CRAOBHCHOMÓRTAIS CLG AR AIS
CRAOBHCHOMÓRTAIS CLG AR AIS
BEO AGUS SAOR IN AISCE AR GACH ARDÁN RTÉ
Beidh The Sunday Game agus The Sunday Game Live ar ais Dé Domhnaigh an 12 Aibreán
Leagan amach na gCluichí Craobhchomórtais a bheidh le craoladh beo ar Theilifís RTÉ agus ar RTÉ Player fógartha
Tá RTÉ GAA Championship Preview le fáil go heisiach anois ar RTÉ Player
Cuirfidh RTÉ tús le craoladh beo ar an gCraobhchomórtas an deireadh seachtaine seo, ag leanúint le clúdach CLG saorchraolta ar feadh na bliana ar fud ábhar físe, fuaime agus ar líne ar RTÉ2, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio App, RTÉ.ie agus RTÉ GAA Podcast.
Chun spéis daoine a mhúscailt roimh an deireadh seachtaine, beidh Marty Morrissey agus painéal laochra CLG agus Camógaíochta i dteannta Damian Lawlor ar RTÉ Player le haghaidh RTÉ GAA Championship Preview le Patrick Horgan, John Mullane, Liam Sheedy, Éamonn Fitzmaurice, Peter Canavan agus Aoife Sheehan.
Dúirt Marty Morrissey: ‘Tuigim an méid atá á dhéanamh ag Micheál Donoghue le foireann iománaíochta na Gaillimhe, tá meascán den óige agus den taithí ann – bagairt mhór a bheidh i bhfoireann na Gaillimhe i gcraobh Laighean i mbliana. Craobh thar a bheidh suimiúil a bheidh inti.’ Airím go bhfuil Luimneach ag iarraidh i ndáiríre Cluiche Ceannais na hÉireann a thabhairt leo i mbliana, tá cíocras ann, tá dúil ann.’
Dúirt John Mullane: ‘Is é an sprioc atá ag Port Láirge i mbliana ná críochnú sna trí fhoireann is fearr. Cluiche ollmhór a bheidh sa chluiche sin in Inis – agus is dócha, cibé foireann a bhuafaidh an lá sin, gurb í an fhoireann sin a thabharfaidh léi an chraobh. Beidh coimhlint ghéar sna cluichí sin – beidh sé ríthábhachtach tús maith a chur le craobh na Mumhan.’
Dúirt Patrick Horgan: ‘Tá sé tábhachtach nach rachadh imreoirí in abar i gcluiche amháin; ní mór dóibh dearmad a dhéanamh air nuair atá sé thart agus díriú ar an gcéad chluiche eile. Is é an rud is tábhachtaí ná dearmad a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe roimhe seo.’
Dúirt Peter Canavan: ‘Ó thaobh na peile de, beidh craobh iontach againn, tá gach cúige anois thar a bheith iomaíoch. Cé go mbeidh gach duine ag rá go mbeidh an bua ag Ciarraí i gCúige Mumhan, bheadh sé amaideach foireann Chorcaí, atá ag teacht chun cinn arís, a chur as an áireamh.’
Dúirt Éamonn Fitzmaurice: ‘Is fada liom go bhfeicfidh mé an fhorbairt a thiocfaidh ar na bainisteoirí agus imreoirí i mbliana faoi na rialacha mar go bhfuil go leor athruithe feicthe againn le linn na sraithe, agus cheapfainn go mbeidh tuilleadh arís de sin le feiceáil sa chraobh.’
Is féidir tuilleadh den méid a bhí le rá ag na hanailísithe go léir a fháil anseo ar RTÉ GAA Championship Preview 2026 – RTÉ Player
Cuirfear tús le clúdach teilifíse RTÉ Dé Domhnaigh an 12 Aibreán le hArd Mhacha in aghaidh Thír Eoghain i gCraobh Uladh ón bPáirc Lúthchleasaíochta le Joanne Cantwell ar The Sunday Game Live (caithfear isteach an liathróid ag 4.15pm, ar RTÉ2 agus RTÉ Player).
Beidh Jacqui Hurley agus aíonna ar ais oíche Dé Domhnaigh le The Sunday Game (Dé Domhnaigh an 12 Aibreán ag 9.30pm ar RTÉ2 & RTÉ Player) chun breathnú siar ar aicsean ar fad an deireadh seachtaine sa Chraobhchomórtas.
An tseachtain dár gcionn (Dé Sathairn an 18 Aibreán, 9.30pm, RTÉ2 & RTÉ Player) beidh buaicphointí agus anailís ar chluichí an lae ag Damian Lawlor agus ag an bpainéal ar an gcéad The Saturday Game den bhliain.
Craolfar dhá chluiche beo i gCraobh Iománaíochta na Mumhan Dé Domhnaigh an 19 Aibreán (1.30pm, RTÉ2 & RTÉ Player) leis an gClár v Port Láirge agus Tiobraid Árann v Corcaigh ina dhiaidh sin ar The Sunday Game Live.
Craolfaidh RTÉ 35 cluiche beo sa Chraobhchomórtas, lena n-áirítear Cluichí Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus Chorn Tailteann, ceithre chluiche ceannais peile na gcúigí, Cluichí Ceannais Iománaíochta na Mumhan agus Laighean, agus cluichí leathcheannais na hÉireann sa pheil, san iománaíocht agus sa chamógaíocht.
Cuirfear tús leis an aistear go Páirc an Chrócaigh an 12 Aibreán le clúdach beo ar fud Theilifís RTÉ agus RTÉ Player, le RTÉ Radio 1 ag soláthar tráchtaireacht raidió ar leith, ina mbeidh Cluichí Ceannais na Sraithe Camógaíochta agus Ard Mhacha v Tír Eoghain sa Craobhchomórtas Sinsear Peile. Leanfaidh an clúdach ar aghaidh i rith mhí Aibreáin agus Bealtaine le príomhchoimhlintí i gCraobhchomórtas Sinsear Iomána na Mumhan, leis an gClár, Corcaigh, Luimneach agus Tiobraid Árann i mbun aicsin, chomh maith le mórchluichí peile ar nós Maigh Eo v Ros Comáin agus Dún na nGall v Tír Eoghain/Ard Mhacha, agus tiocfaidh sé uilig chun críche le i gCluichí Ceannais Peile na gCúigí an 10 Bealtaine agus 17 Bealtaine.
Críochnóidh céimeanna na gcúigí i mí an Mheithimh le Cluiche Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonnacha, agus Cluichí Ceannais Iománaíochta Laighean agus na Mumhan ina dhiaidh sin, roimh chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann an 28 Meitheamh agus na cluichí leathcheannais iománaíochta go luath i mí Iúil. Beidh an pheil i lár an aonaigh ansin le Cluiche Ceannais Chorn Tailteann agus cluichí leathcheannais na hÉireann an 11 agus 12 Iúil. Críochnóidh an séasúr le Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann an 19 Iúil, Cluiche Ceannais Peile na hÉireann an 26 Iúil, agus Cluichí Ceannais Camógaíochta na hÉireann an 9 Lúnasa, iad ar fad beo ar fud ardáin RTÉ.
Is féidir liosta iomlán de na cluichí a bheidh le craoladh ar RTÉ a fheiceáil sna Nótaí don Eagarthóir.
Beidh tráchtaireacht bheo, an t-eolas is déanaí agus tuairiscí ag RTÉ Radio 1 ón tús maidir le haicsean uile an Chraobhchomórtais an 11 agus 12 Aibreán ar chláir níos faide de Sunday Sport agus Saturday Sport, a bheidh á gcraoladh go speisialta le linn shéasúr an Chraobhchomórtais. Cuirfidh Des Cahill, Joanne Cantwell agus Marie Crowe tráchtaireacht den scoth ar fáil don lucht éisteachta ar an raidió náisiúnta gach deireadh seachtaine.
Beidh réamhbhlaiseadh agus léirmheasanna le fáil gach lá ar Inside Sport agus ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 freisin, agus beidh achoimre iomlán de bhuaicphointí agus de phríomhphointí cainte á gcur ar fáil ar nuacht an deireadh seachtaine Six One agus Nine O’Clock News le Comhfhreagraí CLG RTÉ Marty Morrissey.
Caithfear súil siar agus súil chun cinn ar an gclár Inside Sport (le linn na seachtaine ag 6pm ar RTÉ Radio 1) ar aicsean an Chraobhchomórtais ar bhonn seachtainiúil le Anthony Daly, Liam Sheedy, Patrick Horgan, Shane McGrath, Colm Cooper, Cora Staunton, Peter Canavan agus Brendan Devenney.
Cuirfear tús le tráchtaireacht Ghaeilge ar chraobhchomórtas peile, iománaíochta agus camógaíochta na hÉireann i mí na Bealtaine, agus craolfar cluichí gach deireadh seachtaine go dtí mí Lúnasa, lena n-áirítear clúdach iomlán lá na gcluichí, láithreoireacht agus anailís i nGaeilge Lá Chluichí Ceannais Iománaíochta agus Peile na hÉireann.
In éineacht leis na tráchtairí Garry Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta, cuirfidh Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury agus go leor iar-imreoirí eile tráchtaireacht agus anailís ar fáil.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh tráchtaireacht bheo, anailís agus tuairisciú le cloisteáil ó chluichí na Gaeltachta, agus ó gach cearn den tír gach deireadh seachtaine ar Spórt an tSathairn, Spórt an Trathnóna agus Spórt an Lae.
Chomh maith leis an gclúdach líneach ar fad, a bheidh ar fáil ar RTÉ Player beo agus ar éileamh chomh maith le RTÉ GAA Championship Preview ar RTÉ Player, beidh rogha cláracha faisnéise CLG ar fáil ar éileamh freisin:
Camogie: Inside the Championship
Sunday Best: 40 Years Of The Sunday Game
Hell For Leather – The Story Of The GAA
The Game
Kevin Moran: Codebreaker
All Ireland Day
Marooned
Kilkenny v Tipperary: The Trilogy
The All-Stars at 50
New Gaels
A Summer in Blue
Anna Geary: Why Girls Quit Sport
Micko
Skin In The Game
Blues Sisters
Réiteoir
Punt: The Irish and The NFL
Páirc Life: Reality Bites
The Geansaí
When Michael Met Davy
Le Chéile
Ré Réabhlóide, CLG Agus Cogadh Na gCarad
Gaelic In The Joy
DJ Carey: The Dodger
Lean na cluichí ar fad ar láithreán gréasáin Spórt RTÉ agus ar aip RTÉ News lenár mblaganna beo, ár dtuairiscí ar chluichí agus ár dtuairimí a fháil. Ar chaill tú aon chuid den aicsean? Féach siar ar bhuaicphointí na gcluichí ar leathanach YouTube RTÉ, RTÉ.ie agus ar aip RTÉ News. Beidh gné-ailt, agallaimh agus an nuacht is déanaí ar fad chomh maith le saintuairimí ó cholúnaithe Lee Keegan, Enda McGinley agus Shane McGrath. Cuirfidh Cathal Mullaney agus aíonna anailís shaineolach lár na seachtaine ar fáil ar RTÉ GAA Podcast. Lean The Sunday Game agus RTÉ Sport ar na meáin shóisialta do na buaicphointí, an anailís agus an díospóireacht is fearr.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: ‘Agus an dúil ag dul i méid i ngach cód, táimid ar bís don chéad chraobhchomórtas corraitheach eile. Ag leibhéal na gcúigí agus ag an leibhéal náisiúnta araon, is í an chraobh an léiriú is cirte ar dhul chun cinn foirne agus is í is mó a tharraingíonn aird na n-imreoirí agus an lucht tacaíochta araon. Is deacair an chraobh a bhualadh agus tá áthas ar RTÉ a bheith ina croílár, ó chaitear isteach an liathróid sa chéad chluiche go dtí céimeanna Ardán Uí Ógáin ag Cluiche Ceannais na hÉireann.’