RTÉ Investigates – Laistigh de Chóras Cúraim na hÉireann
- Cuireadh teistiméireachtaí bréige ar fáil don fhoireann i dtithe cúraim neamhrialaithe do leanaí
- Fuair Kare Plus Bhaile Átha Cliath Theas €47 milliún do sheirbhísí SEA le trí bliana anuas
- Is €14,400 in aghaidh an linbh, an meánchostas in aghaidh na seachtaine i Socrúcháin Éigeandála Speisialta
- Faigheann clár faisnéise cumhachtach nua eolas go díreach ó na leanaí atá tar éis dul tríd an gcóras cúraim a deir go gcaithfear an scéal seo a insint
Cuireadh teistiméireachtaí bréige ar fáil don fhoireann i dtithe cúraim neamhrialaithe do leanaí, de réir tuarascáil inmheánach a ullmhaíodh don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla. Taispeánfar sin sa gclár faisnéise RTÉ Investigates, Inside the Care System, a bheidh le craoladh anocht ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Is annamh a chloiseann an pobal ó dhaoine óga a raibh taithí acu ar an gcóras cúraim atá faoi bhrú agus atá ag dul i méid, ó easpa foirne go cáineadh ó na breithiúna, rud atá ag éirí níos measa mar gheall ar chliseadh an chórais na hoibleagáidí dlí atá air, sé sin leanaí atá i gcúram a chosaint, a chomhlíonadh.
Tá fianaise ar na teistiméireachtaí bréige sna ríomhphoist a d’aimsigh RTÉ Investigates idir Tusla agus an soláthróir is mó tithe cúraim do Shocrúcháin Éigeandála Speisialta, Baig & Mirza Health Services Ltd, atá ag trádáil mar Kare Plus Dublin South. Is comhlacht ar leith ó Kare Plus Ireland é, agus tá sé ag trádáil faoi chomhaontú saincheadúnais.
Níl aon rialú á dhéanamh ar na Socrúcháin Éigeandála Speisialta nó SEAanna agus is saoráidí atá i gceist leo nach bhfuil cláraithe agus atá á reáchtáil go príobháideach agus is féidir leo feidhmiú ó árasáin ar cíos, ó óstáin agus ó B&Banna. Ní féidir le húdaráis rialála ar nós HIQA, cigireacht a dhéanamh orthu, ach tá maoiniú stáit á fháil acu ó bhuiséad Tusla.
Chuir Tusla tús le fiosrúcháin maidir leis na teistiméireachtaí bréige in Aibreán na bliana seo caite, de réir cóipeanna de ríomhphoist a fuair RTÉ Investigates faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
I mí na Bealtaine, fuair Tusla tuarascáil mhionsonraithe maidir leis na teistiméireachtaí bréige, dar teideal “Tuarascáil Inmheánach: Nochtadh agus Imscrúdú maidir le Caimiléireacht Fostaithe.” Thángthas ar an tátal sa tuarascáil gur bhain “caimiléireacht thromchúiseach fostaithe leis an gcás seo, a chuimsíonn claonpháirteachas, brionnúchán, mí-úsáid agus cur i gcontúirt eolais maidir le foireann an chomhlachta atá íogair agus rúnda”.
Is é Baig & Mirza Health Services Ltd, atá ag trádáil mar Kare Plus Dublin South, an soláthróir is mó tithe cúraim do Shocrúcháin Éigeandála Speisialta do leanaí, agus tá €47 milliún faighte acu as na seirbhísí sin le trí bliana anuas.
Ar an meán, tá Tusla ag íoc €14,400 an leanbh, in aghaidh na seachtaine ar na tithe seo atá á reáchtáil go príobháideach. Is beag comparáid atá idir an tsuim seo agus an liúntas seachtainiúil a thugtar do shocrúcháin altramaithe de €420 an leanbh, in aghaidh na seachtaine.
I gcás go mbriseann socrúcháin altramaithe síos nó i gcásanna ina gcuirtear leanbh i gcúram éigeandála, cuirtear roinnt leanaí i dtithe cúraim SEA. Deir saineolaithe gurb iad seo go minic na leanaí is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu, ach críochnaíonn roinnt acu suas i saoráidí cúraim nach oiriúnach ar chor ar bith dóibh sin.
Inseofar scéalta leanaí atá ina gcónaí i Socrúcháin Éigeandála Speisialta ar chlár RTÉ Investigates anocht.
Tógadh Aaron isteach faoi chúram nuair a bhí sé 9 mbliana d’aois. Dúirt Aaron gur aistríodh é idir 20 socrúchán cúraim difriúla, Socrúcháin Éigeandála Speisialta a bhí ina bhformhór a bhí ag feidhmiú as seomraí óstáin. “Bhí mé bliain iomlán i mo chónaí in óstáin, agus bia beagmhaitheasa a bhí á fháil agam,” a dúirt Aaron. “Bhí sé uaigneach agus bhí drochmhisneach orm, ag bogadh ó sheomra óstáin amháin go seomra óstáin eile. Táthar mo bhogadh ó áit go háit ar feadh mo shaoil”
D’fhág Aaron cúram gan fiú agus Teastas Sóisearach. Dúirt sé gur chomhairligh Tusla dó go bhféadfadh sé fanacht i mbrú ach ní raibh sé compordach faoin socrú sin, agus roghnaigh sé dul ó tholg go tolg. Chríochnaigh sé suas ina dhiaidh sin ag maireachtáil ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath agus chaith sé roinnt ama in aonad síciatrach.
Rinne daoine óga eile a cuireadh faoi agallamh ar RTÉ Investigates cur síos ar an gcóras cúraim mar chóras atá bun os cionn. Thug siad cuntas ar théama a bhí ag tarlú arís is arís eile ó thaobh a bheith á mbogadh thart laistigh den chóras cúraim, ó ionad cúraim amháin go hionad cúraim eile, gan aon chinnteacht ná sábháilteacht.
Deir Olivia gur mhothaigh sí ar nós bheartán Amazon.
Níl mórán rudaí pearsanta fanta ag Jess a bhaineann lena hóige, “Is beag cuimhne atá agam nó níl cuimhne ar bith agam ná maoin saolta, mar gheall gur bogadh thart chomh minic sin mé.”
Chuaigh duine óg eile a labhair le RTÉ Investigates trí 11 socrúchán dhifriúla le linn a cuid ama faoi chúram agus chaith sí blianta ag iarraidh a bheith ‘gan locht’ ionas go mbeadh seasmhacht de chineál éigin aici ina saol. “Is beagnach nach bhfuil sé cosúil lena bheith ag iarraidh tú féin a chur trasna mar leanbh gan locht ionas go bhféadfá fanacht san ionad sin, mar gheall nár theastaigh uait a bheith ag bogadh thart i gcónaí.”
“Tá na leanaí atá sna SEAnna á ligean síos ag an Stát,” a dúirt an t-iarBhreitheamh Dermot Simms, a bhí i gceannas ar na cúirteanna dlí teaghlaigh ar feadh blianta fada. Rinne sé iarracht aird a tharraingt ar an ngéarchéim seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana sa gcóras cúraim i litir a sheol sé chuig ceathrar Airí agus chuig trí ghníomhaireacht Stáit sula ndeachaigh sé ar scor in 2023.
Nuair a cuireadh ceist air faoi staid reatha an chórais cúraim atá faoi mhaoirseacht Tusla, tar éis dó a bheith ag breathnú ar phíosa scannánaíochta RTÉ, dúirt sé le clár na hoíche anocht gur in olcas a bhí cúrsaí imithe ina thuairim féin.
“Ba cheart go ndéanfadh eagraíochtaí Stáit nó na hairí rud éigin faoi – tá sé thar am aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo.”
Thug Tusla le fios i bhfreagra maidir leis na teistiméireachtaí bréige: “Chuir an soláthróir atá i gceist an Garda Síochána ar an eolas maidir leis an ábhar seo, agus is é an soláthróir is fearr a bheidh in ann ceisteanna faoin ábhar seo a fhreagairt.”
Creidtear go raibh stampa bréige a bhí á úsáid ag fostaí Kare Plus Dublin South d’oibrithe le soláthróir Socrúcháin Éigeandála Speisialta eile i gceist leis na teistiméireachtaí bréige. Is é a thuigeann RTÉ Investigates ná gur chuir Kare Plus Dublin South an fostaí ar fionraí.
Dúirt urlabhraí le Kare Plus Dublin South le RTÉ Investigates: “Deimhníonn Kare Plus Dublin South go bhfuiltear ag leanúint le himscrúdú an Garda Síochána sa gcás seo. Is iar-fhostaithe bradacha a chuir na teistiméireachtaí bréige seo ar fáil agus iad ag feidhmiú go hiomlán lasmuigh de scóip a gcuid fostaíochta d’uireasa eolas, cead, nó údarás Kare Plus Dublin South agus a gcuid stiúrthóirí. Chuir comhlacht iomlán agus neamhghaolmhar eile na doiciméid fhalsaithe faoi bhráid Tusla ina dhiaidh sin”
Is Caomhnóir Ad Litem í Freda McKittrick, gairmí atá ceaptha ag an gcúirt a dhéanann ionadaíocht ar ghuth an linbh i gcásanna cúraim. Dúirt sí le RTÉ Investigates gur cheart go n-osclódh scéalta na ndaoine óga i gclár faisnéise na hoíche anocht súile Tusla agus an Rialtais.
“Is clár deacair é le féachaint air, ach tá ríméad orm go bhfuil an scéal i mbéal an phobail anois,” a dúirt sí. “Ní mór an scéal seo a insint.”
Féach ar RTÉ Investigates: Inside the Care System anocht ag 9:35 ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Clár Faisnéise leis an Tuairisceoir Barry O’Kelly agus an Láithreoir/Léiritheoir Lydia Murphy.