‘The Signal’ – gearrscannán 60 soicind a coimisiúnaíodh go speisialta – á nochtadh ag RTÉ chun 100 bliain de chraoltóireacht phoiblí in Éirinn a cheiliúradh
RTÉ 100 – Sonraí Breise a Fógraíodh
De Céadaoin an 15 Aibreán 2026: Tá RTÉ i mbun gearrscannán nua 60 soicind, ‘The Signal’, a sheoladh inniu mar chuid dá fheachtas chun 100 bliain de mheáin seirbhíse poiblí in Éirinn a chomóradh i gcaitheamh na bliana 2026.
Sa bhliain 1926, d’imigh comhartha raidió ó tharchuradóir 2RN den chéad uair riamh. Ba é 2RN réamhtheachtaí RTÉ. Tríd an tarchuradóir seo, tugadh guthanna isteach i dtithe ar fud na tíre, rud a giorraigh achair agus mhúnlaigh scéal náisiúnta comhroinnte. Sna blianta fada ina dhiaidh sin, thaistil an comhartha sin trí am agus teicneolaíocht, ag oiriúnú de réir mar a d’athraigh na bealaí ina n-éistimid leis na meáin agus ina mbreathnaímid orthu. Ach tríd ar fad, thug sé léiriú ar cé muid féin agus thug sé an náisiún le chéile.
Is iad foirne Seirbhísí Cruthaitheachta agus Margaíochta/Branda Inmhéanacha RTÉ‑a bhí i mbun ‘The Signal’ a fhorbairt agus is é Piranha Bar i mBaile Átha Cliath a bhí i mbun a léirithe i ndiaidh próisis tairisceana phoiblí; sa ghearrscannán seo, tugtar beocht do thuras an chéad chomhartha sin, ón chéad chnagarnach den raidió trí athruithe, nascadh agus comh-mhuintearas a mhair céad bliain. Is meascán suaithinseach de bheo-aicsean agus beochan atá sa scannán, agus tá guth an aisteora Éireannaigh Ruth Codd le cloisteáil ann, le dearadh fuaime ó Folding Waves.
Déanfar ‘The Signal’ a scaipeadh ar fud seirbhísí físe agus digiteacha RTÉ i gcaitheamh na bliana 2026, agus spreagfar réimse nua d’aitheantais RTÉ 100 do RTÉ One. Beidh an gearrscannán seo mar chuid de réimse craoltaí speisialta, ábhar, léirithe agus imeachtaí atá mar chuid de chlár RTÉ 100. Tagann sé seo sna sála ar chomharthaíocht ghrafach agus fuaime RTÉ 100 a tugudh isteach ar fud seirbhísí físe agus fuaime RTÉ i mí Eanáir.
Tagann seoladh ‘The Signal’ tráth a bhfuil RTÉ ag nochtadh tuilleadh sonraí faoi chláir, coimisiúin agus imeachtaí atá beartaithe chun 100 bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn a chomóradh.
RTÉ 100 – NUASHONRUITHE
>>> Imeachtaí Speisialta de chuid Cheolfhoireann Choirme RTÉ
Cuirfidh Ceolfhoireann Choirme RTÉ sraith taibhithe speisialta i láthair ar fud na tíre os comhair lucht féachana beo agus beidh siad beo freisin ar RTÉ Radio 1 agus ar RTÉ lyric fm. Fógrófar an t-eolas ar fad i dtús na bliana 2026.
Dé Domhnaigh an 19 Aibreán: Coimisiún speisialta do New Music Dublin sa Cheoláras Náisiúnta
(Fanfare: Ó 2RN go RTÉ – Ag Ceiliúradh 100 Bliain)
Osclaíonn Ceolfhoireann Choirme RTÉ a ceolchoirm New Music Dublin 2026 in éineacht le Fanfare le Jane O’Leary: Ó 2RN go RTÉ – Ag Ceiliúradh 100 Bliain, coimisiún speisialta a cumadh chun RTÉ100 a cheiliúradh, lena gcomórtar céad bliain ón chéad tarchur raidió poiblí sa stát nuabhunaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfear an chéad taibhiú domhanda de Paradiso le Kevin O’Connell i láthair.
Déanfaidh RTÉ lyric fm é seo a chraoladh beo ar an stáisiún Dé Domhnaigh le heagrán speisialta de RTÉ lyric Live, mar chuid dár gclúdach ar New Music Dublin, le Paul Herriott ón 7.00pm.
Is é New Music Dublin atá i mbun an ócáid seo a chur i láthair le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus an Ceoláras Náisiúnta.
Deardaoin an 23ú Aibreán: Taibhiú le hAoife Ní Bhriain agus Cormac McCarthy san Helix, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Seinnfidh Ceolfhoireann Choirme RTÉ coimisiún speisialta, “Aistear” (100 bliain cheoil RTÉ), in éineacht le beirt de na ceoltóirí is sainiúla in Éirinn, Aoife Ní Bhriain agus Cormac McCarthy, mar chuid de chlár mealltach atá bunaithe ar oidhreacht cheoil chomhroinnte agus a chlaochlaítear trí lionsa comhaimseartha.
Déanfar an píosa seo a thaifeadadh sa stiúideo ar an 18 agus an 19 Bealtaine.
>>> Ar RTÉ Radio 1/ar Phodchraoltaí RTÉ
On Air: A Century of RTÉ Radio
On Air: A Century of RTÉ Radio – sraith raidió agus podchraoltaí deich gcuid, leathuair an ceann. Trí théamaí – lena n-áirítear Drámaíocht, Gaeilge, Ceol, Clocha Míle, Eisimirce agus Pobail Nua, Spórt, Fuaimeanna agus Guthanna, Creideamh agus Spioradáltacht, agus na hEalaíona – féachann On Air ar an méid agus an dóigh ar chuala muid fúinn féin ar RTÉ Radio thar céad bliain.
Déanfar an leabhar tionlacain atá faoi chlúdach crua, lándaite, maisithe go leitheadach, On Air: A Story of a Century of RTÉ Radio le Clíodhna Ní Anluain, a fhoilsiú in éineacht le New Island i mí Dheireadh Fómhair, le grianghraif agus cáipéisí ó Chartlann RTÉ agus ó fhoinsí eile, agus go leor acu á bhfoilsiú den chéad uair.
Spoken Stories ar RTÉ Radio 1
Coimisiúnaíonn Spoken Stories ar RTÉ Radio 1 bailiúcháin nua gearrscéalta ar théamaí éagsúla ó scríbhneoirí as áiteanna ar fud an oileáin, nó a bhfuil cónaí orthu sa tír, iad ar fad aitheanta as a gcion féin maidir le foirm an ghearrscéil a shaibhriú. Roghnaíodh an téama is déanaí, Sound, go speisialta d’fhonn go mbeadh sé ag teacht le RTÉ100. I measc na scríbhneoirí rannpháirteacha, tá Lucy Caldwell, Aingeala Flannery agus David Park.
Ar an Aoine an 24 Aibreán, beidh an chéad imeacht poiblí do lucht féachana RTÉ100 de Spoken Stories ar siúl: Beidh Sound ar siúl sa Triskel, Corcaigh, mar chuid de chlár oifigiúil Fhéile Leabhar Domhanda Chorcaí 2026 agus beidh na scríbhneoirí Cathy Sweeney agus Danielle McLaughlin i mbun comhrá le Clíodhna Ní Anluain ó RTÉ.
Craoltaí Allamuigh agus Taispeántas Soghluaiste de chuid The Rolling Wave
Beidh The Rolling Wave agus Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) ag obair le chéile ar dhá thionscadal chun RTÉ Radio 100 a chomóradh. Taispeántas fuaime a bheidh sa chéad tionscadal a chuirfear ar siúl i líon ionad éagsúil ar fud na tíre ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh. Sa taispeántas seo, chuirfear ábhar ó Chartlann Raidió RTÉ os comhair an phobail mar aon le hábhar nua ó ealaíontóirí comhaimseartha a thaifeadadh ar an láthair.
Ina theannta sin, rachaidh Turas Ceolchoirme bliantúil ‘Drawing from the Well’ de chuid ITMA i gcomhpháirtíocht le The Rolling Wave/RTÉ100 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nguth aonair sa cheol Gaelach. Beidh ceoltóirí traidisiúnta mór le rá Seán McKeon (píb uilleann), Jesse Smith (fidil) agus Libby McCrohan (basúcaí) agus aíonna áitiúla i mbun ceol a chasadh a spreagadh ó ábhar a tógadh ó Chartlann RTÉ agus ITMA. Beidh plé painéil ar bun mar chuid den cheolchoirm chun plé a dhéanamh ar an gceoltóir aonair sa cheol Gaelach, faoi chathaoirleacht an chraoltóra RTÉ Aoife Nic Cormaic agus Stiúrthóir Forbartha Cruthaithí ITMA, Seán Potts. Beidh sleachta ón gCartlann san áireamh sa phlé, agus iad roghnaithe ag na healaíontóirí atá i mbun taibhithe. Beidh an turas seo ag dul ar chamchuairt ar ionaid ar fud na tíre i mí na Samhna 2026.
>>> Coimisiúin de chuid RTÉ lyric fm
Coimisiún Ceolfhoirne
Tá RTÉ lyric fm i ndiaidh coimisiún a thabhairt don chumadóir Michael Gallen, buaiteoir Ghradam Ceoldráma FEDORA 2025 (an gradam is mó ar domhan do cheoldráma nua), chun 100 bliain de Radio Éireann a chomóradh le píosa nua ceolfhoirne. Leis an saothar seo, léireofar an ról lárnach a bhí ag raidió RTÉ i saol na hÉireann le céad bliain anuas agus an dóigh a gcuireann RTÉ guth ar fáil do mhuintir na hÉireann.
Cuirfear in iúl sa saothar an éagsúlacht shaibhir i saol na hÉireann a craoladh ar raidió RTÉ le 100 bliain anuas, agus léireofar an tábhacht stairiúil, an tionchar soch-chultúrtha, agus an ghné athraitheach a bhaineann le craoltaí seirbhíse poiblí RTÉ — ó laethanta tosaigh na craoltóireachta ceannródaíche in Éirinn sna 1920í go craoltóireacht ar ardáin dhigiteacha sa lá atá inniu ann. Suite i ndomhan fuaime aitheanta, spreagfar leis an saothar seo cuimhní ar amanna atá thart, agus ag an am céanna, caithfear súil i dtreo na todhchaí le dóchas, agus le béim a leagan ar ábharthacht leanúnach RTÉ agus ar an tábhacht a bhaineann leis i sochaí na hÉireann.
Coimisiún Cóir agus Ceolfhoirne
Tá coimisiún tugtha ag RTÉ lyric fm don chumadóir Laura Sheils chun saothar cóir a scríobh le téacs bunaidh a chuirfear le ceol. Is í Doireann Ní Ghríofa a scríobh an téacs ina ndéantar machnamh ar mhná na hÉireann agus ar an tionchar a bhí ag na meáin ar ghuthanna na mban le 100 bliain anuas, trí ghuth a thabhairt dóibh, mná a nascadh lena chéile agus pobail ban a nascadh ar fud na tíre. Díreoidh an saothar ar chumhacht an raidió, agus na meán digiteach agus ar líne sa lá atá inniu ann, chun daoine a thabhairt le chéile agus guth a thabhairt dóibh.
>>> Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ón 30 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCill Charthaigh, Contae Dhún na nGall, i rith dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh, agus beidh 30 uair an chloig d’ábhar á chraoladh beo ar an aer ó mhaidin Dé hAoine go tráthnóna Dé Luain.
Cloisfear sraith craoltaí speisialta beo ó roinnt de na féilte ceoil traidisiúnta is mó tóir orthu in Éirinn an samhradh seo, lena n-áirítear Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir, agus Scoil Samhraidh Acla in Acaill i mí Iúil, chomh maith le Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste i mí Lúnasa.
Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí, ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain, le breis agus 20 uair an chloig de chraoltaí beo ón bhféile á gcraoladh i rith na seachtaine.
Beidh RTÉ agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile ar shraith imeachtaí speisialta beo chun RTÉ 100 agus 75 Bliain ag Fás – an 75ú comóradh ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann in 2026 – a chomóradh.
>>> Ar WWW.RTE.IE/100
Ag tarraingt ar an acmhainn shaibhir atá i gCartlann RTÉ, leanann RTÉ de spás ar líne tiomnaithe a choimeád – www.rte.ie/100– ina bhfoilsítear réimse ábhair agus gearrthóga (fuaime agus físe) a craoladh le linn stair RTÉ, ó imeachtaí polaitíochta go himeachtaí spóirt, agus ó scéalta daonna go buaicphointí cultúrtha, chomh maith le rogha craoltaí teilifíse agus eile.
Chomh maith leis sin, óstálann an suíomh dhá shliotán sheachtainiúla, On This Week agus RTÉ Guide Flashback:
Ar On This Week, cuirtear meascán ilghnéitheach d’ábhar cartlainne RTÉ i láthair, a craoladh i rith na seachtaine céanna le linn stair RTÉ, ina gclúdaítear gach rud idir imeachtaí nuachta agus cúrsaí saoil chomh maith leis na healaíona, siamsaíocht agus spórt.
Ar RTÉ Guide Flashback, tugtar léargas seachtainiúil ar thrí scór bliain d’ábhar cartlainne den RTÉ Guide, chun scéalta a roinnt ina dtugtar léiriú ar sprid an tsaoil mar a bhí san am atá thart atá tagtha chun cinn an tseachtain seo, agus chun sleachta agus íomhánna ó na hailt sin a roinnt. I measc na scéalta a foilsíodh go dtí seo, clúdaítear gach aon rud, ó phróifíl de Gerry Ryan ag buaic a shaoil agus ómós do Jack Charlton, go dráma stairiúil a bhí beagnach dearmadta le James Plunkett agus dráma ceannródaíoch faoi SEIF.
>>> Agus tá tuilleadh lena chois sin
Do Sheachtain na hOidhreachta, ón 15–23 Lúnasa 2026, agus do Open House, ón 10–18 Deireadh Fómhair 2026, cuirfidh RTÉ 100 turais/cainteanna léirithe ar fáil ar Champas RTÉ i nDomhnach Broc, agus beifear in ann iad a chur in áirithe mar chuid dá gcláir oifigiúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féachwww.rte.ie/100 agus lean RTÉ ar Instagram, Facebook, TikTok, X agus LinkedIn, trí úsáid a bhaint as #RTÉ100.
CRÍOCH