Annette Malone ceaptha ina Príomhoifigeach Daoine ag RTÉ
D’fhógair RTÉ inniu go bhfuil Annette Malone ceaptha ina Príomhoifigeach Daoine in RTÉ tar éis comórtas poiblí a reáchtáil.
Ina Príomhoifigeach Daoine di, leanfaidh Annette d’obair thábhachtach Eimear Cusack, Stiúrthóir Acmhainní Daonna RTÉ, agus an fhoireann AD maidir le bunathrú a thabhairt chun cinn ar fud na heagraíochta le Modhanna AD den nuáil.
Tá Annette Malone ina Ceannasaí Acmhainní Daonna – Fuaim agus Físeán RTÉ (Ábhar roimhe seo) ón mbliain 2018 i leith tar éis di fónamh ina Ceannasaí Acmhainní Daonna – Teilifís RTÉ idir na blianta 2012 – 2018 agus ina Ceannasaí Acmhainní Daonna – Raidió RTÉ idir na blianta 2010 – 2012.
Ag tagairt don cheapachán, deir Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ: “Beidh leas as taithí fada fiúntach Annette agus í ina Príomhoifigeach Daoine, taithí i bpoist shinsearacha éagsúla Acmhainní Daonna ar fud RTÉ ón mbliain 2007 i leith agus taithí ó fhónamh i róil roimhe sin. I mbun gach ról acu sin, léirigh Annette sárscileanna straitéise agus comharoibre chomh maith le saineolas neamhghnách maidir le caidreamh le fostaithe agus i réimse an chaidreamh tionsclaíochta. Tá eolas cuimsitheach aici freisin ar dhlí na fostaíochta agus taithí forleathan ar chreata a bhaineann leis an gcaidreamh oibreachais. Beidh an-tairbhe as sin ar fad ina Príomhoifigeach Daoine di mar a bheidh as sárchumas Annette maidir le cumarsáid, daoine, agus ceannasaíocht foirne. Táim ag tnúth go mór le Annette a theacht ar Fhoireann Ceannasaíochta RTÉ agus le hoibriú in éineacht léi sa phost tábhachtach seo.”
Deir Annette Malone maidir leis an ábhar: “Is onóir dom dul i mbun an phoist seo i mo Phríomhoifigeach Daoine dom in RTÉ, tráth chomh tábhachtach don eagraíocht. Is iad na daoine croí agus anam na heagraíochta maidir leis an gcuspóir agus an misean seirbhíse poiblí. Táimse tugtha do chultúr a chothú a fhónann don chruthaitheacht, don uilechuimsitheacht agus don fhreagracht ar gach leibhéal san eagraíocht. Is iontach an oidhreacht atá le RTÉ agus is iontach an méid atá le tabhairt i gcrích san am atá romhainn agus táimse ag tnúth le hoibriú le comhghleacaithe ar fud na heagraíochta ionas go gcinntítear forás leanúnach orainn, go mbraitear meas orainn agus go gcuirtear ábhar sármhaith ar fáil don lucht éisteachta agus féachana ar fud na hÉireann.”
Rachaidh Annette i mbun fónaimh ina Príomhoifigeach Daoine Dé Luain an 30 Márta. Ina Príomhoifigeach Daoine di, beidh sí ar dhuine d’Fhoireann Ceannasaíochta RTÉ.
CRÍOCH
Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide