Príomh-Oifigeach Airgeadais nua ceaptha ag RTÉ
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu gur ceapadh Annemarie Britz i bpost an Phríomh-Oifigigh Airgeadais in RTÉ, i ndiaidh comórtas poiblí.
Tá Annemarie Britz ina Stiúrthóir Airgeadais agus Feidhmíochta Gnó i mBanc Ceannais na hÉireann i láthair na huaire.
Glacfaidh Annemarie leis an ról i bhfómhar na bliana 2026.
Thosaigh Annemarie ag obair le Banc Ceannais na hÉireann sa bhliain 2019 mar Cheannasaí ar an Rannán Rialaithe Airgeadais, post a bhí aici go dtí 2024 nuair a ceapadh í ina ról reatha. Sular thosaigh sí i mbun oibre le Banc Ceannais na hÉireann, chaith Annemarie formhór a gairme ag obair san earnáil phríobháideach san Afraic Theas, áit a raibh roinnt postanna aici mar Phríomh-Oifigeach Airgeadais (CFO). Chuaigh sí isteach i mBanc Cúlchiste na hAfraice Theas sa bhliain 2014, áit a raibh sí ina Leas-Phríomhoifigeach Airgeadais (2014 – 2016) agus ina Leas-Cheannasaí ar na Margaí Airgeadais (2016 – 2019).
Déanann Annemarie ionadaíocht ar Bhanc Ceannais na hÉireann ar Choiste Buiséid an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus is comhalta í dá líonra domhanda de Phríomhoifigigh Airgeadais Bainc Cheannais. D’oibrigh sí roimhe seo ar Choiste Cuntasaíochta agus Ioncaim Airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh (ECB). Tá céim Onóracha BCom i gCuntasaíocht agus Teastas i dTeoiric na Cuntasaíochta ag Annemarie ó Ollscoil Pretoria san Afraic Theas, agus is Cuntasóir Cairte cáilithe í.
Maidir le ceapachán Annemarie Britz, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Tá mé an-sásta le fógra an lae inniu faoi cheapachán Annemarie Britz mar Phríomhoifigeach Airgeadais nua RTÉ i ndiaidh próiseas dian roghnúcháin. Tugann Annemarie neart taithí léi don ról a bheidh ina bhuntáiste mór agam féin agus ag Foireann Ceannaireachta RTÉ agus muid ag leanúint den chlaochlú atá riachtanach in RTÉ a chur i bhfeidhm agus de chinntiú go mbeidh an eagraíocht ar chonair inbhuanaithe airgeadais i gcónaí. “Táim ag tnúth le fáilte a chur roimpi san eagraíocht in am trátha.”
Dúirt Annemarie Britz: “Is pribhléid dom tosú i mbun oibre in RTÉ ag an tráth an-tábhachtach seo. “Creidim go daingean i misean RTÉ chun freastal ar an bpobal agus léiriú a thabhairt ar gach gné den saol in Éirinn — agus táim ag tnúth le mo chuid féin a dhéanamh in eagraíocht ina bhfuil an oiread sin daoine tiomanta don mhisean sin a chomhlíonadh gach uile lá.”
Fógrófar socrú eatramhach sula n-imeoidh an Príomhoifigeach Airgeadais reatha, Mari Hurley.
CRÍOCH
Neil O’Gorman | Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ