Sraith nua de The Young Offenders á cur ar fáil ar RTÉ Player Aoine an Chéasta
Tá Jock agus Conor ar ais i gCorcaigh do shraith 5
Beidh sraith nua den chlár grinn iomráiteach The Young Offenders ar fáil ar RTÉ Player Aoine an Chéasta, an 3 Aibreán. Beidh an clár, arna léiriú ag Vico Films do BBC i gcomhar le RTÉ, á chraoladh gach seachtain chomh maith ar RTÉ One ag tosú Dé Sathairn an 4 Aibreán ag 10.30pm.
Beidh an tseanchliar ar ais don tsraith nua – beidh Chris Walley i bpáirt Jock O’Keefe, Alex Murphy i bpáirt Conor MacSweeney, Hilary Rose i bpáirt Mairéad MacSweeney, Shane Casey i bpáirt Billy Murphy, Demi Issac-Oviawe ó 2FM i bpáirt Linda Walsh, Dominic MacHale i bpáirt an tSáirsint Healy, Jennifer Barry i bpáirt Siobhán Walsh agus Danny Power i bpáirt Gavin Madigan, P.J. Gallagher i bpáirt an Phríomhoide Barry Walsh agus Orla Fitzgerald i bpáirt Orla Walsh.
Beidh Conor agus Jock ar ais le chéile arís i séasúr a cúig tar éis dóibh tamall a chaitheamh sa phríosún ar dhá mhór-roinn éagsúla mar gheall gur tharraing siad an dlí orthu féin go tubaisteach. D’éalaigh Jock ar ais go Corcaigh as an gColóim an chéad seans a fuair sé agus tá an bheirt ar ais ar a seanléim arís ag cur an bhaile trína chéile cé nach bhfuil uathu fós ach an rud is fearr dóibh féin agus dá dteaghlaigh. D’fhéadfadh Conor a ghrá geal a chailleadh; déanfaidh Jock iarracht a chaidreamh le Star a fheabhsú arís; agus fágfaidh pleananna craiceáilte atá siad a dhéanamh le muintir an bhaile chun feabhas a chur ar an saol an bheirt ag dul sa seans go mór, ach nach é sin a dhéanann dlúthchairde dá chéile?
Is éard a dúirt an cruthaitheoir Peter Foott, “Is mór an t-áthas atá orm a bheith in ann séasúr 5 de The Young Offenders a léiriú do lucht féachana an chláir a bhfuil dúil acu sna pearsana seo le 10 mbliana anois agus is é seo comóradh 10 mbliana an scannáin. Beidh Conor agus Jock ar ais le chéile i séasúr 5, agus ceangal níos láidre eatarthu ná mar a bhí riamh, agus táimid ar bís ar fad na scéalta craiceáilte a thabharfadh ardú croí duit a roinnt leis an lucht féachana. Is í seo an fhoireann is fearr le bheith ag obair leo, agus sílim gur éirigh linn rud éigin an-speisialta a chruthú do shéasúr 5.”
Is éard a dúirt Justin Healy, Léiritheoir Feidhmiúcháin, RTÉ: “Tá ríméad orainn sraith úrnua de The Young Offenders a chur i láthair an lucht féachana. Feicfear Conor agus Jock ar ais le chéile an athuair sa tsraith seo agus iad lán den chleasaíocht agus d’aislingí dea-mhéine, nach mbeidh dá mbarr faraor ach an saol a chur trína chéile ar gach duine eile timpeall orthu. Drámaíocht ghrinn le croí mór agus neart den drochiompar a bheidh i gceist uile sa tsraith is fearr fós.”
Beifear ábalta sraith 5 de The Young Offenders a shruthú ó 7am Dé hAoine an 3 Aibreán ar RTÉ Player nó féach ar chlár 1 ar RTÉ One ag 10.30pm.
CRÍOCH
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ