Téigh thar tairseach isteach in árais chónaithe daoine mór le rá i gclár nua RTÉ á chur i láthair ag Dermot Bannon.
Téigh thar tairseach isteach in árais chónaithe daoine mór le rá i gclár nua RTÉ á chur i láthair ag Dermot Bannon. Beidh árais Joanne McNally, Vogue Williams agus Clodagh McKenna ina measc.
Craolfar X Dé Domhnaigh an 26 Aibreán agus an 3 Bealtaine ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Tabharfaidh an tAiltire Dermot Bannon spléachadh don lucht féachana ar árais chónaithe roinnt daoine mór le rá as Éirinn i seó nua de chuid RTÉ a bheidh le craoladh Dé Domhnaigh an 26 Aibreán agus Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
In Dermot Bannon’s Celebrity Super Spaces, caithfidh Dermot am i dtithe an dream mór seo le rá go bhfaighidh sé tuiscint ar an gcion mór atá acu ar a gcuid tithe, ar na scéalta pearsanta a bhain leis an obair athchóiriúcháin go léir agus ar aon síneadh a cuireadh leo.
Sa gcéad chlár, tabharfaidh Dermot a aghaidh ar Bhinn Éadair chun an taobh istigh de theach álainn Vogue Williams agus Spencer Matthews a fheiceáil sula ndéanfaidh sé a bhealach go dtí teach dochreidte an déantóra seodra, Chupi Sweetman.
Scaoilfidh Andrew Porter, réalta rugbaí na hÉireann, agus Don Mescal, léiritheoir ceoil, isteach Dermot freisin. Taispeánfaidh Andrew a theach, a bhfuil leagan amach simplí air, do Dermot atá faoi scáth shléibhte Chill Mhantáin chomh maith lena fhiontar gnó nua, giomnáisiam a dhear sé féin. Tabharfaidh Dermot cuairt ansin ar theach Don i gCo. an Chabháin ar séipéal é atá athchóirithe aige.
Agus ar deireadh déanfaidh Dermot a bhealach go dtí teach an dearthóra intí, Geri O’Toole, a thaispeánfaidh a teachín agus cróite athchóirithe, ón 19ú haois, dó. Inseoidh sí dó freisin faoin saol atá caite aici ag obair le daoine saibhre agus cáiliúla agus mar a fhéachann sí lena gcuid mianta a thabhairt chun fíre.
Sa dara clár, tabharfaidh Dermot a aghaidh anonn chuig áras ildaite iontach na mná grinn, Joanne McNally thall in Clapham i Londain. As sin tabharfaidh Dermot a aghaidh ar Sadler’s
Wells East, a dhear O’Donnel + Tuomey agus ar cuid é de cheantar cultúir an East Bank i Londain. Is foirgneamh cathartha é atá múnlaithe trí dhíriú ar riachtanais damhsóirí.
Tabharfaidh Camille O’Sullivan, ceoltóir agus amhránaí, agus Aidan Gillen, aisteoir, Dermot isteach ina dteach go bhfeicfidh sé an obair mhór atá déanta acu air le naoi mbliana agus an t-údar ar bhuaigh an teach Gradam Rogha na nDaoine an RIAI le gairid. Tá an foirgneamh cosanta seo ó na 1940í, a bhí i mbaol titim as a chéile, tugtha ar ais chun beatha ag an mbeirt anois don teaghlach. Tabharfaidh Rory O’Neill spléachadh do Dermot ar sheomra gléasta na draig-ríona Panti Bliss, ar taisce iontach é de couture shaol na ndraig-ríonacha.
Is é teach Clodagh McKenna an teach deiridh ar chamchuairt Dermot. Tá an cócaire mór le rá ina cónaí i dteachín 300 bliain d’aois in Broadspear i Sasana áit a mbíonn sí i mbun fheirm inbhuanaithe 100 acra ar thailte Highclere Castle in Hampshire in éineacht lena fear céile Harry.
Craolfar Dermot Bannon’s Celebrity Super Spaces Dé Domhnaigh an 26 Aibreán agus an 3 Bealtaine ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.