Today, clár RTÉ, ag comóradh 2,000 clár!
Déanfaidh gach duine den triúr láithreoirí, Maura, Dáithí agus Sinéad, ceiliúradh ar an gclár comhrá tráthnóna a scannánaítear i gCorcaigh agus an chloch mhíle mhór seo bainte amach aige
Beidh an 2,000ú eagrán den chlár tráthnóna is faide ar an bhfód in Éirinn, Today, á chraoladh beo inniu ag 3.30pm, Dé Máirt an 24 Márta, ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Chun é sin a cheiliúradh, déanfaidh an triúr láithreoirí, Maura Derrane, Dáithí Ó Sé agus Sinéad Kennedy, an clár a chur i láthair beo ó stiúideonna RTÉ i gCorcaigh. Is é seo an chéad uair riamh a bheidh an triúr láithreoirí ag cur an chláir i láthair le chéile.
An 5 Samhain 2012 a thosaigh Maura Derrane agus Dáithí Ó Sé ag cur Today i láthair agus thosaigh an láithreoir Sinéad Kennedy in éineacht leo i mí Mheán Fómhair 2020. Tá roinnt athruithe móra tagtha ar an gclár thar na mblianta, idir seiteanna nua, na céadta rannpháirtithe agus aíonna iontacha ar fad.
Rinne Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, comhghairdeas leis an gclár ar an ngaisce: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil agus comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu le Today thar na mblianta. Tá ag éirí leis an gclár lucht féachana ar fud na hÉireann a choinneáil gafa agus siamsaíocht a chur ar fáil dóibh – is mór an comhluadar é do go leor daoine sa tráthnóna. Chomh maith leis sin, tarraingíonn an clár aird mhór agus dhearfach ar na meáin shóisialta, rud a chuireann le lucht spéise an chláir taobh amuigh den sceideal teilifíse. Spreag cruthaitheacht, fuinneamh agus díograis gach duine a ghlac páirt ár bpleananna níos mó clár iontach a léiriú i gCorcaigh agus ar fud na hÉireann.”
Dúirt Colm Crowley, Ceann RTÉ Chorcaí: “Tá an-mhórtas agam as an gclár Today agus as na foirne cumasacha – san am atá thart agus i láthair na huaire – a bhfuil clár déanta acu atá anois ar cheann de na cláir is fearr leis an lucht féachana agus ar cuid lárnach de sceideal teilifíse RTÉ é. Tá an tuiscint chomhroinnte i measc na ndaoine go léir atá agus a bhí páirteach ann lárnach sa scéal seo mar go dtuigeann siad gur phribhléid atá ann cuireadh a fháil isteach i seomraí suite daoine gach tráthnóna – pribhléid nach ndéanaimid talamh slán de riamh. Agus RTÉ ag cur lena láithreacht réigiúnach sna blianta amach romhainn, is cruthúnas é an clár Today ar an méid is féidir a dhéanamh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath nuair a thagann an chruthaitheacht, an riachtanas agus an t-uaillmhian le chéile. Tá clár ar cuireadh tús leis le linn tobchliseadh airgeadais ar cheann de na cláir is seasmhaí agus is mó a bhfuil tóir air i measc aschur RTÉ – agus níl aon chosúlacht air go dtiocfaidh aon athrú air sin.”
Ar chlár ceiliúrtha an lae inniu, déanfaidh duine de chócairí bunaidh an chláir, Kevin Dundon, cáca ceiliúrtha chun 2,000 clár a chomóradh. Déanfaidh Kevin an chéad mhias riamh a d’ullmhaigh sé ar an gclár 14 bliana ó shin freisin. Cuirfidh cara leis an gclár, Fiona Looney, stair chartlainne den teilifís lae i láthair ag dul i bhfad siar sna cartlanna chun míreanna ó chláir a bhíodh ar an aer roimh Today a thaispeáint – Live at Three, Open House agus ar ndóigh blianta tosaigh Today.
Féach ar an gclár Today ar laethanta na seachtaine ag 3.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
CRÍOCH
Sarah Neville, Cumarsáid, RTÉ