Tá RTÉ ag tacú le 32 Imeacht Ealaíon agus Cultúir ar fud na tíre in Éirinn i mí Bealtaine
Tá RTÉ ag leanúint de thacú le saol cruthaitheach na hÉireann i mí Bealtaine na bliana seo, ag tacú le réimse leathan féilte, taispeántas agus taibhithe sa cheol, san amharclannaíocht, sa litríocht, sna scannáin agus sna hamharc-ealaíona, agus taispeánfaidh RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona doimhne, éagsúlacht agus beocht na ngníomhaíochtaí cultúir a mheallann ealaíontóirí agus lucht spéise go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
I mí Bealtaine na bliana seo, taispeánfaidh Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath agus CISEACH | An Embodied Manifesto cleachtas damhsa comhaimseartha le damhsóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta mór le rá, le taispeántais ar bun i mBaile Átha Cliath mar aon le camchuairt náisiúnta. Is féidir le lucht spéise amharclannaíochta sult a bhaint as drámaíocht pholaitiúil agus chlasaiceach araon in The House Must Win, a bheidh ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, agus léiriúchán nua de An Ideal Husband le Oscar Wilde in Amharclann an Gheata, ina mbeidh léargas nua ar an saothar a bhfuil an-chion ag daoine air.
Tá fás leanúnach ag teacht ar fhéilte ceoil agus ar shraitheanna ceolchoirmeacha ar fud na tíre. Cuirfidh Blackwater Valley Opera Festival taibhithe ceoldrámaíochta agus ceadail den chéad scoth ar bun in ionaid stairiúla i bPort Láirge, agus déanfar ceiliúradh ar cheol ceolfhoirne agus ceol aireagail i bProm Samhraidh Luimnigh 2026, Féile Ceoil SCS Chill Dalua, Marble City Music Festival agus Féile Ceoil Aireagail Chill Mhantáin Thiar. Déanfar comóradh ar chlocha míle ag Féile Luathcheoil na Gaillimhe – Comóradh 30 Bliain agus Féile Snagcheoil Bhéal an Dá Chab 2026 – Eagrán 20 Bliain, ag tabhairt léargas ar thraidisiúin éagsúla cheoil na hÉireann. Tabharfar ardán náisiúnta do cheol gutha agus córúil i Séasúr an Earraigh/an tSamhraidh 2026 – Cór Aireagail na hÉireann, chomh maith le hardáin idirnáisiúnta mór le rá amhail Féile Idirnáisiúnta Cóir Chorcaí agus Limerick Sings International Choral Festival.
Tarraingeofar aird ar scannánaíocht agus ar chultúr amhairc ar réimse ardán atá suntasach go náisiúnta. Leanfaidh Féile Scannán Fastnet de thacú le scannánóirí fadbhunaithe agus scannánóirí atá ag teacht chun cinn in Iarthar Chorcaí, agus cuirfidh Duais Ghrianghrafadóireachta na hÉireann Taylor Wessing i Músaem Grianghrafadóireachta Éireann béim ar an tsármhaitheas i ngrianghrafadóireacht chomhaimseartha na hÉireann. I measc na mórthaispeántas beidh William Blake: The Age of Romantic Fantasy i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Our, Óir, Ore: Four Millennia of Limerick Silver and Gold in Iarsmalann Hunt, ag tabhairt léargas don lucht féachana ar oidhreacht ealaíne, liteartha agus ceardaíochta le cúpla céad bliain. Beidh ról ríthábhachtach ag an amharc-ealaín i dtionscnaimh a mbíonn tionchar sóisialta acu trí Mental Health Matters: National Poster Campaign agus Incognito Art Sale for Jack and Jill, a thacóidh le Fondúireacht Leanaí Jack and Jill trí ardán idirnáisiúnta ar líne.
Tá tírdhreach liteartha na hÉireann bríomhar agus ceangailte go hidirnáisiúnta i gcónaí. I mí na Bealtaine tabharfaidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2026 scríbhneoirí agus smaointeoirí ar fud an domhain le chéile sa phríomhchathair, agus leanfaidh Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail, atá ag comóradh 55 bliain, dá shaothar fadbhunaithe i saol liteartha na hÉireann. Beidh ról lárnach ag oidhreacht liteartha agus machnamh i nDeireadh Seachtaine Cuimhneacháin Heinrich Böll 2026 in Acaill, agus ar Lá Éigse Éireann beidh fáilte roimh rannpháirtíocht pobail ar fud na tíre le léamha, craoltaí agus ócáidí comhroinnte.
Tá ról ríthábhachtach i gcónaí ag féilte réigiúnacha agus féilte faoi stiúir an phobail in éiceachóras cultúir na hÉireann. Cuirfidh Féile Ealaíon Cheatharlach, Féile Ealaíon an Chabháin agus Culture Date with Dublin 8 cláir idirdhisciplíneacha ar fáil atá bunaithe ar rannpháirtíocht áitiúil, agus tabharfar ómós do thraidisiúin réigiúnacha cheoil trí chlár camchúirte náisiúnta in Ball Nights – A Celebration of West Kerry Music. Beidh Arts and Minds Festival 2026 á óstáil in Ollscoil Mhá Nuad ina bhfiosrófar trasnú na n-ealaíon, na meabhairshláinte agus na folláine, agus béim á cur ar ról na cruthaitheachta i bplé poiblí agus i naisc shóisialta.
Cinnteoidh tionscnaimh náisiúnta go mbeidh rochtain ag gach aois agus gach pobal ar eispéiris chultúir. Beidh Féile na Bealtaine ag ceiliúradh na cruthaitheachta agus muid ag éirí níos sine le himeachtaí ar fud na hÉireann, ina gcuirfear béim ar rannpháirtíocht ionchuimsitheach sna ealaíona.
Tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona tiomanta do thacú le healaíontóirí, lucht féachana agus éisteachta agus eagraíochtaí cultúir ar fud na tíre, chun cuidiú le cúrsaí ealaíon a scaipeadh chuig pobail níos leithne. Léiríonn clár leathan mhí na Bealtaine neart, samhlaíocht agus éagsúlacht earnáil chruthaitheach na hÉireann, agus is ábhar mórtais do RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona cuidiú leis na heispéiris chultúir seo a chur chun cinn ar fud na tíre.
I mí Bealtaine na bliana seo, tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag iarraidh ortsa tú féin a thumadh sa timpeallacht bhríomhar chultúir atá againn in Éirinn. Molaimid do gach duine freastal ar na himeachtaí cruthaitheacha atá ar fáil an mhí seo, iad a fhiosrú agus sult a bhaint astu. Tá tuilleadh eolais le fáil ar rte.ie/culture
Imeachtaí a bhfuil RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag tacú leo i mí Bealtaine:
Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath Baile Átha Cliath www.dublindancefestival.ie
Blackwater Valley Opera Festival Port Láirge https://blackwatervalleyopera.ie
Féile Scannán Fastnet Corcaigh www.fastnetfilmfestival.com
Duais Grianghrafadóireachta na
hÉireann Taylor Wessing Baile Átha Cliath https://photomuseumireland.ie
Ball Nights – A Celebration of West
Kerry Music Go náisiúnta www.cuasmusic.com
Incognito Art Sale for Jack and Jill Éire agus Idirnáisiúnta – Ar Líne https://jackandjillstore.ie/pages/incognito
The House Must Win Baile Átha Cliath agus Corcaigh https://www.paviliontheatre.ie
Séasúr an Earraigh/an tSamhraidh
2026 – Cór Aireagail na hÉireann Go náisiúnta www.chamberchoirireland.com
Séasúr an Earraigh/an tSamhraidh
2026 – Cór Aireagail na hÉireann Go náisiúnta www.chamberchoirireland.com
William Blake: The Age of
Romantic Fantasy Baile Átha Cliath www.nationalgallery.ie
Prom Samhraidh Luimnigh 2026 Luimneach www.uch.ie
Limerick Sings International Choral Festival Luimneach agus an Clár https://www.limericksings.com/
Arts and Minds Festival 2026 Cill Dara www.mu.ie/artsandmindsfestival
Féile Ealaíon an Chabháin An Cabhán www.cavanartsfestival.ie
Culture Date with Dublin 8 Baile Átha Cliath www.culturedatewithdublin8.ie
Féile Ealaíon an Chabháin –
Iarratas Nuashonraithe An Cabhán www.cavanartsfestival.ie
Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile
Átha Cliath 2026 Baile Átha Cliath http://ilfdublin.com
Féile Ceoil SCS Chill Dalua An Clár agus Tiobraid Árann www.killaloemusicfestival.com
Féile Luathcheol na Gaillimhe –
Comóradh 30 Bliain Gaillimh https://www.resurgam.ie
Féile Ealaíon Cheatharlach Ceatharlach https://www.carlowartsfestival.ie/
Marble City Music Festival Cill Chainnigh www.marblecitymusicfestival.com
Féile Ceoil Aireagail Chill Mhantáin
Thiar Cill Mhantáin www.westwicklowfestival.com
CISEACH | An Embodied Manifesto
– Turas Náisiúnta Go náisiúnta https://www.catherineyoungdance.com
Féile na Bealtaine Go náisiúnta www.bealtaine.ie
Lá Éigse Éireann Go náisiúnta https://www.poetryireland.ie/poetry-day/
Féile Snagcheoil Bhéal an Dá Chab
2026 – Eagrán 20 Bliain Corcaigh https://ballydehobjazzfestival.org/
Féile Idirnáisiúnta Cóir Chorcaí Corcaigh www.corkchoral.ie
Mental Health Matters: National
Poster Campaign Go náisiúnta https://www.mentalhealthmatters.ie/postercampaign
An Ideal Husband le Oscar Wilde Baile Átha Cliath https://gatetheatre.ie/production/an-ideal-husband-2026/
Deireadh Seachtaine
Cuimhneacháin Heinrich Böll 2026
in Acaill Acaill https://heinrichboellcottage.com/
Seachtain Scríbhneoirí Lios
Tuathail (comóradh 55 bliain) Ciarraí https://writersweek.ie/
Limerick Silver and Gold Luimneach https://www.huntmuseum.com/whats-on