TÚS ÁITE DON DRÁMAÍOCHT AMAITÉIREACH LE SEOLADH FHÉILE DRÁMAÍOCHTA UILE-ÉIREANN RTÉ 2026 IN AMHARCLANN NA MAINISTREACH
Ar chlár na féile beidh drámaíocht den scoth, féile imeallach lán le himeachtaí agus searmanas na ngradam a bheidh á shruthú beo ar www.rte.ie
Reáchtálfar Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ 2026, faoi choimirce Chomhairle Drámaíochta Amaitéaraí na hÉireann (ADCI), ón 30 Aibreán go dtí an 8 Bealtaine in Amharclann Dean Crowe i mBaile Átha Luain.
I measc na naoi ngrúpa drámaíochta sa bhabhta ceannais tá ceithre ghrúpa as Co. Loch Garman, an líon is mó riamh. Tá na drámaí a bheidh á ndéanamh ag na hiomaitheoirí fadréimseach agus beidh roinnt drámaí amaitéaracha ina measc á dtaispeáint den chéad uair – ‘Ballyturk’ le Enda Walsh, ‘Wit’ le Margaret Edson agus ‘Things I Know to Be True’ le Andrew Bovell. Beidh drámaí clasaiceacha san áireamh freisin ar nós ‘Sive’ le John B. Keane agus dhá léiriúchán den dráma ‘Da’ le Hugh Leonard, a bheidh céad bliain in 2026.
Don dara bliain as a chéile, beidh Searmanas Gradam Fhéile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ á shruthú beo ar www.rte.ie/culture ag 9pm Dé Sathairn an 9 Bealtaine. Beidh gradaim i gcomhair éachtaí ar stáitse agus den stáitse araon, amhail an tAisteoir is Fearr, an Banaisteoir is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Dearadh Stáitse is Fearr, agus beidh iomaíocht mhór ann do Bhuanchorn agus Gradam Amharclann na Mainistreach.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, ag seoladh Fhéile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ na bliana seo in Amharclann na Mainistreach: ‘Agus RTÉ ag comóradh 100 bliain de na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn i mbliana, is ábhar mórtais do RTÉ leanúint dá thacaíocht d’Fhéile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ, féile náisiúnta drámaíochta amaitéaraigh ar ceiliúradh iontach í ar chruthaitheacht agus ar phobail ar fud na hÉireann. Tá an paisean a spreagann Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ i measc an oiread sin grúpaí drámaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar a bpobal go bródúil agus iad san iomaíocht le haghaidh naoi n-áit sa bhabhta ceannais i mBaile Átha Luain ar cheann de na cúiseanna a bhfuil ríméad orainn páirt a ghlacadh san ócáid iontach seo.
Comhghairdeas leis na naoi ngrúpa drámaíochta a bheidh ar stáitse sa bhabhta ceannais le linn fhéile na bliana seo. Is mór an t-éacht é a bheith páirteach i mbabhtaí réigiúnacha fud fad na tíre agus teacht chomh fada seo, go háirithe leis an gcaighdeán ard a mbítear ag súil leis na laethanta seo ó ghrúpaí drámaíochta amaitéireacha ardchumasacha ar fud na hÉireann.
Cuireann an Fhéile Drámaíochta Uile-Éireann ar chumas pobail áitiúla ar fud na tíre borradh a chur faoin gcruthaitheacht agus is mór an onóir do RTÉ leanúint de bheith ag obair leis an bhféile chun tallann aisteoireachta a chothú, cumhacht na drámaíochta a chur chun cinn, agus an ócáid thábhachtach seo a thaispeáint do lucht féachana agus éisteachta, ní hamháin tríd an sruthú beo atá ar fáil do lucht féachana ar fud na háite, ach ar RTÉ lyric fm, RTÉ Radio 1, RTÉ.ie agus ár gcainéil meán sóisialta chomh maith.’
Ag an seoladh in Amharclann na Mainistreach inniu, dúirt Stiúrthóir na Féile, Michael McGlone, agus é ag cur tús leis na himeachtaí: ‘Tá Drámaíocht Amaitéireach go smior i ngach pobal, baile agus cathair ar fud na tíre seo. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den chumhacht a bhaineann le bheith i ngrúpa drámaíochta. Is cuma cén aois tú nó cé na scileanna atá agat, beidh áit agat i gcónaí ar stáitse nó taobh thiar den stáitse.’
Lean sé ar aghaidh ag tabhairt aitheantais don tábhacht a bhaineann le tacaíocht leanúnach ón gcraoltóir náisiúnta agus ón amharclann náisiúnta, agus ghlac sé buíochas le Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, le Mark O’Brien agus Caitríona McLoughlin, comhstiúrthóirí Amharclann na Mainistreach, agus le Cathaoirleach Chomhairle Drámaíochta Amaitéaraí na hÉireann, John Keane.
Mar fhocal scoir, is éard a dúirt sé: “Bhí mé an-tógtha leis na féilte a d’fhreastail mé orthu i mbliana agus le caighdeán na léiriúchán ar stáitse, chomh maith leis an dúthracht agus díograis a bhí ag gach duine agus iad ag iarraidh a bheith sa bhabhta ceannais i mBaile Átha Luain.
Anois tá sé in am acu a bheith ar stáitse mór le rá Amharclann Dean Crowe – dream a bhfuil go leor gradam buaite acu, na fíormháistrí ar a gceird. Ach tá an taispeántas is mó romhainn fós.
Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ, an dúshlán is mó, áit a dtabharfaidh scoth na n-aisteoirí aghaidh ar a chéile ar an stáitse os comhair an mholtóra mór le rá, Padraic McIntyre.”
Dúirt Comhstiúrthóirí Amharclann na Mainistreach, Stiúrthóir Ealaíne Caitríona McLoughlin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Mark O’Brien: ‘Léiríonn beocht agus brí na drámaíochta amaitéirí ar fud na hÉireann an tábhacht a bhaineann le scéalaíocht i gcultúr na hÉireann. Tá drámaíocht amaitéarach faoi bhláth ann féin, agus caidreamh siombóiseach á chothú le héiceachóras níos leithne na hamharclannaíochta. Tá a chuid fréamhacha agus a éiteas comhoibríochta inmhaíte. Cuirtear fuinneamh ann ón mbun aníos, bunaithe ar dhúthracht roinnte don cheird agus creideamh i gcumhacht an phobail mar bhonn taca leis: is iad na grúpaí amaitéireacha dramaíochta a thagann le chéile, an t-iomaíochas sláintiúil, an ceiliúradh ar an rath agus an mothú roinnte gur baineadh éacht amach na luachanna a theastaíonn uainn a fheiceáil sa tsochaí anois níos mó ná riamh. Gabhann Amharclann na Mainistreach buíochas ó chroí le gach duine atá tugtha don cheird agus a ghlacann páirt i ndrámaíocht amaitéarach ar fud na tíre. Táimid ar bís páirt a ghlacadh i bhFéile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ, agus tá ríméad orainn urraíocht a dhéanamh ar Ghradam Amharclann na Mainistreach agus cuireadh a thabhairt do ghrúpa amháin a ndráma thaispeáint ar Stáitse Peacock.”
Grúpaí an Bhabhta Ceannais
Tá naoi ngrúpa sa bhabhta ceannais agus is iad sin:
- Balally Players – ‘Heaven’ le Eugene O’Brien
- Grúpa Drámaíochta Loch Garman – ‘Someone who’ll watch over me’ le Frank McGuinness
- Grúpa Drámaíochta Chill Mhín – ‘Ballyturk’ le Enda Walsh
- Grúpa Drámaíochta Bhun Clóidí Chill Maisil – ‘Da’ le Hugh Leonard
- Ballycogley Players – ‘All my sons’ le Arthur Miller
- Dalkey Players – ‘Sive’ le John B. Keane
- Grúpa Drámaíochta Chois Bhríde – ‘Da’ le Hugh Leonard
- Grúpa Drámaíochta Dhroichead an Chaisleáin – ‘Things I know to be true’ le Andrew Bovell
- Cumann Drámaíochta Chora Finne – ‘Wit’ le Margaret Edson
Cé go bhfuil roinnt de na drámaí díolta amach, is féidir ticéid a chur in áirithe ar shuíomh gréasáin Dean Crowe ar http://www.deancrowetheatre.com/, ag oifig na dticéad, nó ar an bhfón ar (090) 6492129. Cead isteach €25 (Táille Áirithinte €2 san áireamh). Beifear ábalta Searmanas Gradam Fhéile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ a shruthú beo ar www.rte.ie/culture ag 9pm Dé Sathairn an 9 Bealtaine.
CRÍOCH