár chun misneach agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Beidh an fhoireann ann i rith an tséasúir chun na geandálaithe a thabhairt ag a gcuid suíochán, an biachlár a thaispeáint dóibh agus iad a threorú trí mhaith agus olc.
Beidh deis ag gach duine ar an rómáns: idir óg, sean, heitrighnéasach, LATDA, daoine nua, daoine suntasacha atá ag filleadh, daoine cúthaile agus daoine muiníneacha.
Is cosúil go mbeidh an-ghealladh faoi Shéasúr 11 agus muid ag cur fáilte roimh na geandálaithe is sine riamh chuig an mbialann ar First Dates. Beidh aoi speisialta ar an séasúr seo freisin agus í ar thóir an ghrá: iariomaitheoir ar The X Factor, Mary Byrne, atá ag súil nach n-aithneoidh aon duine í. Is féidir leis an lucht féachana a bheith ag súil freisin le daoine iomráiteacha a fheiceáil ar ais sa bhialann arís, Simon ina measc, a bhí ar an gcéad chlár riamh den tsraith sa bhliain 2016.
Beidh Shannon as Luimneach agus ‘culchie’ eile as Corcaigh, Diarmuid, le feiceáil ar an gcéad chlár agus iad ag fiosrú na gcosúlachtaí atá acu lena chéile. Beidh Boo ar ais ar First Dates agus í sa tóir arís ar an ngrá. An í an tatuálaí Lisa an bhean dise? Cé go bhfuil sí bréan ag casadh le daoine nach bhfuil ag iarraidh socrú síos, aimsíonn an bitheolaí muirí Áine duine speisialta, dochtúir darb ainm Keith. Buaileann an t-eagraí imeachtaí Margaret as Mullach Íde, bean atá colscartha agus a dtaitníonn damhsa dioscó léi, leis an múinteoir bunscoile agus an déantóir scannán leathscortha Robin as Melbourne.
An mbeidh splanc eatarthu? Nó an mbeidh siad ag iarraidh an bhille sula mbeidh seans cearta tugtha acu dá chéile? Ná caill First Dates Ireland Déardaoin an 29 Eanáir ag 9:35pm ar RTÉ2 agus an RTÉ Player le haghaidh neart den ghrá, gáire, agus gach rud idir eatarthu.
CRÍOCH
Jade Carpenter, Ceannasaí Cumarsáide