Tá sé in am dul amach faoin aer: Tá Tracks & Trails ar ais
Tá Doireann Ní Ghlacáin ar ais i mbun na láithreoireachta, agus craolfar an chéad chlár Dé hAoine ag 8.30pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Beidh Tracks & Trails, an tsraith siúlóidí is breá le daoine ag filleadh an t-earrach seo don 13ú séasúr, agus craolfar an chéad chlár an Aoine beag seo, an 10 Aibreán, ag 8.30pm. Tá an láithreoir, an ceoltóir agus an podchraoltóir Doireann Ní Ghlacáin ar ais leis an spotsolas a chur ar chosáin na hÉireann nach bhfuil a sárú le fáil, in éineacht leis an scoth de phearsantachtaí Éireannacha. Tabharfaidh an tsraith seo, atá ina cúig chuid, an lucht féachana ar thuras trí chontaetha Lú, Ros Comáin, an Longfoirt, Aontroma, Chill Dara, agus Bhaile Átha Cliath, agus nascfar radhairc tíre a bhainfeadh an anáil díot le comhráite fíor-spéisiúla faoi chúrsaí oidhreachta agus staire agus faoin gceangal pearsanta sin atá againn leis an talamh.
Ó sheandálaithe a nochtann stair atá ligthe i ndearmad go ceoltóirí a fhaigheann inspioráid in áiteanna fiáine, cuirfidh Tracks & Trails gach tírdhreach i láthair trí ghuthanna a thugann ciall as an nua do na cosáin siúlóide ar leith seo ar oileán na hÉireann. Cuirfidh an tsraith seo an lucht féachana ar a shuaimhneas le hiad a ullmhú don earrach agus muid ar bís ag feitheamh ar thús an tsamhraidh.

Áirítear ar aíonna na sraithe seo: Anton Savage, craoltóir agus iriseoir, a shiúlfaidh tírdhreacha drámata Lú ó Fhoraois Ghleann na bhFiach chomh fada le Ó Méith Paul Gosling, seandálaí, a thabharfaidh oidhreacht ársa Bhearna Mhéabha i Lú chun solais Myles Dungan, staraí agus craoltóir, a shiúlfaidh Slí Náisiúnta an Ghorta Mhóir ó Theach Bhéal na mBuillí go suíomh ársa ríoga Ráth Cruachan i Ros Comáin Sinéad Hussey, craoltóir, a rachaidh sa tóir ar sheoda atá i bhfolach sa Longfort feadh an ghlasbhealaigh ag Cluain Dá Ráth chomh fada le hIonad Chonair na Coirre Léithe Holly Hamilton, craoltóir, a thabharfaidh a haghaidh ar Bhinn Uamha i mBéal Feirste Frances Black, amhránaí agus seanadóir, a fhéachfaidh le háilleacht fhiáin Reachlainn a chur os ár gcomhair Jack L (Jack Lukeman), ceoltóir, a rachaidh ar thuras trí Ghormbhealach
Bhearrúin Chill Dara ó Bhaile Átha Í go Baile an Bhiocáire Celine Byrne, soprán, a bheidh ag siúl ar a suaimhneas feadh na Canálach Móire ó Mhainistir Eimhín go Baile an Riobardaigh i gCill Dara Luke O’Neill, eolaí agus údar, a shiúlfaidh an t-imeallbhord ó Chuan Dhún Laoghaire go hOileán Dheilginse Maia Dunphy, craoltóir agus scríbhneoir, a thrasnóidh Sléibhte Bhaile Átha Cliath ó Choill Thigh Bródáin go Gleann Cuilinn Cuirfear meascán de leideanna praiticiúla ar fáil faoi shiúlóidí agus fánaíocht ar fud an oileáin, chomh maith le heolas ar stair, ceol agus miotaseolaíocht na hÉireann, mar sin tá sé thar a bheith oiriúnach Tracks & Trails a chraoladh i mí Aibreáin dóibh siúd a dteastaíonn uathu tabhairt faoi eachtraí nua.
-CRÍOCH-