RTÉ Investigates – The Psychiatric Care Scandal in Ireland
– An chaoi a n-úsáidtear na príosúin le haghaidh daoine a bhfuil meabhairghalar orthu agus na torthaí tubaisteacha a eascraíonn as seo
– Insíonn teaghlaigh as Cill Mhantáin, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Uíbh Fhailí, Sligeach agus Tiobraid Árann a gcuid scéalta, scéalta a bhrisfeadh do chroí – Tugann saineolaithe rabhadh faoi choinníollacha “atá ina mbagairt don bheatha‘’ don dream atá faoi choimeád ach a dteastaíonn cúram uathu – Sraith nua faisnéise in dhá chuid oíche Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo
I sraith speisialta teilifíse atá ina dhá chuid, déanann RTÉ Investigates scrúdú ar chóras meabhairshláinte na hÉireann agus tugann sé léargas ar an gcaoi a bhfuil teaghlaigh agus daoine aonair thíos leis agus tréigthe ag an Stát mar gheall go ndéantar coir as meabhairghalair. Dhá scór bliain tar éis do pholasaí suntasach an Rialtais “A Vision for Change” a gheallúint go mbeadh cúram nua-aimseartha, pobalbhunaithe curtha in áit institiúidí síciatracha móra, fiafraíonn RTÉ Investigates an bhfuil an t-athrú mór sin tarlaithe i ndáiríre. Fiche bliain ó shin nocht an Stát pleananna móra don chúram síciatrach in Éirinn. Dúnadh go leor seanbhardaí, agus é beartaithe seirbhísí speisialaithe a oscailt ina n-áit. Ba chóir go gciallódh sé sin go mbeadh go leor áiseanna, áiseanna cúraim sláinte, á n-oscailt. D’fhéadfadh go mbeadh maireachtáil chuidithe, altraí, cúram i gceist. Níor tharla sé.’’ Toisc nach bhfuil fáil ar leapacha géarmhíochaine – tá othair a bhfuil meabhairghalar orthu á gcur sa bpríosún. Chun chomh dona agus atá an scéal a fháil amach i ndáiríre, thaistil an tuairisceoir Conor Ryan agus an léiritheoir Frank Shouldice chuig éisteachtaí cúirte agus ionchoisní ar fud na tíre. Labhair siad le teaghlaigh na bpríosúnach agus le daoine a bhíonn ag plé go díreach leis na cúrsaí seo. Rinne siad scrúdú ar na céadta cuntas pearsanta, tuarascálacha imscrúdaithe agus tuairiscí iarbháis. Agus thug siad cuairt ar na léibhinn sna príosúin, atá ag streachailt ag iarraidh déileáil le cúrsaí mar atá. Sa gcéad chlár oíche an Luan beag seo ag 9.35in, tugann RTÉ Investigates léargas ar an gcaoi a dtéann coiriúlú an mheabhairghalair i bhfeidhm ar dhaoine aonair agus ar a dteaghlaigh. Ba cheart gur san ospidéal, seachas sa bpríosún a bheadh na daoine seo. Ba rud lárnach fad is a bhain sé leis an ngeallúint faoi athrú go mbunófaí Lár-Ospidéal Meabhairghalair úrnua i bPort Reachrann i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Sa gclár oíche Dé Máirt, fiafraíonn RTÉ Investigates an bhfuil an t-athrú a gealladh curtha i gcrích ag an tseirbhís
seo, i bhfianaise liostaí feithimh a bheith ag fás agus imní leanúnach ann faoi na seirbhísí pobail a bhfuil daoine á scaoileadh amach iontu. ‘’Mharaigh sé ár mac trí bliana ó shin ach anois tá siad á ligean amach, cén sórt scéal é sin?’’
Breathnaigh ar RTÉ Investigates: The Psychiatric Care Scandal Dé Luain, 9 Feabhra agus Dé Máirt 10 Feabhra, 9.35in ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. – CRÍOCH- Dáta: Dé Céadaoin 4 Feabhra 2026 Nóta do na hEagarthóirí: Beidh tuilleadh eolais agus réamhléirithe ar fáil Dé Luain an 9 Feabhra 2026 Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: Laura Fitzgerald, Bainisteoir Cumarsáide, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, Laura.Fitzgerald@rte.ie Kate Smyth, Ceannaire Cumarsáide, RTÉ, Kate.Smyth@rte.ie