Fógraíonn RTÉ Ceapacháin nua do Chomhfhreagraí Clarity agus Comhfhreagraí Beartais & Anailíse
D’fhógair Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ inniu gur ceapadh an t-iriseoir Kate McDonald mar Chomhfhreagraí Clarity, agus an t-iriseoir Louise Byrne mar Chomhfhreagraí Beartais & Anailíse le Prime Time.
Is é Clarity fócas RTÉ ar an mbréagaisnéis, dioscúrsa agus daonlathas. Cheap Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ an t-iriseoir Kate McDonald sa ról nua mar Chomhfhreagraí Clarity chun an tuairisciú a dhíríonn ar an dúshlán méadaitheach a bhaineann le bréagaisnéis agus le heolas míthreorach ar líne a neartú ar fud na n-ardán uile. De réir mar a chaitheann daoine níos mó ama ar líne, is minicí i bhfad go gcuirtear scéalta bréagacha os a gcomhair, chomh maith le hábhar domhainbhrionnaithe atá cruthaithe ag IS. Is mór an bhagairt a bhaineann le hábhar dá leithéid, ar féidir é a roinnt go fairsing, do chaighdeáin dhaonlathacha.
Mar Chomhfhreagraí Clarity RTÉ, seachadfaidh Kate tuarascálacha a dhíreoidh ar bhunús, ar thionchar agus ar theacht chun cinn na faisnéise a chuireann an dioscúrsa poiblí amú, nó atá míthreorach, agus beidh sí freagrach as insintí den sórt sin a fhiosrú thar raon leathan ábhar, ó chúrsaí polaitíochta go cúrsaí sláinte, agus gnóthaí domhanda.
Thosaigh Kate McDonald ag obair le RTÉ mar Iriseoir Ilmheán in 2023. D’oibrigh sí san aonad digiteach Cúrsaí Reatha go príomha, agus í ag tuairisciú do RTÉ Prime Time.
Sular thosaigh sí ag obair le RTÉ, bhí sí ina Leas-Eagarthóir Nuachta ag Storyful san Astráil, áit a ndearna sí speisialtóireacht i bhfíseáin a fhíorú, agus ábhar ar líne a imscrúdú. Roimhe sin d’oibrigh sí ar chúrsaí nuachta raidió agus ar fhiosrúcháin teilifíse ag an BBC. Tá MA aici san Iriseoireacht Chraolta ó Ollscoil Caerdydd agus rinne sí staidéar ar an Léann Eorpach le Rúisis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Ag labhairt di faoin ról úrnua a ghlacadh le Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, dúirt Kate: Táim ag tnúth go mór le tógáil ar mo chuid oibre chun ábhar díobhálach ar líne agus an tionchar a bhíonn ag ábhar mar sin san fhíorshaol a fhiosrú, cibé an é sin an éifeacht ‘poll coinín’ a bhíonn ag algartaim na meán sóisialta, nó trádáil sonraí pearsanta chun gluaiseachtaí daoine a rianú. Leanfaidh mé ar aghaidh chun an tionchar a imríonn córais dhigiteacha ar an bhfaisnéis a thaispeántar do dhaoine a fhiosrú, chomh maith leis an gcaoi go dtéann sé sin i bhfeidhm ar shaol laethúil na ndaoine.”
Sa ról nua atá aici mar Chomhfhreagraí Beartais agus Anailíse le RTÉ Prime Time, díreoidh Louise ar an tionchar a bhíonn ag beartais agus ag gníomhartha ar shaol laethúil na ndaoine, idir chúrsaí polaitíochta, déimeagrafaice, tithíochta, eacnamaíochta, agus bonneagair. Déanfaidh sí monatóireacht agus léirmhíniú ar fhorbairtí beartais rialtais, AE agus institiúideacha eile do Prime Time ar RTÉ One agus do na hardáin ar líne.
Tá Louise Byrne ag obair mar thuairisceoir agus mar láithreoir ionadaíochta do RTÉ Prime Time ó 2019. Is céimí de chuid na Polaitíochta agus an Ghnó í Louise ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Chuir sí tús lena gairm i Midlands 103FM, agus chaith sí seal ag obair le Phantom FM agus le 98FM ina dhiaidh sin. Ba thuairisceoir agus eagarthóir í Louise, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas di, ar Morning Ireland de chuid RTÉ Raidió 1 sula ndeachaigh sí leis an iriseoireacht teilifíse.
Ainmníodh Louise mar Thuairisceoir Raidió na Bliana PPI, bronnadh Gradam Dlí agus Cirt sna Meáin uirthi, agus tá 20 bliain de thaithí aici de bheith ag plé le réimsí beartas éagsúil lena n-áirítear tithíocht, bonneagar agus gnóthaí sóisialta. Tá tuairisciú déanta aici ar imeachtaí móra nuachta idirnáisiúnta lena n-áirítear toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024, tine Thúr Grenfell, agus buamáil Staid Mhanchain.
Chomh maith leis sin, bhí Louise ar dhuine de láithreoirí RTÉ Prime Time do léiriú speisialta Sheachtain na Tithíochta; sraith inar scrúdaíodh géarchéim tithíochta na hÉireann le tuairisciú domhain, le hanailís ó shaineolaithe, agus le cuntais phearsanta ó dhaoine. Dúirt sí: “Táim ag tnúth go mór leis an dúshlán nua seo chun comhthéacs, cúlra agus anailís a thabhairt don lucht féachana maidir le príomhchinntí beartais. Tá méadú suntasach ar chaiteachas caipitil á phleanáil ag an Stát mar chuid den phlean chun tithíocht agus bonneagar a threisiú. Chuige seo, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcinnteoidh Prime Time go gcoinneofar súil ghéar ar na cinntí agus na tionscadail atá amach romhainn.
– CRÍOCH –