Tá SisterS ar ais ar RTÉ don dara séasúr
Feicfidh tú mar atá an saol ag Sare agus Suze anois ar RTÉ One agus RTÉ Player Déardaoin, an 29 Eanáir ag 10.15 i.n.
Beidh an tsraith drámaíochta SisterS, arna chruthú agus arna scríobh ag Sarah Goldberg agus Susan Stanley, beirt chara atá sna príomhpháirteanna aisteoireachta chomh maith, ar ais ar RTÉ One agus RTÉ Player Déardaoin, an 29 Eanáir ag 10.15 i.n. don dara séasúr.
In Éirinn a thit scéalta shéasúr a haon amach ach athraítear anois go Ceanada mar a mbeidh an seó suite agus téamaí éagsúla á bplé go domhain, aimride, máithreachas, an toradh a bhíonn ar chumha choiscthe, tráma idir na glúnta agus féinsástacht – téamaí drámaíochta a chíortar go sainiúil críochnúil le meon grinn.
Bliain go leith tar éis do Sare, a deirfiúr, í a fhágáil ina diaidh in Éirinn, cuirtear Suze ar an eolas faoin saol atá i ndán di agus go háirithe maidir le cúrsaí toirchis agus máithreachais. Tá Sare i Toronto, í ag pleanáil do lá na bainise, ach í an tráth céanna ag ceilt nithe tábhachtacha faoina cuid sláinte ar a cairde agus a gaolta. Nuair a thagann, gan aon choinne leis, cuireadh chuig bainis Sare chuig Suze agus Sheryl, a máthair, socraíonn siad dul go Ceanada agus sin tús le turas trasna an Atlantaigh a théann in aimhréidh ionas go dtiteann eachtraí éagsúla amach idir muintir an teaghlaigh seo agus go bhfoilsítear cuid mhaith ábhar rúin.
Lorg an teaghlaigh agus santú an mhuintearais bun agus barr SisterS, gan a fhios ag daoine cá mbeadh sé ar fáil dáiríre acu. Téann an séasúr seo go dian domhain ina dtarlaíonn nuair nach dtiteann cúrsaí an tsaoil amach mar a shíleann duine agus a mbíonn de dhíth ionas go dtuigtear do dhuine go bhfuil gach a dteastaíonn aige cheana féin.
Tá Sophie Thompson agus Donal Logue ar ais i mbun aisteoireachta i bpáirteanna Sheryl agus Jimmy sa tsraith sé cinn de chláracha leathuaire. Tá Barbara Brennan sa chliar an uair seo freisin i bpáirt Ma Baker. Ar na príomhaisteoirí eile, tá Sonja Smits, Jim Annan, Dylan Taylor, Vanessa Matsui, Peter Keleghan agus Linda Kash, i bpáirteanna dhaoine den teaghlach i gCeanada lena mbaineann Sare feasta.
Deir Justin Healy, Léiritheoir Feidhmiúcháin RTÉ: “Bliain faoi leith í seo ag Drámaíocht RTÉ agus is mór an ríméad atá orainn go ndearnadh coimisiúnú in athuair ar SisterS don dara sraith seo. Bhí an-aird ag an lucht féachana ar an gcéad sraith agus is breá linn seasamh arís le hÉireannaigh sárchumasacha in éineacht lenár gcuid páirtnéirí idirnáisiúnta. Ábhar spraoi agus suilt a bhí ann, ag cur leis an rath a bhí ar shraith a haon, agus tagann an scríbhneoireacht agus an t-ábhar grinn chun cinn go tréan. Údar mórtais ag RTÉ drámaíocht de chuid na hÉireann a chur i láthair go hidirnáisiúnta agus, a bhuíochas den mheon ardléiriúcháin, de shárfheabhas an ábhair féin agus de na haisteoirí iontacha, is cinnte go mbeidh sárshaothar agus sárchumas lucht samhlaíochta na hÉireann le feiceáil in Éirinn agus thar lear ag lucht féachana le sraithe seo.”
Deir Richard Cook agus Angela Squire, Peer Pressure: “Is cúis mhór ríméid dúinne an chéad dráma grinn dár gcuid a bheith ar ais don dara séasúr. Cé go bhfuil aghaidheanna le feiceáil ann a bhí sa chéad sraith, cheapfá gur ag tosú as an nua arís atáthar, agus an scéal ag titim amach i gCeanada an uair seo, áit a bhfuil saol nua ar fad agus carachtair dhifriúla le feiceáil againn. Tá an-fhonn orainn na carachtair Éireannacha seo a chur i láthair don lucht féachana agus iad i bhfad óna ndúchas i Toronto agus sa cheantar máguaird.
Deir Christina Jennings, Uachtarán agus Cathaoirleach Shaftesbury: “Cuireann séasúr a dó a bhunú i Toronto blas Cheanada go tréan ar an tsraith cláracha seo. Cé gur fuaire Ontario sa gheimhreadh mar shuíomh don dráma, tá an teochroíúlacht chéanna idir na deirfiúracha a bhí i rith séasúr a haon, agus ansin atá croí agus anam ghreann na drámaíochta. Is dóigh liom go mbainfidh an lucht féachana in Éirinn an-taitneamh as an scéal de réir mar a ríomhtar ar an scáileán dóibh é.”
-CRÍOCH-
Mikie O’ Loughlin, Ceannasaí Cumarsáide, RTÉ