Tá tús á chur ag RTÉ agus Virgin Media Television le saorchraoladh cuimsitheach ar Chraobh Rugbaí Sé Náisiún na mBan 2026
Ní chaillfidh lucht leanúna an rugbaí oiread agus nóiméad den imirt i rith an earraigh agus cluichí uile Chraobh Sé Náisiún na mBan ar fáil beo agus á shaorchraoladh ar RTÉ agus Virgin Media Television
Tá sonraí iomlána fógartha ag RTÉ agus Virgin Media Television faoi na socruithe comhchraolacháin maidir le Craobh Sé Náisiún 2026 na mBan, arna chinntiú gur féidir leis an lucht éisteachta agus féachana ar fud na hÉireann taitneamh a bhaint as gach ceann de na cluichí le hábhar anailíse ó shaineolaithe, léargas breise ón taobhlíne agus tráchtaireacht den chéad scoth ó thús go deireadh an chomórtais. Beidh iomlán Chraobh na mBan ar fáil le feiceáil beo agus á shaorchraoladh.
Tosóidh an t-aicsean Dé Sathairn an 11 Aibreán leis an Fhrainc v an Iodáil ag 12:25pm ar RTÉ Player, agus ina dhiaidh sin beidh Sasana v Éire ag 2:25pm ar RTÉ2 agus RTÉ Player. Beidh an tríú cluiche den chéad deireadh seachtaine, an Bhreatain Bheag v Albain, ar Virgin Media Two agus Virgin Media PLAY ag 4:40pm. Leanfaidh an craoladh ar Virgin Media Television agus RTÉ seachtain i ndiaidh seachtaine amach go ceann cúrsa.
Beidh ábhar á chur ar fáil ag RTÉ ar RTÉ2, RTÉ Radio 1 agus RTÉ Player. Beidh an craoladh teilifíse á chur i láthair ag Jacqui Hurley le Hugh Cahill i mbun tráchtaireachta agus painéal d’imreoirí clúiteacha, Fiona Coghlan, Lindsay Peat agus Hannah Tyrrell ina measc, ag déanamh na hanailíse.
Beidh agallaimh agus gné-ailt ar fáil ar RTÉ.ie/Sport agus @RTErugby. Beidh tuilleadh léargais ar fáil gach seachtain ar The RTÉ Rugby Podcast arna chur i láthair ag Neil Treacy, le Bernard Jackman ina chuideachta, agus coinneoidh RTÉ News daoine ar an eolas ar fud na n-ardán ar fad, aip Nuacht RTÉ san áireamh. Beidh tráchtaireacht ar an uile chluiche de chuid na hÉireann beo ar RTÉ Radio 1 ar feadh Chraobh Sé Náisiún na mBan le Michael Corcoran agus beidh Fiona Coghlan, Nichola Fryday, Tania Rosser agus Sharon Lynch ina chomhluadar i rith an chomórtais. Beidh Sasana v Éire ar an 11 Aibreán agus Éire v An Bhreatain Bheag ar an 9 Bealtaine á gcraoladh i nGaeilge ar chainéal RTÉ News, agus beifear in ann fuaimrian Gaeilge a roghnú ar RTÉ Player agus RTÉ2. Beidh nuacht agus tuairiscí ar Raidió na Gaeltachta faoi chluichí, scóir agus táblaí Chraobhchomórtas Sé Náisiún na mBan ar Spórt an tSathairn agus Spórt an Lae.
Beidh suntas ó thaobh stair an rugbaí in Éirinn le craobh na bliana seo nuair a imreoidh Foireann Ban na hÉireann i Stáid Aviva den chéad uair sa chluiche in aghaidh na hAlban Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine ag 2:30pm, cluiche a bheidh á shaorchraoladh beo ar Virgin Media One agus Virgin Media PLAY.
Beidh craoladh Virgin Media Television á chur i láthair ag Joe Molloy, le hiarimreoirí idirnáisiúnta de chuid na hÉireann Fiona Hayes, Eimear Considine, Jenny Murphy agus Grace Davitt ar an bpainéal ina chuideachta. Beidh taithí ar an gCaithréim Mhór, ar Chorn an Domhain agus ar chóitseáil ag cur leis an saineolas a léireoidh siad don lucht féachana i rith an chomórtais. Beidh Craobh Sé Náisiún na mBan á chraoladh ar Virgin Media One, Virgin Media Two agus Virgin Media PLAY, le hanailís chaolchúiseach ó phainéal rugbaí VMTV, trácht ar imeachtaí na himeartha ar Virgin Media News, agus plé ar chúrsaí gach seachtain ar VMTV Rugby Pod. Beidh buaicphointí, tuairiscí ar na cora nua is deireanaí agus léargas neamhghnách ar fáil ar chainéil shóisialta Virgin Media Sport i rith an chomórtais.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ:
“Tar éis chraobh drámatúil Sé Náisiún na bhfear a tharraing aird na sluaite, is iontach an rud Craobh Sé Náisiún na mBan a bheith romhainn amach. Beidh muintir na tíre ag seasamh go tréan leis an bhfoireann agus Éire i mbun fheachtas nua na Sé Náisiún ag féachaint le barr a bhaint d’fheachtas iontach Choirn an Domhain nuair ba bheag nach bhfuair siad an ceann is fearr, nuair nach mbeadh aon choinne leis, ar fhoireann na Fraince sa chluiche ceathrú ceannais.”
Deir Brian Gleeson, Ceannasaí Spóirt, Virgin Media Television:
“Is díol suntais do shaol an spóirt in Éirinn i rith Chraobh Sé Náisiún na mBan na bliana seo go mbeidh Foireann Ban na hÉireann ag imirt i Stáid Aviva den chéad uair agus sin á chraoladh beo ar Virgin Media One agus Virgin Media PLAY. Is ábhar mórtais againn gach cluiche dár gcuid a shaorchraoladh beo ionas gur féidir leis an lucht leanúna a bheith páirteach sa spraoi, sa spórt agus sa spleodar uilig atá ag baint le rugbaí na mban. Táimid ag tnúth leis an anailís saineolais agus an craoladh cuimsitheach is dual don lucht leanúna a chur ar fáil i gcomhar le RTÉ.”
Tá nasc le léaráid de chluichí 6N na mBan ar fáil anseo: https://we.tl/t-Y9Ynl8sCVc
CRÍOCH
Jade Carpenter, Ceannasaí Cumarsáide, RTÉ