Tá RTÉ ag tacú le 20 Imeacht Ealaíon agus Cultúir ar fud na tíre in Éirinn i mí Feabhra
Is breá le RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona tacú le clár beo bríomhar imeachtaí cultúir a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann le linn mhí Feabhra. Tá imeachtaí dearcealaíne, scannánaíochta, ceoil, grinn, amharclannaíochta, damhsa agus litríochta ar siúl chomh maith le ceiliúradh náisiúnta ar an gcruthaitheacht, réimse imeachtaí lena léirítear an doimhne agus an éagsúlacht a ghabhann le saol an chultúir in Éirinn.
Áirítear ar bhuaicphointí na míosa go mbeidh RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag tacú le Brigit: Dublin City Celebrating Women, clár imeachtaí ar fud na cathrach mar chomóradh le himeachtaí ealaíne, cultúir agus poiblí ar chion tairbhe na mban i réimse an chultúir agus na staire, chomh maith le cúrsaí an lae inniu. I nDún na nGall, is clár faoi stiúir an phobail é Féile Scannánaíochta Ráth Maoláin 2026 lena mbaineann scannáin as Éirinn agus scannáin ón iasacht. Beidh Féile Litríochta Luimnigh, féile sheanbhunaithe i saol na litríochta in Éirinn, ar siúl ón 27 Feabhra go dtí an 1 Márta, agus scríbhneoirí as an tír seo agus as tíortha thar lear ag teacht le chéile ag imeachtaí léitheoireachta, plé agus litríochta.
Tá réimse an cheoil go mór i gceist i measc na n-imeachtaí a bhfuiltear ag tacú leo i rith na míosa seo, agus an tacaíocht do Shraith Wigmore i mBaile Átha Cliath, á chur i láthair i gcomhar le Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Tugtar san áireamh le Ceol Aireagail Fhine Gall: Sraith Ceoil Aireagail International Perspectives ceolchoirm dheireanach an tséasúir ag a mbeidh oirfidigh de scoth cheol aireagail an domhain ag seinm. Táthar ag tacú freisin le Féile Cheol Aireagail Ortús i gCorcaigh agus le Féile Pianó agus Ceoil Aireagail an Iúir i gContae an Dúin, chomh maith leis an 30ú Féile do Cheolfhoirne na nÓg i mBaile Átha Cliath, féile ag a ndéantar ceiliúradh ar chumas cheoltóirí óga ceolfhoirne na hÉireann agus thíortha eile.
Is breá le RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona tacú le Picasso: From the Studio sa Dánlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, taispeántas suntasach a thugann léargas nua ar shaothar agus ar mhodh oibre dhuine de na healaíontóirí ba mhó a chuaigh i gcion i rith an fichiú aois.
Beidh cúrsaí amharclannaíochta agus oirfidíochta go mór i gceist an mhí seo le The Dead, cóiriú ríspéisiúil ar shaothar máistriúil James Joyce, arna chruthú ag ANU agus Landmark, péire de na complachtaí amharclannaíochta is fearr in Éirinn, i gcomhar le MoLI – Músaem na Litríochta in Éirinn. Léiriú comhaimseartha é Eureka Day in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath trína ndéantar cíoradh ar théamaí sóisialta agus polaitíochta le plé grinn géar ar oibriú an phobail, ar an gcomhaontas agus ar an aighneas.
Cuirtear daoine nua i lár an aonaigh ag Scene + Heard: The Festival of New Work, ardán do shaothar nua scríbhneoireachta agus taibhréime.
I Sligeach, tiocfaidh daoine den lucht grinn in Éirinn agus thar lear le chéile ag Féile Grinn So Funny Shligigh i mbun clár bríomhar seónna beo. Déantar ceiliúradh ar chúrsaí scannánaíochta le Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Bhaile Átha Cliath, an fhéile is mó in Éirinn maidir le cúrsaí scannánaíochta agus scéalaíochta ar scáileán.
Tá aird ar an litríocht agus ar an léitheoireacht freisin i rith na míosa agus ceiliúradh á dhéanamh le féile Mother Tongues i mBaile Átha Cliath ar an scríbhneoireacht agus ar an scéalaíocht ilteangach. Tacaítear freisin le hÉire ag Léitheoireacht 2026, tionscnamh náisiúnta trína spreagtar léitheoireacht in éineacht, agus le Fógairt an Ghearrliosta maidir le Gradam Litríochta Bhaile Átha Cliath 2026, gradam idirnáisiúnta do shaothar ficsin ar leith. Tá an damhsa comhaimseartha san áireamh freisin le Féile Damhsa What Next 2026 i Luimneach agus Féile Take Off i gCorcaigh, féilte trína dtacaítear le hoirfidigh nua damhsa agus le seónna den nuáil.
Leanann RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona de thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do pháirtnéirí cultúir ionas go gcuirtear réimse leathan imeachtaí cruthaitheachta ar fáil don lucht éisteachta agus féachana ar fud na hÉireann.
Trí thacaíocht a chur ar fáil go leanúnach d’imeachtaí ar fud na tíre, bíonn RTÉ i gcónaí ina chrann taca ag sárshaothar ealaíontóirí, cothaítear an chruthaitheacht agus cinntítear go mbíonn teacht i gcónaí ag daoine ar fud na tíre ar ábhar agus imeachtaí ealaíne.
I mí Feabhra na bliana seo, tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag iarraidh ortsa tú féin a thumadh sa timpeallacht bhríomhar chultúir atá againn in Éirinn. Tá tuilleadh eolais le fáil ar rte.ie/culture
Imeachtaí a bhfuil RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag tacú leo i rith mí Feabhra:
| Ainm an Imeachta | Ionad | Láithreán Gréasáin |
| Picasso: From the Studio | Baile Átha Cliath | https://www.nationalgallery.ie/ |
| Sraith Wigmore i mBaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | www.riam.ie/whats-on |
| Ceol Aireagail Fhine Gall: Sraith Ceoil Aireagail International Perspectives | Baile Átha Cliath | www.fingalchambermusic.ie |
| An 30ú Féile do Cheolfhoirne na nÓg | Baile Átha Cliath | http://www.iayo.ie/ |
| The Dead | Baile Átha Cliath | www.thedead.ie |
| Féile Grinn So Funny Shligigh | Sligeach | www.sofunnysligo.com |
| Féile Litríochta Luimnigh | Luimneach | https://limerickliteraryfestival.com |
| Mother Tongues | Baile Átha Cliath | https://mothertonguesfestival.com/ |
| Féile Scannánaíochta Ráth Maoláin 2026 | Dún na nGall | www.rathmullan.ie/filmfest |
| Scene + Heard: The Festival of New Work | Baile Átha Cliath | www.sceneandheard.ie |
| Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | www.diff.ie |
| Féile Ceoil Aireagail Ortús | Corcaigh | www.ortusfestival.ie |
| Féile Pianó agus Ceoil Aireagail an Iúir | Contae an Dúin | www.newrychambermusic.org |
| Brigit: Dublin City Celebrating Women | Baile Átha Cliath | https://dublin.ie/whats-on/brigit/ |
| Eureka Day | Baile Átha Cliath | https://gatetheatre.ie/production/eureka-day-2026/ |
| Picasso: From the Studio | Baile Átha Cliath | www.nationalgallery.ie |
| Sraith Wigmore i mBaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | www.riam.ie/whats-on |
| Ceol Aireagail Fhine Gall: Sraith Ceoil Aireagail International Perspectives | Baile Átha Cliath | www.fingalchambermusic.ie |
| An 30ú Féile do Cheolfhoirne na nÓg | Baile Átha Cliath | http://www.iayo.ie/ |
| The Dead | Baile Átha Cliath | www.thedead.ie |
| Féile Grinn So Funny Shligigh | Sligeach | www.sofunnysligo.com |
| Féile Litríochta Luimnigh | Luimneach | https://limerickliteraryfestival.com |
| Mother Tongues | Baile Átha Cliath | https://mothertonguesfestival.com/ |
| Féile Scannánaíochta Ráth Maoláin 2026 | Dún na nGall | www.rathmullan.ie/filmfest |
| Scene + Heard: The Festival of New Work | Baile Átha Cliath | www.sceneandheard.ie |
| Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | www.diff.ie |
| Féile Ceoil Aireagail Ortús | Corcaigh | www.ortusfestival.ie |
| Féile Pianó agus Ceoil Aireagail an Iúir | An tIúr | www.newrychambermusic.org |
| Brigit: Dublin City Celebrating Women | Baile Átha Cliath | https://dublin.ie/whats-on/brigit/ |
| Eureka Day | Baile Átha Cliath | https://gatetheatre.ie/production/eureka-day-2026/ |
| Éire ag Léitheoireacht 2026 | Ar fud na tíre | www.irelandreads.ie |
| Sraith Ceoil Aireagail International Perspectives | Baile Átha Cliath | https://www.fingalchambermusic.ie/ |
| What Next Dance Festival 2026 | Luimneach | https://dancelimerick.ie/what-next/ |
| Take Off Festival | Corcaigh | https://dancecorkfirkincrane.ie/ |
| Gradam Litríochta Bhaile Átha Cliath 2026, Fógairt an Ghearrliosta | Ar fud na tíre | https://dublinliteraryaward.ie/ |