Ráiteas RTÉ maidir le Bás an Chraoltóra Spóirt Michael Lyster
Is oth le foireann RTÉ a chloisteáil gur bhásaigh Michael Lyster, duine de chraoltóirí iomráiteacha Spórt RTÉ, ar maidin agus 71 bliain slánaithe aige.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ: “Bhí an-bhrón orm a chloisteáil gur bhásaigh Michael Lyster inniu. Fear uasal amach is amach ab ea Michael agus ba shárchraoltóir é a raibh an-ghean aige ar an spórt i gcoitinne agus go háirithe ar na Cluichí Gaelacha. Chaith Michael blianta fada ar The Sunday Game, ar a raibh sé i gcroílár chlúdach CLG RTÉ ar an oiread sin cluichí iontacha, agus i gcroílár pléití painéil tarraingteacha, a mhairfidh i bhfad i gcuimhne na ndaoine. Chuaigh stíl réidh, chóir agus ghairmiúil Michael, mar aon lena acmhainn grinn agus spraoi, i gcion go mór ar a lucht leanúna agus ar a chomhghleacaithe araon. Is ar a mhuintir agus ar a chairde go léir atáim ag smaoineamh ag an am brónach seo. Suaimhneas síoraí dá anam.”
Is éard a dúirt Declan McBennett; Grúpcheannasaí Spórt RTÉ: “Mairfidh Michael go deo inár gcuimhne mar an té a chuir The Sunday Game inár láthair, sraith trínar chuir sé mórócáidí CLG os comhair an lucht féachana agus éisteachta náisiúnta. Bhí bealach réidh agus tomhaiste ag baint leis i gcónaí agus ba dhuine gairmiúil amach is amach a bhí ann a stiúir agus a threoraigh na painéil le linn na laethanta ba mhó i bhféilire CLG ar bhealach stuama agus béasach. Beidh cuimhne chaoin acusan a d’oibrigh leis in RTÉ ar an gcairdeas a bhí eatarthu agus ar an gcaoi a láimhseáil sé an brú a bhain leis na laethanta ba dhéine sa spórt.”
Thosaigh Michael Lyster le RTÉ in 1979 agus d’oibrigh sé ina chraoltóir spóirt ar an raidió agus ar an teilifís araon go dtí gur éirigh sé as in 2018. Bhí aithne mhór ar Michael mar an té a thug ardán teilifíse do na cluichí Gaelacha ar RTÉ agus é ag cur The Sunday Game i láthair ar feadh 34 bliain. Seanfhondúir na craoltóireachta ar chlúdach RTÉ ar na Cluichí Oilimpeacha ab ea Michael, arb iad na cluichí i Moscó in 1980 a chéad triail agus é ag obair do Radio Sport, rinne sé a chéad chraoladh teilifíse ar na Cluichí Oilimpeacha ansin in 1984 ina chomhláithreoir ar Daybreak LA, an chéad uair ar bhain RTÉ triail as clár teilifíse maidine.
Chuir Michael raon leathan cláracha spóirt i láthair do RTÉ, idir rásaíocht capall, raonrásaíocht carranna, rásaíocht con, lúthchleasaíocht, rugbaí agus sacar.
Bhí sé an-tugtha don tiomáint railí le breis agus 20 bliain, agus ghlac sé páirt sna príomhimeachtaí uile lena n-áirítear Railí Idirnáisiúnta Chorcaí, Railí Chuairt na hÉireann agus Railí Lochanna Chill Airne.
Maireann a bhean chéile Anne agus a gceathrar leanaí, a gclann mhac Mark agus Jack agus a gclann iníonacha Ellen agus Rebecca.
Is mian le RTÉ comhbhrón a dhéanamh le muintir Michael, lena chuid cairde agus lena chuid comhghleacaithe.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
Féach ar Ghearrthóg ó The Sunday Game a chuir Michael Lyster i láthair sa bhliain 1984 ó Chartlann RTÉ anseo: Cartlann RTÉ | Spórt | The Sunday Game