An scannán Retirement Plan a léiríodh le cúnamh ó RTÉ ainmnithe do ghradam Oscar
Ábhar ríméid ag RTÉ a fhógairt go bhfuil an scannán Retirement Plan a léiríodh le cúnamh ó RTÉ agus Fís Éireann ainmnithe do Ghradam an Ghearrscannáin Beochana is Fearr ag gradaim an 98ú Academy Awards.
Féach an scannán anois ar an RTÉ Player
Cuireadh cistíocht ar fáil don scannán beochana seo faoi scéim Frameworks, an scéim mór le rá de chuid RTÉ agus Fhís Éireann do ghearrscannáin beochana trína ndéantar infheistíocht bliain i ndiaidh bliana i ndaoine cumasacha nua ar oileán na hÉireann. Tá scannáin ar ardchaighdeán á léiriú faoin scéim agus gradaim idirnáisiúnta gnóthaithe ag roinnt mhaith. Cuireann RTÉ agus Fís Éireann cistí ar fáil do roinnt áirithe gearrscannán beochana gach bliain agus roghnaíodh Retirement Plan ar cheann de scannáin na bliana 2024.
Sa scannán Retirement Plan, arna stiúradh ag John Kelly, fear scannánaíocht atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, feictear Ray, an príomhcharachtar arb é Domhnall Gleeson a chuireann guth cainte leis, tráth a bhfuil sé míshásta leis an saol agus é ag tnúth go mór leis an am a mbeidh sé ar scor ó shaol na hoibre agus deis aige ar deireadh thiar bualadh faoi na rudaí is mian leis a dhéanamh dáiríre. John Kelly agus Tara Lawall na comhscríbhneoirí agus rinne Fís Éireann agus RTÉ an scannán a choimisiúnú in éineacht.
Deir Suzanne Kelly, Ceannasaí Grúpa RTÉ maidir le hÁbhar do Leanaí agus do Dhaoine Óga: “Tháinig Retirement Plan faoi scáth an scéim Frameworks 2024 maidir le gearrscannáin beochana, scéim comhchistíochta idir RTÉ agus Screen Ireland d’fhonn an cumas iontach a chothú atá i ndaoine a shaothraíonn in earnáil na beochana in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá tábhacht faoi leith don tionscal le bonn daingean a chur faoi shaothrú na beochana le scéimeanna de leithéid Frameworks agus is é cothú na cruthaitheachta bun agus barr na scéime trína ndéantar infheistíocht i ndaoine nua cumasacha bliain i ndiaidh bliana. Déanaim gairdeas le meitheal iomlán Antidote as ainmniúchán do ghradam Oscar a ghnóthú, le John Kelly, an stiúrthóir, le John agus le Tara Lawall as an scríbhneoireacht agus le Julie Murnaghan agus Andrew Freedman, na léiritheoirí. Is gearrscannán gleoite Retirement Plan a bhfuil aisteoireacht gutha Dhomhnaill Gleeson le cloisteáil ann. Scrúdú lách, greannmhar, tochtmhar atá ann ar an athrú nuair a thagann deireadh le saol na hoibre agus ar an mbíonn i ndán ina dhiaidh sin. Is breá mar a chorraíonn saothar beochana an lucht féachana agus mar a chothaítear ceangal leo; tá brí faoi leith bainte ag John agus meitheal an scannáin seo as an meán na beochana.”
Tá Retirement Plan le feiceáil anois ar an RTÉ Player agus beidh sé á chraoladh ar RTÉ One Dé Domhnaigh an 15 Márta, oíche bhronnadh ghradaim Oscar.
-CRÍOCH-
Maureen Catterson, Ceannasaí Cumarsáide