Cuir tús le himeachtaí leis an tsraith nua bheochana Adam Loves Adventure ar RTÉ KIDSjr
Cuir tús le himeachtaí leis an tsraith nua bheochana Adam Loves Adventure ar RTÉ KIDSjr Taispeánfar an seó idir-réaltrach seo le haghaidh páistí le Adam King den chéad uair an 14 Feabhra ar RTÉ2, RTÉ KIDSjr agus ar an RTÉ Player
Tá réalta an Late Late Toy Show Adam King ar ais ar ár scáileáin ag tabhairt a ghuth ar iasacht don tsraith iontach bheochana seo Adam Loves Adventure. Feicfear Adam agus a chairde idir-réaltracha ag tabhairt aghaidh ar eachtraí cosmacha spreagúla. Cuirfear tús le craoladh na sraithe Lá Fhéile Vailintín le dhá eagrán ar RTÉ2 ag 8:00rn agus ar RTÉ KIDSjr ag 7:50rn. Beidh na heipeasóidí ar fad le fáil ar an RTÉ Player ón 14 Feabhra ar aghaidh. Beidh Paul Tylak le feiceáil sa mbeochan chomh maith i bpáirt Bubby, is í Emer O’Neil Shelby, tá Bonnie O’Meara (réalta Maddie + Triggs) i bpáirt Speedy agus is í Portia McLoughlin Zuzu. Is scannán grinn eachtraíochta ficsean eolaíochta é Adam Loves Adventure do pháistí óga ón bhfoireann chéanna a chuir beocht sa scannán speisialta le haghaidh Nollaig 2021 Adam Saves Christmas. Tá Adam King i bpáirt an taiscéalaí spáis a réitíonn fadhbanna a úsáideann an croí mór atá aige agus a thuiscint ar an spás chun cairde nua a fháil dó féin agus rudaí nua a fhoghlaim! Tá an scannán suite sa gcianspás agus bíonn muid ag leanúint chriú The Shelby agus iad ag eitilt tríd an gcruinne ag bualadh le heachtrannaigh uathúla, ag fáil amach faoi shaol fantaiseach, agus ag réiteach fadhbanna le comhbhá, trua, obair foirne agus loighic.
Bhí an méid seo le rá ag Eimear O’Mahony, Léiritheoir Feidhmiúcháin Cláir do Pháistí agus do Dhaoine Óga in RTÉ: “Tá RTÉ KIDSjr an-bhródúil as bheith i gcuideachta Adam ó chuir sé tús lena chuid eachtraíochta beochana i gclár speisialta na Nollag in 2021 agus anois leis an tsraith úrnua seo. Idir an stíl amhairc spraíúil, an fhoireann guthaithe shár-chumasach agus an script a mbainfidh tuismitheoirí an oiread taitnimh as agus a bhainfidh na páistí, tá rud éigin ann do gach duine! Maith dúinn é má bhíonn an t-amhrán aitheantais somheabhraithe fanta i d’aigne an chuid eile den lá! Ar Lá Fhéile Vailintín beidh RTÉ KIDSjr ag scaipeadh an ghrá tríd an mboscra ar fad a chur ar an RTÉ Player chun go mbainfidh an teaghlach ar fad taitneamh as.”
Dúirt Adam King: ‘’Tá mé thar a bheith bródúil as an seó, is aoibhinn liom na carachtair agus na heachtraí ar fad a bhíonn acu. Is breá liom mo ghuth féin a chloisteáil sa seó!’’ Dúirt Príomhfheidhmeannach Kavaleer agus cruthaitheoir Adam Loves Adventure Andrew Kavanagh: ‘’Tá láinseáil an tseó seo thar a bheith tábhachtach dom.’’ Nuair a chonaic mé Adam den chéad uair ar an teilifís le linn na dianghlasála in 2020, thug a chuid teachtaireachtaí faoi chairdeas, dóchas agus misneach le linn laethanta dorcha COVID spreagadh leis an seó seo a chruthú agus an t-áthas sin a scaipeadh i measc na bpáistí i ngach uile áit. Ba mhór an onóir agus an pléisiúr dom a bheith ag obair le Adam, lena theaghlach agus leis na haisteoirí agus an fhoireann iontach chumasach i Kavaleer a chruthaigh é.’’ CRÍOCH Nótaí d’Eagarthóirí: Is é Kavaleer a chruthaigh Adam Loves Adventure le haghaidh RTÉ KIDSjr Nasc chuid Íomhánna: https://we.tl/t-6AHoSwjXal