Bluey as Gaeilge le tosú ar RTÉ KIDSjr Luan Cásca
Tá Bluey ag teacht go RTÉ! Ó Dé Luain an 6 Aibreán ar aghaidh beidh eachtraí Bluey, an coileán geanúil agus lán fuinnimh den mhianach Sáiléir Astrálach Gorm ar fáil as Gaeilge ar RTÉ KIDSjr agus ar RTÉ Player.
Beidh leanaí ábalta nasc a chothú leis an nGaeilge agus focail nua a fhoghlaim trí bheith ag breathnú ar ghnáthimeachtaí an lae ag athrú isteach ina n-eachtraí samhlaíocha, spreagúla leis an gcoileán spraíúil, den mhianach sáiléir gorm agus a cairde agus a teaghlach ar fad ag glacadh páirt sa spraoi.
Tá sé chlár is fiche ón gcéad sraith aistrithe go Gaeilge agus beidh na cláracha sin ar fáil lena sruthú ó Dé Luain an 6 Aibreán. Beidh níos mó cláracha ar fáil trí Ghaeilge amach sa bhliain.
Ní deireadh leis an méid fuinnimh atá ag Bluey agus is aoibhinn léi eachtraí spraíúla a dhéanamh as gnáthimeachtaí an lae. Baineann sí féin agus deirfiúr beag Bingo leas as an spraoi chun an eagla a bhaint díobh trí triail a bhaint as róil na ndaoine fásta, agus is aoibhinn go deo leo a gcuid tuismitheoirí, go háirithe Daide, a tharraingt isteach ina gcuid spraoi agus a gcuid cluichí. Tá Chilli, máthair Bluey agus Bingo, bailithe ar ais ag obair agus déanann a n-athair Bandit chuile iarracht aire a thabhairt do na leanaí agus é ag obair ón mbaile. Cé go gceapann sé féin gurb é atá i gceannas, is cinnte gur ag na cailíní atá an focal scoir maidir le ham spraoi – agus go deimhin maidir le gach rud eile freisin!
Tá an tsraith guthaithe i nGaeilge ag aisteoirí as Conamara Gráinne Bleasdale i bpáirt Bluey, Laoise Ní Nualláin i bpáirt a deirféar beag Bingo, Meadhbh Ní Eidhin i bpáirt a maime, Chilli agus Pól Ó Gríofa i bpáirt a daide, Bandit.
Craoladh Bluey san Astráil an chéad lá riamh in 2018 agus tá na milliúin lucht leanta meallta ag an tsraith ar fud an domhain ó shin agus í anois ar cheann de na sraitheanna teilifíse beochana is mó a mbreathnaítear uirthi ar fud na cruinne. Craoltar an t-iontas seo a bhfuil gradaim BAFTA agus roinnt gradaim Emmy bronnta air i níos mó ná 140 tír agus ba é an seó is mó ar sruthaíodh é sna Stáit Aontaithe in 2024 agus in 2025 (Nielsen). Ba é Bluey an seó leanaí is mó a féachadh air ar RTÉ Player in 2025 agus tá sé sin fíor fós in 2026. Is é an seó is mó a bhféachann leanaí air freisin ar CBeebies agus ar Disney+ sa Ríocht Aontaithe.

Is éard a dúirt Dermot Horan Stiúrthóir Fáltais agus Comhléiriúcháin RTÉ: “Tá ríméad ar RTÉ a bheith in ann rogha a thabhairt dár lucht féachana níos óige féachaint anois ar Bluey, an seó réamhscoile is mó éilimh ar domhan, as Gaeilge. Tagann sé seo sna sála ar sheoladh Peppa Pig (Peppa Muc) agus Thomas and Friends (Tomás agus a Chairde) i nGaeilge, dhá sheoladh ar éirigh go maith leo, agus is cuid dár straitéis é seo uile na brandaí is mó do leanaí a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí i nGaeilge agus i mBéarla araon.”
Is éard a dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí Grúpa RTÉ maidir le hÁbhar do Leanaí agus do Dhaoine Óga: “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Bluey i nGaeilge chuig RTÉ KIDSjr. Tá Bluey anois ar cheann de na sraitheanna is mó a thaitníonn le teaghlaigh ar fud sheirbhís RTÉ, agus táimid anois ábalta Bluey, Bingo, Bandit agus Chilli a chur in aithne do lucht féachana iomlán nua! Mar sin, cas ar Bluey as Gaeilge nuair a thiocfaidh sé go RTÉ KIDSjr go luath. Mar a deir Bluey é féin… “Caithfear é a dhéanamh”
Is éard a dúirt Cecilia Persson, Stiúrthóir Bainistíochta BBC Studios Kids & Family: “Tá teaghlaigh ar fud an domhain meallta ag spiorad spleodrach agus spraíúil Bluey agus tá ríméad orainn gur féidir le lucht féachana in Éirinn aithne níos fearr a chur Bluey agus lena muintir, agus taitneamh a bhaint as an tsraith i nGaeilge den chéad uair.”
Is spás sábháilte é RTÉ KIDSjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar RTÉ Player.
Craolfar Bluey as Gaeilge den chéad uair ar RTÉ KIDSjr Dé Luain an 6 Aibreán agus beidh tú in ann lán sásaimh a bhaint as gan fógraíocht ar bith ar RTÉ Player am ar bith!
-CRÍOCH-
Sarah Neville, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ
